Nuacht
Fire Financial Services Limited (CLÓN) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
29 Bealtaine 2026
Warning Notice

| Rabhadh: | Gnó Baincéireachta Neamhúdaraithe / Seirbhísí Íocaíochta Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Fire Financial Services Limited (CLÓN) |
| Seoladh Ríomhphoist a úsáidtear | • www.financeportfolio.net • www.fire.com.de • www.centralbank.ie.de • www.revenue.ie.de • www.department-of-finance.ie.de |
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | |
| Uimhreacha gutháin a úsáidtear | • +1 646 583 2475 • +353 1 4378512 • +353 1 224 6000 • +353 4 671 6561 • +49 160 249 76 46 • +353 12337826 |
| Údarú in Éirinn | Níl Fire Financial Services Limited (CLÓN) údaraithe chun gnó baincéireachta nó seirbhísí íocaíochta a sholáthar in Éirinn. Bhain an gnólacht neamhúdaraithe úsáid as ainm agus seoladh an ghnólachta dhlisteanaigh, agus as a uimhir údaraithe ó Bhanc Ceannais na hÉireann, d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Níl aon cheangal idir an gnólacht dlisteanach atá údaraithe ag an mBanc Ceannais, Fire Financial Services Limited (C58301), agus an t-eintiteas calaoiseach seo. |
| Faisnéis Bhreise | Is cosúil go bhfuil an Gnólacht Clóin seo i mbun scéim oidhreachta, agus doiciméid bhréige á n-úsáid aige, a líomhnaítear gur ó thríú páirtithe iad. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.