Earraí agus seirbhísí a cheannach ar cairde gearrthéarma

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos.)

Athscríbhinn den fhíseán: "Céard a chiallaíonn sé domsa nuair a cheannaítear earraí agus seirbhísí ar cairde?

Ceannach ar cairde is ea nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhísí anois agus íocann tú astu ina n-iomláine níos déanaí nó íocann tú astu ina dtráthchodanna thar thréimhse ghearr. Tugadh “rud a cheannach ar cairde” go minic air seo.

I measc samplaí de sheirbhísí creidmheasa gearrthéarma, atá anois á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann, tá fruilcheannach, pleananna conartha pearsanta (PCPanna), fruiliú ag tomhaltóir, creidmheas ar an láthair agus ceannaigh anois agus íoc níos déanaí.

De ghnáth, déanfar an cineál íocaíochta seo a thairiscint duit nuair a bheidh tú ag siopadóireacht ar líne, nó trí fhógraí ar an láthair ina dtabharfar rogha duit an íocaíocht a dhéanamh ina hiomláine nó ina tráthchodanna. 

An gceannaíonn tú rudaí ar cairde gearrthéarma?

D’iarramar ar dhaoine den phobal an gceannaíonn siad earraí nó seirbhísí ar cairde gearrthéarma. Léiríonn a gcuid freagraí an tábhacht a bhaineann le hinacmhainneacht - is cuma an bhfuil siad ag íoc as anois nó níos déanaí.  

 
(Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil.) Léigh an athscríbhinn den fhíseán “An gceannaíonn tú rudaí ar cairde gearrthéarma?”

 

Le blianta beaga anuas, is mó ná riamh an tóir atá ag tomhaltóirí ar na cineálacha creidmheasa seo  chun earraí agus seirbhísí a cheannach, amhail carranna, troscán, earraí leictreacha agus earraí tomhaltais. Léiríonn ár gcuid taighde gur dócha go smaoineodh duine amháin as gach ceathrar ar an gcineál creidmheasa seo a úsáid. 

B’fhéidir go gceapfaidh tú gur modh éasca é chun íoc as earraí agus seirbhísí ach cuimhningh gur cineál creidmheasa é. Ba cheart duit a bheith ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith air, go háirithe má theipeann ort íocaíocht a dhéanamh. 

Feasachán Taighde ar Thomhaltóirí - Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí

Is ionann earraí agus seirbhísí a cheannach ar cairde agus iasacht a thógáil amach

Má tá tú ag cuimhneamh ar na cineálacha creidmheasa gearrthéarma seo a úsáid chun earra nó seirbhís a cheannach, tá sé tábhachtach a mheas cibé an bhfuil siad ceart do do chuid riachtanas.Mar shampla:

  • Sula mbeartaíonn tú rud éigin a cheannach ar cairde gearrthéarma, féach an mbeidh do bhuiséad in ann na aisíocaíochtaí go léir a chlúdach thar thréimhse na haisíocaíochta.
  • Is ionann nithe a cheannach ar cairde agus iasacht a thógáil amach fiú nuair nach bhfuil aon ús gearrtha ort. Beidh ort fós an creidmheas a fuair tú ar iasacht a íoc ar ais. Beidh ort measúnú ar chreidmheas a chur i gcrích freisin agus plean aisíocaíochta a aontú leis an soláthróir creidmheasa. Mura n-éiríonn leat íocaíocht a dhéanamh, d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar do chumas iasacht a fháil amach anseo freisin. 

Nuair a cheannaíonn tú rud éigin ar cairde gearrthéarma, beidh ar an soláthróir creidmheasa costais a mhíniú duit.  D’fhéadfadh táillí agus muirir bhreise a bheith ar áireamh i gcomhaontuithe creidmheasa gearrthéarma. Mura n-éiríonn leat íocaíocht a dhéanamh, mar shampla, beidh ort táillí íocaíochta deireanacha a íoc, agus d’fhéadfadh sé sin do chostas tráthchoda agus costas iomlán an chreidmheasa a mhéadú go suntasach. Tá táillí bunaithe nó riaracháin coitianta freisin.

Tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú na táillí a d’fhéadfaí a mhuirearú ort mar d’fhéadfaidís sin an praghas a íocfaidh tú as earraí agus seirbhísí a mhéadú go suntasach. D’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí fadtéarmacha aige sin do do chumas iasacht a fháil amach anseo freisin.

Más iasacht €500 nó níos mó atá i gceist, ní mór don soláthróir creidmheasa an fhaisnéis sin a chur isteach chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

 

Ní mór do ghnólachtaí creidmheasa gearrthéarma a bheith údaraithe anois ag Banc Ceannais na hÉireann 

Dé réir reachtaíocht nua, is gníomhaíochtaí rialáilte anois iad fruilcheannach, PCPanna, fruiliú ag tomhaltóir agus comhaontuithe creidmheasa indírigh (e.g. Ceannach anois, íoc níos déanaí) agus ní mór do na gnólachtaí a chuireann iad ar fáil a bheith údaraithe ag an mBanc Ceannais.

Ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil ar na gnólachtaí sin rialacha áirithe a leanúint lena n-áirítear codanna faoi leith den Chód um Chosaint Tomhaltóirí 2012.

Faoi na rialacha seo, ní mór do ghnólachtaí measúnuithe creidmheasa agus inacmhainneachta a dhéanamh sula dtabharfaidh siad creidmheas do thomhaltóir. Tá na measúnuithe sin ceaptha tomhaltóirí a chosaint ar an rófhiachas.

Ní mór do ghnólachtaí riachtanais maidir le fógraíocht a chomhlíonadh freisin, lena chinntiú go bhfuil fógraí soiléir, cothrom, cruinn agus nach gcuirtear daoine amú dá mbarr.

Ní mór do sholáthróirí creidmheasa cloí freisin leis an gCód um Inniúlacht Íosta 2017 agus leis na Rialacháin um Inniúlacht Íosta 2017, lena leagtar amach na caighdeáin ghairmiúla íosta do dhaoine a chuireann seirbhísí airgeadais áirithe ar fáil, go háirithe nuair a bhíonn siad ag plé le tomhaltóirí.