Tuarascáil ar Iompar agus ar Chultúr

Director General Rowland

Tá tuarascáil foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann ina ndéantar measúnú ar chultúr agus ar iompar na bpríomhbhanc miondíola atá ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann.

Tugadh faoin Tuarascáil seo dar theideal Iompar agus Cultúr na mBanc Miondíola Éireannacha (pdf 757KB) i gcomhar le Banc Ceannais na hÍsiltíre (De Nederlandsche Bank – DNB), ceannródaithe sa mhaoirseacht ar iompar agus ar chultúr.

Baineann tábhacht le cúltúr ó thaobh na stuamachta agus an iompair toisc gur féidir leis an iompar difear a dhéanamh d’aon réimse nó do gach réimse de ghnólacht. Bíonn an Banc Ceannais ag súil go ngníomhóidh na bainc ar mhaithe le leas a dtomhaltóirí le linn dóibh a gcuid oibleagáidí stuamachta a chomhlíonadh.

Sa Tuarascáil, cuimsítear na torthaí ó shraith athbhreithnithe a rinneadh ar Iompar agus ar Chultúr sna cúig phríomhbhanc mhiondíola Éireannacha - Grúpa AIB, Grúpa Bhanc na hÉireann, permanent tsb, Banc Uladh agus KBC Bank Éire.

Dhírigh na hathbhreithnithe go príomha ar iompar na bhfoirne ceannaireachta feidhmiúcháin i ngach ceann de na bainc mar aon leis an idiroibriú idir na feidhmeannaigh shinsearacha agus rannpháirtithe inmheánacha i gcomhthéacs na cinnteoireachta straitéise. Ar an gcaoi sin, tugann na hathbhreithnithe spléachadh dúinn ag tráth ar leith ar an lucht cinnteoireachta i ngach gnólacht a chinneann an cultúr ón mbarr.

Ó tharla go mbaineann tábhacht ar leith le héagsúlacht agus le hionchuimsiú maidir le cultúr eagraíochta, cuimsítear Measúnuithe leithleacha sa Tuarascáil ar Éagsúlacht agus ar Ionchuimsiú sna cúig phríomhbhanc.

Achoimre ar na tátail

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearta glactha ag na bainc go léir chun leas na dtomhaltóirí a threisiú ach go bhfuil dul chun cinn níos fearr déanta ag bainc áirithe.

Go sonrach, léirítear nár comhlíonadh dhá réamhriachtanas phríomhúla i ngach cás:

  • Comhthuiscint ar a bhfuil i gceist le cultúr atá dírithe ar thomhaltóirí agus ar an iompar a bhíonn ag teastáil chuige.
  • Béim ar thomhaltóirí a leabú i struchtúir, i bpróisis agus i gcórais.

Leagtar béim sa Tuarascáil freisin ar na saincheisteanna seo a leanas a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig cultúr dírithe ar thomhaltóirí a chur i mbaol:

  • Léiríonn coistí feidhmiúcháin áirithe ‘iompar réitigh fadhbanna práinneacha’, ag díriú ar shaincheisteanna práinneacha, gearrthréimhseacha, rud a chuireann srian orthu próiseas fadtéarmach um aistriú cultúir a dhearadh.
  • Leanann bainc áirithe de mheon géarchéime a léiriú sa mhéid go bhfuiltear ag filleadh ar stíl ceannaireachta ar a dtugtar ‘ceannas agus comhordú’ seachas an bhéim a leagan ar chur chuige comhoibríoch.
  • Is gá cumhachtú agus cumas cinnteoireachta na foirne sinsearaí a mhéadú chun go laghdófar an t-ualach atá ar fheidhmeannaigh ó thaobh na cinnteoireachta de agus chun a chumasú don eagraíocht an t-aistriú seo a chur i bhfeidhm.
  • Cuirtear ábhair imní chun cinn sa Tuarascáil maidir le ródhóchas i ndáil le haistriú rathúil chuig cultúr dírithe ar thomhaltóirí.
  • Léirítear sna Measúnuithe ar Éagsúlacht agus ar Ionchuimsiú go bhfuil níos mó oibre le déanamh ag na bainc chun a áirithiú go bhfuil éagsúlacht agus ionchuimsiú leordhóthanach ina gcuid eagraíochtaí.

