Euro Digiteach

A Digital Euro

Á aithint dóibh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ina mbaineann bainc cheannais croí-fheidhmeanna agus príomhchuspóirí amach i bhfianaise geilleagar digiteach atá ag forbairt, tá breithniú á dhéanamh ag roinnt banc ceannais ar an bhféidearthacht maidir le hAirgeadra Digiteach Banc Ceannais (CBDC) a eisiúint. I gcomhthéacs Eorpach, tá imscrúdú á dhéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), i gcomhar le Bainc Cheannais an Eurochórais, ar eisiúint ionchasach CBDA – euro digiteach.

Cad is euro digiteach ann?

Dliteanas de chuid bainc ceannais a bheadh sa euro digiteach (cosúil le nótaí bainc fisiciúla agus boinn fhisiciúla euro), ach amháin go ndéanfaí é a thairiscint i bhfoirm dhigiteach. Bheadh sé ina ionstraim a bheadh gasta, slán agus éasca le húsáid, agus a bheadh ar fáil lena úsáid ag saoránaigh agus ag gnóthaí Eorpacha le haghaidh gnáthíocaíochtaí. Chinnteodh euro digiteach go leanfadh saoránaigh an limistéir euro de rochtain a bheith acu ar mhodh íocaíochta don ré dhigiteach a mbeadh glacadh leis go forleathan, a bheadh sábháilte agus iontaofa. Ba cheart breathnú ar eisiúint euro digiteach mar chomhlánú ar airgead tirim seachas mar ní a chuirfear in ionad airgead tirim.

Cad a bheadh i gceist domsa le euro digiteach?

Thabharfadh euro digiteach níos mó roghanna duit maidir le conas íoc as earraí agus seirbhísí, agus bheadh sé ina chomhlánú ar airgead tirim agus seirbhísí íocaíochta eile. Má ghlactar cinneadh sa todhchaí euro digiteach a eisiúint, bheadh sé ar an tionscadal ba mhó ar thug an tEurochóras faoi ó seoladh an t-airgeadra aonair agus d’fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag baint leis do shaoránaigh, do ghnóthaí agus don chóras airgeadais. Dá bhrí sin, sula ndéanfar aon chinneadh euro digiteach a thabhairt isteach, is gá don Eurochóras, don Choimisiún Eorpach agus do bhainc cheannais agus rialtais i dtíortha uile an limistéir euro breithniú cúramach a dhéanamh ar na tairbhí intuartha agus na míbhuntáistí ionchasacha go léir.

Cén fáth an bhfuil an tEurochóras ag déanamh imscrúdú air seo?

Timpeall na cruinne, tá breithniú á dhéanamh ag bainc cheannais i dtaobh CBDCanna a eisiúint, agus conas a dhéanfaí iad a eisiúint, ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

  • chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar airgead tirim a úsáid 
  • catalaíoch a sholáthar chun geilleagair a dhigitiú 
  • cuimsiú airgeadais a mhéadú agus 
  • iomaíocht sna seirbhísí íocaíochta a chur chun cinn.

San Eurochóras, d’fhéadfaí tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh go forleathan trí euro digiteach a eisiúint, lena n-áirítear digitiú an gheilleagair Eorpaigh agus ról idirnáisiúnta an euro a chothú. D’fhéadfadh euro digiteach freisin, cabhrú chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta agus chun gnáthsholáthar seirbhísí íocaíochta a chinntiú.

Cén staid ag a bhfuil an t-imscrúdú?

I mí Dheireadh Fómhair 2021, sheol an tEurochóras céim imscrúdaithe dhá bhliain chun roghanna féidearthacha teicniúla agus beartais a scrúdú, roghanna a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn le euro digiteach a dhearadh. San imscrúdú seo, breithníodh conas a dhéanfaí euro digiteach a dháileadh ar shaoránaigh agus ar ghnóthaí agus conas a d'fhéadfaidís é a úsáid, agus an tionchar ionchasach a d’fhéadfadh a bheith aige ar gheilleagar agus ar shochaí na hEorpa. Tá na tuarascálacha seo a leanas ar an dul chun cinn maidir leis an imscrúdú foilsithe ag an Eurochóras:

An 18 Deireadh Fómhair, chinn Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) go rachfaí ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh: an chéim ullmhúcháin, tar éis an chéim imscrúdaithe a bheith curtha i gcrích.

Tosóidh an chéim ullmhúcháin an 1 Samhain 2023 agus mairfidh sé dhá bhliain. Mar chuid den chéim seo, cuirfear bailchríoch ar an leabhar rialacha agus roghnófar soláthraithe chun ardán agus bonneagar don euro digiteach a fhorbairt. Ina theannta sin, déanfar tástáil chun euro digiteach a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais an Eurochórais agus úsáideoirí, mar shampla i dtéarmaí eispéarais úsáideoirí, na príobháideachta, ionchuimsiú airgeadais agus lorg comhshaoil. Leanfaidh BCE dá rannpháirtíocht leis an bpobal agus leis na rannpháirtithe leasmhara go léir le linn na céime seo. Tar éis dhá bhliain, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh i dtaobh gluaiseacht i dtreo an chéad chéim eile de na hullmhúcháin, chun an bealach a réiteach d’eisiúint ionchasach agus d’fheidhmiú céimneach an euro dhigitigh amach anseo.

Ní hionann seoladh na céime ullmhúcháin agus cinneadh chun euro digiteach a eisiúint. Is í an Chomhairle Rialaithe amháin a bhreithneoidh an cinneadh sin a luaithe a bheidh próiseas reachtach an Aontais Eorpaigh tugtha chun críche. Cuirfidh BCE san áireamh aon choigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach mar thoradh ar an bplé reachtach.  

Cad é an togra reachtach ón gCoimisiún Eorpach maidir le euro digiteach?

An 28 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra reachtach maidir le creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh euro digiteach ionchasach.

Sa togra reachtach, moltar stádas dlíthairgthe le laghaidh euro digiteach ionchasach, rud a chinnteodh go mbeadh glacadh forleathan leis mar mhodh íocaíochtaí ar fud an limistéir euro.

Ina theannta sin, tacaíonn sé leis an tuairim gur ceart go mbeadh seirbhísí euro digiteach saor in aisce do dhaoine, rud a léireodh a stádas mar ní a rachadh chun leasa an phobail agus a bheadh ag teacht leis taithí a bhíonn ag daoine ar airgead tirim.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an togra reachtach, féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh - Pacáiste an Euro Dhigitigh.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Cuirfidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais nuashonruithe ar fáil maidir le tionscadal an euro dhigitigh de réir mar a théann an obair ar aghaidh.

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Foireann Tionscadail Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Euro Digiteach ag: [email protected]

Féach freisin:

Tuarascáil ó BCE maidir le euro digiteach

Euro Digiteach - An chéad chéim eile sa dul chun cinn maidir lenár n-airgeadra