Nuacht

Is iad luachálacha margaidh sínte agus éiginnteacht eacnamaíoch na príomhrioscaí atá i ndán do gheilleagar na hÉireann - An tAthbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais ó Bhanc Ceannais na hÉireann

17 Samhain 2025 Preas Ráiteas

Central Bank external image

Is iad na luachálacha sínte i ndeighleoga de na margaí airgeadais domhanda agus an éiginnteacht trádála agus eacnamaíoch na príomhrioscaí atá i ndán don chóras airgeadais in Éirinn, de réir an Athbhreithnithe ar Chobhsaíocht Airgeadais a d’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (17 Samhain).

Foilsítear an tuarascáil dhá uair in aghaidh na bliana agus is ceann de phríomhfhoilseacháin an Bhainc Ceannais é. San athbhreithniú seo atá á fhoilsiú inniu, déantar measúnú ar roinnt de na príomhrioscaí atá i ndán do chóras airgeadais na hÉireann, ar athléimneacht an chórais i leith na rioscaí sin, agus ar sheasamh an Bhainc Ceannais maidir le beartas macrastuamachta.

Idir an dá linn, tá feabhas beag tagtha ar an ionchas domhanda leis an tsoiléireacht maidir le taraifí sa ghearrthéarma, ach tá feabhsuithe ar réamhaisnéisí fáis bunaithe ar an tuiscint go gcoinneofar na comhaontuithe reatha i bhfeidhm agus tá an t-ionchas ann i gcónaí go dtarlóidh turraingí trádála breise.

Tá margaí cothromais ag na leibhéil is airde riamh, rud atá á spreagadh ag stoic teicneolaíochta SA agus stoic a bhaineann leis an Intleacht Shaorga,  fad atá raonta difríochta bannaí corparáideacha laghdaithe agus, dá bhrí sin, tá neamhréir idir praghsáil riosca sna margaí airgeadais agus leibhéil ardaithe na héiginnteachta eacnamaíche. Ina theannta sin, tá easnaimh fhioscacha ag ardú freisin, rud a mhéadaíonn na hualaí fiachais cheannasaigh.

Cé go bhfuil cláir chomhardaithe sách folláin ag teaghlaigh, gnóthaí agus institiúidí airgeadais na hÉireann faoi láthair agus go bhfuil an cumas ag an gcóras baincéireachta intíre mórthurraing don gheilleagar a sheasamh, eascraíonn rioscaí suntasacha as an éiginnteacht eacnamaíoch agus trádála i bhfianaise oscailteacht struchtúrach na hÉireann agus a spleáchas ar infheistíocht dhíreach choigríche ó SA. 

Ina ráiteas tosaigh ag an bpreasagallamh inniu, deir an Gobharnóir Gabriel Makhlouf go bhfuil móréiginnteacht ann i gcónaí agus go dtógfaidh sé tamall go mbeidh éifeachtaí eacnamaíocha na socruithe nua trádála le feiceáil, agus nach léir go fóill staid na ngaolmhaireachtaí sa mheántéarma. Tá feabhas beag tagtha ar réamhaisnéisí fáis dhomhanda sa ghearrthéarma. I gcodarsnacht leis sin, tá méadú tagtha ar rioscaí a eascraíonn as forbairtí sna margaí airgeadais domhanda.

Arsa an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Tá neamhréir leanúnach ann idir ardleibhéil na héiginnteachta eacnamaíche agus luachálacha sínte margaidh de réir mar a bhaineann innéacsanna cothromais na leibhéil is airde riamh amach, fad atá raonta difríochta bannaí corparáideacha laghdaithe. D’fhéadfadh go n-eascródh ceartúchán margaidh as aon fhorbairt dhiúltach san ionchas do theicneolaíocht SA agus do chuideachtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga. I bhfianaise neamhchosaint shuntasach infheisteoirí domhanda ar mhargaí SA, d’fhéadfadh go mbeadh athrú níos leithne ar sheintimint riosca agus, dá thoradh sin, athphraghsáil i margaí eile.”

Thagair an Gobharnóir Makhlouf d’fhéimheachtaí ardphróifíle le déanaí i SA a tharraing aird ar chaighdeáin iasachtaithe na neamhbhanc i margaí creidmheasa phríobháidigh, i bhfianaise easpa faisnéise i dtaobh cleachtais iasachtaithe sna margaí sin. Ar bhonn níos leithne, luaigh sé go bhféadfaidh deighleoga áirithe d’earnáil NBFI turraingí díobhálacha sa mhargadh a threisiú, i bhfianaise giaráil ardaithe nó neamhréireachtaí leachtachta, toisc go soláthraíonn siad maoiniú do na bainc, go sealbhaíonn siad fiachas ceannasach, agus toisc gur infheisteoirí suntasacha iad sna margaí cothromais domhanda.”

“Tá easnaimh fhioscacha ag méadú in go leor geilleagar sárfhorbartha, rud a fhágfaidh go mbeidh ualaí fiachais níos airde acu. Ní hamháin go laghdaíonn sé seo an cumas atá ag an mbeartas fioscach chun freagairt go héifeachtach do chúlú eacnamaíochta agus chun tacú leis an ngeilleagar le linn cúlú eacnamaíochta ach, ina theannta sin, méadaíonn sé cóimheasa fiachais phoiblí agus cuireann sé brú ar chaiteachas rialtais. D’fhéadfadh go mbeadh ceartúcháin fhioscacha gan choinne ann mar aon le suaitheadh níos leithne margaidh dá mbeadh athrú tobann ar sheintimint.”

Mar chúlra níos leithne leis na forbairtí airgeadais domhanda seo, tá béim ardaithe á leagan go hidirnáisiúnta ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialála airgeadais. Arsa an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Is léir dúinn ón stair go mbíonn timthriallta soiléire polaitiúla arna spreagadh ag eacnamaíocht i rialáil agus maoirseacht airgeadais. Ar leibhéal domhanda, is cosúil go bhfuil cor cinniúnach sroichte againn, ainneoin go bhfuil éasgúlachtaí ann sna dlínsí éagsúla. Sa chomhthéacs sin, tá sé an-tábhachtach nach ndéantar laghdú ualaigh a mheascadh suas le meathlú caighdeán, rud a chruthódh costais shuntasacha ar deireadh thiar don phobal.”

Tá geilleagar na hÉireann neamhchosanta ar fhorbairtí idirnáisiúnta i bhfianaise oscailteacht struchtúrach agus spleáchas an gheilleagair ar IDC ó SA, sa chaoi go mbíonn aschur, fostaíocht agus ioncam ó cháin chorparáideach á spreagadh ag líon beag earnálacha mórdhomhandaithe.

I bhfianaise an riosca chomhchruinnithe seo ag tráth ina bhfuil fás de dhíth ar an infheistíocht bonneagair, dúirt an Gobharnóir Makhlouf arís gur gá leanúint de bhainistíocht chúramach a dhéanamh ar phleananna maidir le caiteachas poiblí.

Maidir leis an ngeilleagar intíre, dúirt an Gobharnór Makhlouf go bhfuil “méadú tagtha ar an bhfás creidmheasa, rud atá á spreagadh ag creidmheas morgáiste agus ceannaitheoirí céaduaire go háirithe.  Tá méadú tagtha ar iasachtú i gcomhréir, tríd is tríd, le hioncaim mhéadaitheacha thar thréimhse chobhsaí eacnamaíoch. Ní léir go bhfuil nasc idir cleachtais neamh-inmharthana iasachtaithe agus praghsanna tithe - gné láidir de luachálacha réadmhaoine i dtréimhse GFC. Sa timpeallacht reatha, tá praghsanna tithe á spreagadh níos mó ag ganntanas soláthair tithíochta. I gcás réadmhaoine tráchtála, tá comharthaí ann go bhfuil an margadh intíre ag cobhsú agus tugann táscairí seintiminte le fios go bhfuil téarnamh ag teacht air de réir a chéile.

D’ainneoin neamhchosaintí suntasacha ar fhorbairtí domhanda, dúirt an Gobharnóir Makhlouf go bhfuil cláir chomhardaithe sách folláin ag teaghlaigh, gnóthaí agus institiúidí airgeadais Éireannacha faoi láthair. Fiú amháin i gcás díobhálach, tugann anailís ón mBanc Ceannais le tuiscint go bhfuil an cumas ag an gcóras baincéireachta intíre mórthurraing eacnamaíoch a sheasamh agus leanúint de bheith ag tacú leis an ngeilleagar níos leithne.

Is í aidhm bheartais mhacrastuamachta an Bhainc Ceannais athléimneacht a chur chun cinn agus tá siad comhréireach leis na rioscaí atá i ndán don chóras baincéireachta. Arsa an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “I bhfianaise na rioscaí macra-airgeadais agus an tionchair a bhíonn ag an éiginnteacht dhomhanda ar gheilleagar oscailte na hÉireann, measaimid go bhfuil sé cuí ráta an Chúlchiste Fhritimthriallaigh a choimeád ag 1.5 faoin gcéad. I measúnú na bliana seo, tá líon na nInstitiúidí eile a bhfuil Tábhacht Shistéamach leo (O-SIIanna) gan athrú, fad a bhí laghdú beag ar ráta mhaolán O-SII i gcás institiúide amháin.”  

Maidir leis na bearta morgáiste atá i bhfeidhm le 10 bliana anuas, dúirt an Gobharnóir Makhlouf gur léir le blianta beaga anuas na buntáistí a bhaineann leo.  I dtimpeallacht ina bhfuil mórluaineacht eacnamaíoch i réim, cuireann siad le sreafaí níos ísle riaráistí morgáiste agus tacaíonn siad le caighdeáin iasachta stuama.

Tá dul chun cinn á dhéanamh ag cistí maoine na hÉireann i dtreo an teorainn díghiarála macrastuamachta a bhaint amach roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme i mí na Samhna 2027. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tacaíonn an Banc Ceannais le cur chun feidhme athchóirithe comhaontuithe ar ghiaráil neamhbhainc agus ar leachtacht cistí neamhiata. Tá obair á déanamh againn chun tuiscint níos fearr a shealbhú ar an gcaoi ina mbaintear úsáid as uirlisí praghasbhunaithe bainistíochta leachtachta i gcistí atá lonnaithe in Éirinn. Ar an gcaoi chéanna, tá anailís á déanamh againn ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais ó chistí falaithe Éireannacha,” arsa an Gobharnóir Makhlouf.

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais

Kelly Horn [email protected]

Caidreamh leis na Meáin: [email protected]

Nóta d'Eagarthóirí