Nuacht
Youtong Loan Financial ((Clón)- Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
13 Meitheamh 2025
Warning Notice

Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Youtong Loan Financial (Clón) |
Suíomh gréasáin | https://youtongloanfinancial.com/ |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhir ghutháin a úsáidtear | +34 656 63 11 62 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Tá clónáil déanta ag an ngnólacht ar shonraí (seoladh, cóid swift, CBL agus uimhreacha aitheantais cánach) de chuid gnólachta atá údaraithe ag Banco de España (Banc Ceannais na Spáinne) agus tá sé ag ligean air gur Bankinter atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht dlisteanach agus an t-eintiteas sceamála seo. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013