Ionad Cuairteoirí

Fógra | Srianta mar gheall ar an gcoróinvíreas agus athrú ar Uaireanta Oscailte

Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh an tIonad Cuairteoirí dúnta ón 13 Márta go dtí an 30 Márta 2020 de thoradh srianta a bhaineann le COVID-19.

An t-ionad cuairteoirí

San ionad cuairteoir, cuirimid scéal Bhanc Ceannais na hÉireann i láthair an phobail. Tá an t-ionad lonnaithe inár gceanncheathrú ar na dugaí i mBaile Átha Cliath. (Féach an léarscáil thíos). Tá dhá thaispeántas á léiriú againn faoi láthair agus tá siad ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Taispeántais

Scéal Bhanc Ceannais na hÉireann

Sa taispeántas speisialta seo, gheobhaidh tú spléachadh ar an mBanc Ceannais, ón uair a bunaíodh é go dtí an lá atá inniu ann. Gheobhaidh cuairteoirí léargas fíorshuimiúil ar an ról tábhachtach a bhí ag an mBanc Ceannais i saol poiblí na hÉireann i dtréimhsí ina raibh fás eacnamaíoch ann agus uaireanta, le linn géarchéimeanna airgeadais agus conspóidí.

An Punt, an Scilling agus an Neamhspleáchas

Sa taispeántas An Punt, an Scilling agus an Neamhspleáchas, tugtar spléachadh ar fhorbairt airgeadra d’Éirinn neamhspleách, tar éis bhunú Shaorstát Éireann in 1922. Tá samhlacha  mórscála 3D ann de dhearaí na chéad bhoinn.

Seoladh agus uaireanta oscailte

Ar oscailt: Luan go hAoine, 10.00 go 16.00. Ligtear isteach na cuairteoirí deireanacha ag 15.00.
Dúnta: An deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc.
Cead isteach: Saor in aisce do chuairteoirí.

Banc Ceannais na hÉireann
Sráid New Wapping,
Cé an Phoirt Thuaidh,
Baile Átha Cliath 1
D01 F7X3

Ríomhphost: [email protected]
Guthán:
+353 (0)1 224 5800

Tá an líne ghutháin ar oscailte Luan go hAoine ó 09.00 go 18.00. (Nóta: D’fhéadfadh ráta níos daoire a bheith i gceist má ghlaoitear ar an uimhir áitiúil ó ghuthán póca.)

Treoracha

Rothar

Tá neart áiteanna páirceála do rothair gar don Bhanc Ceannais. Tá stáisiún Dublin Bikes ann díreach trasna an bhóthair.

Luas

Tá Stad Luas Dhuga Spencer trí nóiméad siúil uainn.

Traein

Tá Stáisiún Uí Chonghaile cúig nóiméad déag siúil ón mBanc Ceannais agus is féidir an luas a fháil ón stáisiún freisin.

Bus

Stadann Bus Átha Cliath ag roinnt mhaith áiteanna gar don Bhanc Ceannais.

Páirceáil do charranna

Tá páirceáil Íoc agus Taispeáin ann ar Ché an Phoirt Thuaidh agus ar na bóithre máguaird. Tá carrchlóis phoiblí éagsúla ann sa cheantar freisin.

Áiseanna do Chuairteoirí

San ionad cuairteoirí féin, tá Cúinne na bPáistí ina bhfuil cluichí do leanaí, siopa caife agus leithris. Ní chuirtear cuairteanna treoraithe ar fáil. Nóta eolais: Ní féidir leat airgead tirim a úsáid sa siopa caife, ní ghlactar ach le cártaí dochair nó cártaí creidmheasa.

Cuairteoirí a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu

Tá an t-ionad cuairteoirí oiriúnach do chathaoir rothaí agus tá leithris inrochtana ann freisin.

Cuairteoirí a bhfuil lagú radhairc orthu

Cuirimid fáilte roimh mhadraí cúnta agus is féidir linn babhla uisce a chur ar fáil ach é a iarradh.

Cuairteoirí a bhfuil lagú éisteachta orthu

Déantar lúbanna ionducthúcháin éisteachta a shocrú ag an deasc fáilte.