Ag tagairt do thátail na Tuarascála, dúirt Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir ar Iompar Airgeadais, an méid seo a leanas:

“Is ón mbarr anuas a chothaítear cultúr. Is faoi na boird agus faoin ardbhainistíocht atá sé, i dtús báire, cultúr éifeachtach a chothú ina dtugtar tús áite do leas na dtomhaltóirí. Tá bóthar fada le triall ag na bainc sula mbeidh beart á dhéanamh acu de réir a mbriathair agus tús áite á thabhairt acu dá gcustaiméirí.

“Cuireann cultúr éifeachtach eagraíochtúil le comhchuspóir agus le chomhchaighdeáin amhail gairmiúlacht, ionracas, macántacht agus cuntasaíocht chun torthaí córa a bhaint amach ina mbeidh leas na dtomhaltóirí chun tosaigh. Tá an Banc Ceannais ag súil go ndéanfar na caighdeáin agus na luachanna sin a leabú sna gnólachtaí go léir a bhíonn á rialáil againn.

“Sin an fáth a mbímid ag éileamh ar ghnólachtaí ní hamháin go gcaithfidh siad cloí lenár rialacháin agus lenár gcóid, ach ina theannta sin, go gcaithfidh ceannairí na ngnólachtaí sin tabhairt faoi cultúr a bhunú a fhreastalóidh ar a gcuid custaiméirí, ar a scairshealbhóirí agus ar an ngeilleagar níos leithne ina mbíonn siad ag feidhmiú. Agus i gcás ina mbeidh an cultúr easnamhach nó ina n-eascróidh rioscaí do thomhaltóirí as, ceanglóimid ar na bainc na rioscaí sin a mhaolú.”

Na chéad chéimeanna eile

Tá na gníomhartha agus moltaí seo a leanas sa Tuarascáil:

  • Eiseofar Clár um Maolú Riosca do na bainc go léir a cheanglóidh orthu pleananna gníomhaíochta a cheapadh mar fhreagairt ar thátail na nAthbhreithnithe ar Iompar agus ar Chultúr. Déanfaidh maoirseoirí measúnú ar na gníomhartha atá beartaithe ag na bainc agus rachaidh siad i dteagmháil leis na bainc maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh acu.
  • Ceanglófar ar na bainc freagairt a thabhairt ar thátail na nAthbhreithnithe ar Iompar agus ar Chultúr trí phlean gníomhaíochta ar leith a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais chun éagsúlacht agus ionchuimsiú a mhéadú.
  • Molann an Banc Ceannais go dtabharfar isteach Creat Cuntasaíochta Aonair a mbeadh feidhm aige maidir le bainc agus le soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais eile. Cuimseofar sa Chreat sin Caighdeáin Iompair do sholáthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais agus do na comhaltaí foirne a bheidh ag obair iontu, Córas Cuntasaíochta d’Fheidhmeannaigh Shinsearacha mar aon le feabhsuithe ar an gCóras Oiriúnachta agus Ionracais atá ann faoi láthair agus ar an bpróiseas forfheidhmiúcháin.

Bainfidh an Banc Ceannais úsáid as tátail na Tuarascála chun a obair mhaoirseachta a fhoirmiú i ndáil leis na cúig bhanc. Chomh maith leis sin, déanfaimid maoirseacht níos minice agus níos spriocdhírithe ar iompar na ngnólachtaí sin a bhféadfadh tomhaltóirí a chur i mbaol díobhála, lena n-áirítear dúshlán láidir a thabhairt do na boird agus don bhainistíocht feidhmiúcháin.

Féach freisin: