Nuacht

“Éiginnteacht mhór ann i gcónaí ach buntáistí na hathléimneachta le blianta beaga anuas le feiceáil anois” - Gobharnóir Makhlouf ag an seoladh den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais 2020:2

26 Samhain 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Eascraíonn na príomhrioscaí don chobhsaíocht airgeadais as saobhadh don téarnamh eacnamaíoch domhanda, as toradh fadaithe COVID-19 ar an ngníomhaíocht intíre, agus as idirghníomhú na bhforbairtí seo leis na himpleachtaí díobhálacha maicreacnamaíocha a bheidh ann ag deireadh idirthréimhse Brexit.
  • Tá a gcuid cuspóirí á mbaint amach i gcónaí ag na bearta morgáiste agus ní bheidh aon athrú in 2021 ar theorainneacha CII nó CIL nó ar na liúntais.
  • Coimeádfar an Cúlchiste Fritimthriallach (CCyB) ag 0 faoin gcéad agus níltear ag súil le haon athrú air sin in 2021.

Tá an dara Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais (FSR) de 2020 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu. San FSR, leagtar amach na príomhrioscaí atá os comhair an chórais airgeadais mar aon le measúnú an Bhainc Ceannais ar athléimneacht an gheilleagair agus an chórais airgeadais in aghaidh turraingí díobhálacha.

Ag labhairt dó tráth foilsithe an FSR, deir an Gobharnóir Gabriel Makhlouf go mbeidh tamall ann sula bhfeicfear éifeacht iomlán na turrainge fadaithe seo ar an ngeilleagar agus ar an gcóras airgeadais, de réir mar a thiocfaidh cothromaíocht chun cinn idir iarmhairt na dtacaíochtaí gearrthéarmacha beartais agus déine impleachtaí na turrainge seo ar theaghlaigh, ar ghnóthaí agus ar an gcóras airgeadais.  Mar atá cúrsaí faoi láthair, níl dúshláin fhorleathana sócmhainneachta ag éirí as na dúshláin leachtachta.”

San Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais, cuirtear an méid seo a leanas in iúl:

  • Leis na tacaíochtaí beartais, maolaíodh an turraing tosaigh leachtachta do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.
  • Tá cumas iompartha caillteanais an chórais ina iomláine sách maith chun turraingí níos measa ná na cinn atá á dtuar sna réamh-mheastacháin bunlíne reatha a iompar. Níl an cumas iompartha caillteanais sin neamhtheoranta.
  • Bheadh dálaí maicreacnamaíocha ní ba mheasa ann dá ngearrfaí siar go mór ar an soláthar creidmheasa.
  • Chun é seo a sheachaint, tá raon gníomhartha fioscacha, airgeadaíochta, macrastuamachta agus micreastuamachta glactha de láimh ag an lucht déanta beartais.

Don chéad uair, tá measúnú réamhbhreathnaitheach san FSR ar athléimneacht an chórais baincéireachta miondíola intíre, mar aon leis an athbhreithniú is déanaí ar uirlisí beartais macrastuamachta an Bhainc Ceannais, an t-athbhreithniú bliantúil ar na bearta morgáiste san áireamh.  Maidir le hathléimneacht an chórais baincéireachta intíre, chuir an Gobharnóir Makhlouf in iúl go bhfuil “éiginnteacht mhór ann i gcónaí ach tá buntáistí na hathléimneachta le blianta beaga anuas le feiceáil go soiléir anois.”  Mhínigh sé go bhfuil “éiginnteacht mhór ag baint leis an ionchas macra-airgeadais don tréimhse a bheidh ann i ndiaidh na ráithe reatha, éiginnteacht atá nasctha le conair na paindéime, le leathadh amach an chláir vacsaínithe, leis na himpleachtaí eacnamaíocha a bheidh ag an bhfreagairt ghaolmhar sláinte poiblí agus le himpleachtaí meántéarmacha na turrainge seo”.

Agus toradh an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta morgáiste á fhógairt aige, deir an Gobharnóir Makhlouf an méid seo a leanas: “I mbliana, dhírigh an t-athbhreithniú ar éifeacht thurraing COVID-19 ar an margadh tithíochta agus ar an margadh morgáiste a thuiscint. Bhí sé bunaithe ar anailís fhorleathan agus ar rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara maidir le héifeachtacht na mbeart.  Ag an gcruinniú is déanaí de Choimisiún an Bhainc Ceannais, comhaontaíodh go raibh a gcuid cuspóirí á mbaint amach i gcónaí ag na bearta - mar atá siad ceaptha agus calabraithe faoi láthair - agus nach mbeidh aon athrú orthu in 2021. Ag féachaint níos faide chun cinn, is léir go bhfuil seasamh níos fearr againn anois agus aghaidh á tabhairt againn ar thurraing COVID-19 ná mar a bhí sa ghéarchéim dheireanach, agus a bhuíochas sin do na bearta morgáiste. Tá buntáistí na mbeart níos soiléire le linn tréimhsí anáis.”

