Nuacht

Tús curtha ag an mBanc Ceannais le comhairliúchán poiblí sa chéad chéim eile den athbhreithniú ar chreat na mbeart morgáiste

16 Nollaig 2021 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tugadh isteach bearta morgáiste an Bhainc Ceannais den chéad uair i mí Feabhra 2015 chun tacú le cleachtais iasachtóireachta inbhuanaithe i margadh morgáistí na hÉireann.
  • De bharr gur buanghné den mhargadh na bearta, tá sé mar chuspóir ag an athbhreithniú creata seo a chinntiú go leanfaidh na bearta de bheith oiriúnach don chuspóir amach sa todhchaí, le linn éabhlóid leanúnach an chórais airgeadais agus an gheilleagair go forleathan.
  • Tá an comhairliúchán ar siúl tar éis caidreamh fairsing leis an bpobal i rith an tsamhraidh, agus tá na dearcthaí ón gcaidreamh curtha i bhfeidhm ar an gcomhairliúchán.
  • Tá cuireadh tugtha do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt faoin gCéadaoin, an 16 Márta 2022.

Inniu (Nollaig 16), chuir an Banc Ceannais tús le comhairliúchán poiblí maidir leis an gcéad chéim eile den athbhreithniú leanúnach creata maidir leis na bearta morgáiste.

Tugadh isteach na bearta morgáiste in 2015 chun tacú le soláthar inbhuanaithe airgeadais morgáiste, le stóinseacht iasachtaithe agus iasachtóirí a neartú agus le cosaint a thabhairt i gcoinne an phriacail go dtiocfadh borradh tithíochta eile faoi sheol creidmheasa chun cinn. Mar chuid den athbhreithniú creata seo, tá breithniú á dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar an gcur chuige, ar an bhfoireann uirlisí agus an straitéis fhoriomlán maidir leis na bearta, chun a chinntiú go leanfaidh siad de bheith oiriúnach don chuspóir i bhfianaise na forbartha ar an gcóras airgeadais agus ar an ngeilleagar níos leithne.

Is ionann an comhairliúchán a seoladh inniu agus an dara céim den chaidreamh poiblí mar chuid den athbhreithniú. I rith an tsamhraidh, sheol an Banc Ceannais suirbhé ar líne mar aon le sraith ócáidí éisteachta, inar iarramar ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí faoi na bearta morgáiste, agus an taithí a bhí acu leo, a roinnt. Inniu, d’fhoilsigh an Banc Ceannais tuarascálacha achomair ar na hócáidí sin, arb iad na dearcthaí uathu a bhí mar bhonn eolais do na réimsí a chumhdaítear sa chomhairliúchán. Rinne an Banc Ceannais taighde shuntasach agus bhí caidreamh le saineolaithe seachtracha ina bhonn eolais don chomhairliúchán freisin.

Leis an gcomhairliúchán, tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt maidir le réimse ceisteanna sonracha a bhaineann le creat na mbeart morgáiste. Dúnfar an comhairliúchán ar an gCéadaoin, an 16 Márta 2022 agus is féidir féachaint air ag centralbank.ie/mmfr. Déanfaidh an Banc Ceannais an t-aiseolas a gheobhaidh sé ón bpáipéar comhairliúcháin a bhreithniú. Beidh an t-aiseolas sin, i dteannta taighde agus anailís bhreise de chuid an Bhainc Ceannais, mar bhonn eolais do na conclúidí críochnaitheacha maidir le dearadh an chreata. Déanfaidh an Banc Ceannais breithniú ansin ar na himpleachtaí do chalabrú agus do chur i ngníomh na mbeart morgáiste. Tá an t-athbhreithniú creata le cur i gcrích sa dara cuid de 2022.

Dúirt an Stiúrthóir Cobhsaíochta Airgeadais, Vasileios Madouros: “Is gné dhílis bhuan de chreat beartais macrastuamachta an Bhainc Ceannais iad na bearta morgáiste – agus leanfaidh siad de bheith amhlaidh. Ó tugadh isteach iad, tá ról ríthábhachtach acu chun stóinseacht iasachtaithe agus iasachtóirí araon a thógáil agus chun cosaint a thabhairt i gcoinne borradh tithíochta neamh-inbhuanaithe faoi sheol creidmheasa teacht chun cinn. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige, ar an bhfoireann uirlisí agus ar ár straitéis fhoriomlán, is mian linn a chinntiú go leanfaidh na bearta de bheith oiriúnach don chuspóir, ní amháin anois, ach amach sa todhchaí.

“Leis na hócáidí éisteachta agus caidrimh a thionólamar i rith an tsamhraidh, cuireadh léargas cuimsitheach ar fáil don Bhanc Ceannais ar thuairimí an phobail maidir le go leor gnéithe de na bearta morgáiste. I dteannta ár gcuid anailíse agus taighde féin, bhí an fhaisnéis a bailíodh trí na hócáidí éisteachta agus caidrimh mar bhonn leis an bpáipéar comhairliúcháin seo, ina dtugtar léargas ar smaointeoireacht reatha an Bhainc Ceannais maidir le creat na mbeart morgáiste.

“Ón tús, bhíomar soiléir go mbeadh an caidreamh le páirtithe leasmhara ina bhunghné den athbhreithniú. Bhí leibhéal an chaidrimh fíorthairbhiúil go dtí seo agus, de réir mar a théann muid ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den athbhreithniú, molaim do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar an gcomhairliúchán.”

Nótaí