Nuacht
An Chaoi ina mBíonn do Chuid Leasanna á gCosaint ag an gCód um Chosaint Tomhaltóirí
24 Márta 2026
Preas Ráiteas

Rinne Banc Ceannais na hÉireann inniu (Dé Máirt, an 24 Márta 2026) comóradh ar theacht i bhfeidhm an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí nuachóirithe, lena dtugtar cosaintí níos láidre do thomhaltóirí agus iad i mbun bainc, cuideachtaí árachais agus seirbhísí airgeadais eile a úsáid.
Dearadh an Cód nuachóirithe chun cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí i saol an lae inniu, agus mar bheart réamhghabhálach i ndáil leis ar an mbealach ina dtiocfaidh athrú ar sheirbhísí airgeadais amach anseo. Tagann sé sna sála ar chomhairliúchán poiblí agus rannpháirtíocht fhairsing.
Seo an méid a bhí le rá ag an Leas-Ghobharnóir Colm Kincaid: “Le Cód an Bhainc Ceannais um Chosaint Tomhaltóirí, cuirtear oibleagáidí reachtúla ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais rialáilte do leasanna a chur i gcroílár na caoi a ndearann, a ndíolann agus a míníonn siad táirgí agus seirbhísí airgeadais – agus i gcroílár na caoi a dtacaíonn siad leat chun cinntí airgeadais a dhéanamh go muiníneach.”
Mar a Bhaineann an Méid Sin Leat
Do Leasanna a Chosaint: Ní mór do ghnólachtaí airgeadais táirgí agus seirbhísí a dhearadh chun freastal ar do chuid riachtanas. Ní mór dóibh cumarsáid shoiléir a dhéanamh leat agus cuidiú leat cinntí a dhéanamh atá oiriúnach duitse.
Faisnéis níos Fearr: Ní mór do ghnólachtaí faisnéis a thabhairt duit i dteanga shoiléir, shothuigthe, agus gan bhéarlagair ná téarmaí teicniúla nach bhfuil gá leo. Ní mór an fhaisnéis a bheith soiléir, cruinn agus cothrom le dáta.
Athrú Morgáiste Níos Éasca: Má tá morgáiste agat, ní mór do d'iasachtóir an méid seo a leanas a dhéanamh:
- An méid airgid a d’fhéadfá a shábháil trí aistriú chuig morgáiste níos saoire a thaispeáint duit.
- Meabhrúcháin a sheoladh chugat faoi roghanna níos saoire.
- Do ghníomhais teidil a sholáthar duit laistigh de 10 lá oibre ar iarratas a fháil.
Cosaint ar Chamscéimeanna agus ar Chalaois: Ceanglais nua ar ghnólachtaí chun cur i gcoinne an riosca a bhaineann le calaois agus camscéimeanna, tú a choinneáil ar an eolas agus tacú leat má bhuailtear tú le calaois.
Athnuachaintí Árachais: Maidir le hárachas giuirléidí, fiaclóireachta, peataí agus taistil, ní féidir le gnólachtaí do pholasaí a athnuachan go huathoibríoch a thuilleadh mura dtoilíonn tú go sainráite leis sin. Cinntíonn sé seo nach mbeidh árachas agat nach dteastaíonn uait a thuilleadh nó nach bhfuil gá agat leis.
Seirbhísí Digiteacha: Ní mór go mbeadh aipeanna agus suíomhanna gréasáin éasca a úsáid. Nuair atáthar ag ceannach ar cairde ar líne (amhail “ceannaigh anois, íoc níos déanaí”), ní mór do ghnólachtaí dóthain ama a thabhairt duit chun machnamh a dhéanamh an bhfuil an cineál creidmheasa seo ceart duitse.
Tacaíocht nuair a bhíonn sí ag teastáil uait: Má tá tú ag dul trí thréimhse dheacair – amhail tinneas, méala nó cailleadh poist – ní mór do ghnólachtaí tacaíocht bhreise a chur ar fáil. Is féidir leat Duine Teagmhála Iontaofa a ainmniú freisin ar féidir leis an ngnólacht teagmháil a dhéanamh leis/léi más gá.
Furasta Gearán a dhéanamh: Ní mór do ghnólachtaí é a dhéanamh simplí duit gearán a dhéanamh agus ní mór dóibh saincheisteanna a réiteach go mear.
Dúirt an Leas-Ghobharnóir Kincaid freisin: “Clúdaítear faoin gCód nuachóirithe réimse leathan de sheirbhísí airgeadais laethúla, ó árachas go baincéireacht, ó iasachtaí go hinfheistíocht. Tugtar isteach cosaintí nua leis i gcoinne calaoise agus camscéimeanna, chomh maith le cosaintí do dhaoine atá i gcúinsí leochaileacha. Agus tugann sé cearta duit.
Tá Banc Ceannais na hÉireann i mbun an Cód um Chosaint Tomhaltóirí nuachóirithe a thabhairt isteach lena chinntiú go gcosnaíonn gnólachtaí do leasanna agus go gcabhraíonn siad leat tacú le do leas airgeadais. “Molaim do gach duine eolas a chur ar a gcearta agus leas a bhaint astu.”
Cosnaíonn an Cód freisin gnólachtaí beaga a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €5 mhilliún acu.
Faigh tuilleadh eolais faoi do chearta agwww.centralbank.ie/Code
Nótaí don Eagarthóir
Beidh faisnéis iomlán dhátheangach faoin gCód nuachóirithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Bhanc Ceannais na hÉireann.
Baineann an Cód um Chosaint Tomhaltóirí le gach soláthraí seirbhísí airgeadais rialáilte in Éirinn, lena n-áirítear bainc, cuideachtaí árachais, gnólachtaí infheistíochta agus bróicéirí.
Rinneadh an Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste a chomhdhlúthú sa Chód chun creat comhtháite a chur ar fáil.
Tuilleadh Eolais
media@centralbank.ie