I dteannta na mbeart morgáiste, coimeádfar ráta an Chúlchiste Fhritimthriallaigh (CCyB) ag nialas faoin gcéad. De bhreis air sin, d’fhógair an Gobharnóir “nach bhfuiltear ag súil le hathrú ar ráta CCyB a fhógairt le linn 2021 i bhfianaise an ionchais reatha.”  Agus an treoir shoiléir seo á tabhairt aige, deir sé: “teastaíonn uainn a oiread soiléireachta agus is féidir a thabhairt do na bainc chun go n-éascófar inúsáidteacht na maolán sin.”  I mbeartais macrastuamachta an Bhainc Ceannais, áirítear an Cúlchiste Fritimthriallach (CCyB) agus cúlchistí caipitil d’institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SII). Cuireann na beartais seo le cosaint na cobhsaíochta airgeadais in Éirinn.

Deir an Gobharnóir gurb iad seo a leanas na trí theachtaireacht san FSR: go bhfuil an timpeallacht fhoriomlán riosca dúshlánach i gcónaí agus gurb í an éiginnteacht príomhghné na timpeallachta sin, go bhfuil cumas iompartha caillteanais ag an gcóras baincéireachta i leith turraingí atá i bhfad níos measa ná na toimhdí reatha bunlíne, agus go gcinntíonn an creat macrastuamachta go bhfuil an córas airgeadais ábalta na turraingí atá ag bagairt air faoi láthair a sheasamh.  Ar deireadh thiar, dúirt sé go bhfuil an Banc Ceannais “tiomanta do chreat [macrastuamachta] a fhorbairt anseo in Éirinn agus ar leibhéal Eorpach agus leibhéal idirnáisiúnta sa chaoi go mbeidh sé ábalta cobhsaíocht airgeadais a chosaint go héifeachtach agus a chinntiú go mbeidh an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus an gheilleagair níos leithne.”

Nótaí

Is ceanglas caipitil athraithe ama é an Cúlchiste Fritimthriallach (CCyB) a bhfuil feidhm aige maidir le bainc agus gnólachtaí infheistíochta. Féachann sé le soláthar inmharthana creidmheasa a chur chun cinn chuig an ngeilleagar tríd an gcóras baincéireachta a dhéanamh níos athléimní.  Is é an Banc Ceannais an t-údarás ainmnithe in Éirinn chun ráta CCyB a shocrú agus, sa cháil sin, socraíonn sé an ráta do neamhchosaintí Éireanneacha ar bhonn ráithiúil, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is é is aidhm don O-SII (Institiúidí eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach leo) an dóchúlacht go dteipfidh ar institiúid a bhfuil tábhacht shistéamach léi a laghdú. Leis an maolán, neartaítear athléimneacht na n-institiúidí seo a bhfuil tábhacht shistéamach leo mar gheall ar scála nó ar chineál a ngnó, trí leibhéal breise capitil iompartha caillteanais a chur ar fáil. Leis an gceanglas níos airde caipitil seo, aithnítear an iarmhairt níos mó a bheadh ann dá dteipfeadh orthu.

I gcomhréir le cuspóir an mhaoláin agus leis an gcreat caipitil mhaolánaigh níos leithne, tá maolán O-SII ar fáil ina iomláine do na bainc le linn tréimhsí anáis (e.g. tionchar phaindéim COVID-19) chun iarmhairt na turraingí ar an ngeilleagar a iompar.

Is ionann Institiúidí eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach leo (O-SIIanna) agus institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo don gheilleagar intíre nó do gheilleagar an Aontais Eorpaigh (AE). Déantar tábhacht shistéamach institiúide a mheas bunaithe ar an méid seo a leanas (i) a méid, (ii) a tábhacht don gheilleagar nó do gheilleagar AE nó an Bhallstáit lena mbaineann, (iii) a suntasacht do ghníomhaíochtaí trasteorann, agus (iv) idirnascthacht na hinstitiúide nó an ghrúpa laistigh den chóras airgeadais.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar  shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Tugadh na bearta morgáiste isteach i mí Feabhra 2015 chun athléimneacht iasachtaithe agus na hearnála baincéireachta araon a fheabhsú. Cuireann siad teorainneacha ar mhéid na morgáistí is féidir le tomhaltóirí a fháil ar iasacht trí bhíthin teorainneacha iasachta le luach (CIL) agus teorainneacha iasachta le hioncam (CII). Déanann an Banc Ceannais athbhreithniú ar na bearta ar bhonn bliantúil.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ar  shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Tá taifid ar chruinnithe an Choiste um Bearta Macrastuamachta le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Féach freisin: Míniú – Cad iad na Bearta Morgáiste?