Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil & Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2021 foilsithe ag an mBanc Ceannais

17 Meitheamh 2022 News Categories - Irish

Central Bank of Ireland

  • Bhí an éiginnteacht agus an t-athrú go mór i réim arís le linn na bliana 2021.
  • Tá Straitéis nua an Bhainc Ceannais ceaptha a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Banc Ceannais go mear le linn na héiginnteachta seo.
  • Tuairiscíodh brabús airgeadais €1.32 billiún do 2021. Íocfar ioncam barrachais €1.07 billiún leis an Státchiste.

D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann a Thuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2021 inniu. Tugann an tuarascáil forbhreathnú ar phríomhghníomhaíochtaí agus obair an Bhainc Ceannais chun cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint agus chun a chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.

Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála, dúirt an Gobharnóir, Gabriel Makhlouf: “Agus muid ag déileáil le héiginnteacht, ní mór d'eagraíochtaí amhail an Banc Ceannais a bheith ag breathnú chun cinn agus a bheith níos sofhreagrúla inár gcur chuige straitéiseach, chun a chinntiú go mbeidh muid in ann gluaiseacht go tapa nuair a thagann fadhbanna nua chun cinn, ag obair i gcomhar lenár gcomhghleacaithe idirnáisiúnta. Tá sé seo riachtanach chun go mbeimid ábalta ár misean a bhaint amach, is é sin freastal ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint, á chinntiú ag an am céanna go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.

“Tá ár Straitéis nua, a chlúdaíonn an tréimhse 2022-2026, deartha agus é sin san áireamh inti. Léiríonn na ceithre théama idirnasctha inár straitéis (dírithe ar an todhchaí, oscailte & rannpháirteach, bunathrú agus cosaint) athnuachan agus athshuíomh chun a chinntiú go mbeidh ár dtreo agus ár n-uaillmhianta sofhreagrach agus réamhbhreathnaitheach.

“Tugtar breac-chuntas sa Tuarascáil Bhliantúil ar go leor de na bearta a bhain an Banc Ceannais amach ina chuid oibre le linn 2021. Ba mhaith liom cúpla ceann sonrach a lua anseo, ina measc ár ndaoine a lean ar aghaidh ag obair ar an láthair agus go cianda in oibríochtaí criticiúla le tacaíocht leanúnach ónár gcomhghleacaithe sa Bhanc Ceannais chun é seo a éascú, an obair fhairsing a rinne ár bhfoireann um fhreagairt phaindéimeach, forbairt shamhail Future@Work, cur i bhfeidhm ár dtiomantais a bheith inár n-eagraíocht inbhuanaithe atá freagrach ón taobh sóisialta de, arna dheimhniú go neamhspleách, rannpháirtíocht leis an bpobal maidir lenár mbeartais amhail ár nAthbhreithniú ar Chreat na mBeart Morgáiste, ár n-obair leanúnach ar mhaoiniú margadh-bhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí féideartha leochaileachta airgeadais a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar athléimneacht i dtréimhsí struis amach anseo, agus ár bhfócas ar iompar, cultúr agus caitheamh le custaiméirí trínár gcuid oibre ar shaincheisteanna maidir le Praghsáil Dhifreálach agus Árachas Idirbhriseadh Gnó.

“Ár luachanna: treoraíonn ionracas agus cúram, misneach agus umhlaíocht, obair foirne agus barr feabhais muid tríd an éiginnteact agus an t-athrú seo, i bhfeidhmiú ár Straitéise agus i gcur i bhfeidhm ár Misin. Ar deireadh thiar, tá an Banc Ceannais tiomanta dá fhoireann. Thar ceann an Choimisiúin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a ndúthracht agus as a dtiomantas don obair a dhéanann siad ar mhaithe le leas an phobail.”