Nuacht

€647 milliún íoctha le custaiméirí - Iniúchadh an Bhainc Cheannais maidir le Morgáistí Rianúcháin

04 Feabhra 2019 Preas Ráiteas

tracker-mortgage-examination-update

• Tá na híocaíochtaí ceartúcháin agus cúitimh beagnach tugtha chun críche faoin tráth seo agus €647 milliún íoctha amach ag na hiasachtóirí faoi dheireadh mhí na Nollag, ardú €67 milliún ó lár mhí Lúnasa
• B'ionann líon na gcustaiméirí ar ghoill seo orthu agus 39,800 faoi dheireadh mhí na Nollag, ardú 1,400 ó dheireadh mhí Lúnasa 2018
• Bhí ceartú agus cúiteamh faighte ag 97 faoin gcéad de na custaiméirí ar deimhníodh cur isteach a bheith déanta orthu faoi dheireadh na bliana 2018.

Tá an dara tuairisc dheireanach ar an Iniúchadh maidir le Morgáistí Rianúcháin foilsithe ag an mBanc Ceannais agus léirítear go raibh, faoi dheireadh na bliana 2018, €647 milliún íoctha amach ag na hiasachtóirí le custaiméirí a d'fhulaing óna gcuid mainneachtana.  Is ionann sin agus ardú €67 milliún ó dheireadh mhí Lúnasa.

Is léir ón tuairisc is deireanaí freisin go bhfuil 1,400 custaiméir breise tugtha san áireamh ar na hiasachtóirí maidir le ceartú agus cúiteamh ó dheireadh mhí Lúnasa.

Fágann sin líon iomlán na gcuntas a thagann san áireamh cothrom le 39,800 ag deireadh na bliana 2018.

Tá tairiscint maidir le ceartú agus cúiteamh faighte faoin tráth seo maidir le 97 faoin gcéad de chuntais na gcustaiméirí a d'fhulaing.  Táthar beagnach ag an tráth a dtugtar na céimeanna maoirseachta den Iniúchadh chun críche agus meastar go mbeidh an tuarascáil dheireanach á foilsiú i rith na míonna seo romhainn.

Leanfaidh an Banc Ceannais de dhúshlán na n-iasachtóirí ar fad a thabhairt go dtí go mbítear cinnte go bhfuil gach grúpa custaiméirí a d'fhulaing tugtha chun suntais.  Cé go bhfuil mórchuid mhór na gcustaiméirí a ndearnadh cur isteach orthu tugtha chun aire faoin tráth seo, d'fhéadfadh go dtarlódh roinnt custaiméirí breise a d'fhulaing a shonrú leis an obair maoirseachta seo sula dtugtar an tIniúchadh chun críche. 

Tá imscrúdú forfheidhmiúcháin á rith an tráth céanna le hobair maoirseachta an Bhainc Cheannais.  Ó tharla céimeanna éagsúla den obair déanta ar bhearta imscrúdúcháin faoi leith, ní de réir aon tráthchlár amháin a thabharfar chun críche iad; ina ainneoin sin, meastar go mbeidh roinnt á dtabhairt chun críche i rith na bliana seo.
Dúirt Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir maidir le hIompraíocht Airgeadais:

“Is é bunús atá riamh leis an obair fhorleitheadach, ionsaitheach, chasta atá déanta againn mar chuid den Iniúchadh go gcinnteofaí go ndéanann na hiasachtóirí na custaiméirí a d'fhulaing ón éagóir a rinne siad a thabhairt chun suntais agus ceartú agus cúiteamh a dhéanamh.  Tá mórchuid mhór na gcustaiméirí a d'fhulaing tugtha chun suntais faoin tráth seo agus airgead íoctha leo, le €647 milliún íoctha mar cheartúchán agus mar chúiteamh faoi dheireadh mhí na Nollag.  Agus céim na maoirseachta den Iniúchadh ag teannadh lena críochnú, leanfaidh an Banc Ceannais de dhúshlán na n-iasachtóirí a thabhairt go tréan láidir maidir leis an obair atá ar bun chun na custaiméirí a d'fhulaing a thabhairt chun suntais, an cás a chur ina cheart agus cúiteamh a chur ar fáil.

Léiríodh leis an Iniúchadh an dochar do-ghlactha is féidir a tharraingt ar an tomhaltóir le mí-iompar, áras cónaithe agus maoine a chailleadh i roinnt cásanna.  Tá an Banc Ceannais tugtha go straitéiseach don rialáil ar iompar na gcomhlachtaí agus ar oibriú na margaí airgeadais a chur ar leibhéal níos airde ionas go gcosnaítear an tomhaltóir.

Rinneadh an tIniúchadh a leagan amach ionas go dtugtar tús áite dá chinntiú go ndearnadh íocaíochtaí ceartúcháin agus cúitimh, de réir mar a bhí dlite dóibh, leis na custaiméirí a d'fhulaing.  Leanfar ar aghaidh leis an obair trí na bearta imscrúdúcháin atá ar bun maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin.”