Nuacht

United Cash Loan - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

05 Lúnasa 2025 Warning Notice

Warning

 

 Rabhadh Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
 Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe United Cash Loan 
 Suíomh gréasáin https://www.unitedcashloan.net/
 Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
 Uimhir/uimhreacha g(h)utháin a úsáidtear 

+ 353 83 813 1978

 

+353 83 859 0918

 

+ 353 83 406 1094

 

+353 83 451 6487

 

+44 20 8058 7036

 Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn.
 Faisnéis BhreiseIs sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht roimh ré sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.
Rinne an t-eintiteas calaoiseach clónáil ar shonraí áirithe de chuid gnólachta atá cláraithe ag an mBanc Ceannais agus údaraithe ag FCA d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir na heintitis dhlisteanacha seo atá údaraithe agus an t-eintiteas calaoiseach ‘United Cash Loan’.

Tuilleadh faisnéise 

Tá an t-eintiteas camscéime ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil camscéimeanna calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo a leanas:

Ben Loan Services

Easy Fundr

Loan Vendors

Moore Money Lenders

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.