Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil 2022 & Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2022-2023 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann

24 Bealtaine 2023 Preas Ráiteas

Strategic Plan Public Engagement

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2022 agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2022 - 2023 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (Déardaoin).

Agus é ag labhairt i ndiaidh a fhoilsithe, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: “Ag féachaint siar ar 2022, táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta againn chun ár sainordú a bhaint amach, i gcomhréir lenár straitéis nua, i mbliain a bhí an-dúshlánach.

“Bhí constaicí éagsúla ann, ina measc siúd bhí cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus mhuintir na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh, boilsciú ardaitheach, staid na margaí saothair agus slabhraí soláthair, agus iarmhairt chur chuige na Síne maidir le bainistiú na paindéime.

“Bhí turraingí boilscitheacha sa mhullach orainn le linn na bliana freisin a bhí á spreagadh go príomha ag an suaitheadh ar shlabhraí soláthair de bharr na paindéime agus ag an éileamh láidir a bhí ann nuair a baineadh na srianta, mar aon le méaduithe géara ar phraghsanna fuinnimh agus bia mar gheall ar iompar bagrach na Rúise.

“Agus muid ag déileáil le héiginnteacht den sórt seo, tá béim leagtha againn ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige réamhbhreathnaitheach sofhreagrúil chun a chinntiú go mbeidh muid in ann gluaiseacht go tapa nuair a thiocfaidh fadhbanna nua chun cinn, ag obair i gcomhar lenár gcomhghleacaithe idirnáisiúnta agus le páirtithe leasmhara eile.

“Sa Tuarascáil Bhliantúil & Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil seo, leagtar amach roinnt de na príomhrudaí a bhain an Banc Ceannais amach an bhliain seo caite, lena n-áirítear an tAthbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste, ár rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara a neartú trí chreat níos struchtúrtha, seoladh an athbhreithnithe ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, na himscrúduithe ar ghnólachtaí i ndáil le morgáistí rianúcháin a thabhairt chun críche, rialacha macrastuamachta nua a thabhairt isteach maidir le cistí réadmhaoine, an obair a bhí ar siúl againn chun athléimneacht gnólachtaí a neartú i leith rioscaí aeráide agus aistrithe, agus an ghluaiseacht i dtreo obair hibrideach agus seachadadh ár campais chomhtháite i gceantar na ndugaí.”

Mar fhocal scoir, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: “Is cuma cé na dúshláin atá romhainn, gníomhóidh an Banc Ceannais ar mhaithe le leas an phobail i gcónaí. Is é leas an phobail i gcoitinne gné lárnach d’obair an Bhainc Ceannais.”