Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2025 Foilsithe ag an mBanc Ceannais
05 Meitheamh 2026
Preas Ráiteas

Tá an Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil don bhliain 2025 (PDF 3.9MB) foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (Dé hAoine, an 5 Meitheamh 2026).
Le linn dó a bheith ag labhairt ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Bliain a raibh éiginnteacht agus coigeartú suntasach i gceist léi a bhí sa bhliain 2025.”
“Lean boilsciú ar fud na ngeilleagar sárfhorbartha de bheith ag maolú le hais na leibhéal ard a chonachthas sna blianta roimhe sin.” “Sa limistéar euro, choinníomar rátaí úis ag na leibhéil riachtanacha d’fhonn a chinntiú go bhfillfeadh boilsciú ar ár sprioc 2% ar bhonn inbhuanaithe, fiú agus teannais gheopholaitíochta, athrú teicneolaíochta agus an t-aistriú aeráide ag leanúint de thírdhreach ár ngeilleagar agus ár gcóras airgeadais a athmhúnlú.” “Tá an éiginnteacht sin linn go fóill, agus leanfaidh mo chomhghleacaithe agus mé féin dár sainordú a chur i bhfeidhm, agus ár gcinntí fós bunaithe ar na sonraí.”
“Léiríodh athléimneacht i ngeilleagar na hÉireann, agus é tacaithe ag fostaíocht láidir agus ag infheistíocht.” “Thugamar aghaidh i gcónaí ar na dúshláin a bhí i gceist mar gheall ar shrianta bonneagair agus mar gheall ar an timpeallacht sheachtrach éiginnte, a mbíonn tionchar chomh mór sin acu orainn mar gheilleagar beag oscailte a bhfuil earnáil airgeadais mhór aici atá nasctha go hidirnáisiúnta.” “Ní mór dúinn leanúint d’athléimneacht na hÉireann i gcoinne turraingí domhanda a neartú. Bhí an próiseas díbhoilscitheach sa bhliain 2025 inchurtha go príomha do maolú leanúnach na dturraingí praghsanna fuinnimh, ach tá an rúscadh soláthair a d'eascair as an gcogadh san Iaráin le sonrú cheana féin i bpraghsanna níos airde ar thráchtearraí fuinnimh, agus tá sé sin ag cur go mear le costais fuinnimh tomhaltóirí agus gnólachtaí.”
Maidir le héachtaí Bhanc Ceannais na hÉireann le bliain anuas, dúirt an Gobharnóir Makhlouf: “I rith na bliana 2025, tháinig an Cód um Chosaint Tomhaltóirí nuachóirithe i bhfeidhm, tar éis dúinn athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat reatha chun coinneáil suas leis an mbealach a gcuirtear seirbhísí airgeadais ar fáil i ndomhan digiteach.” “Leis na leasuithe, cuirtear feabhas ar na réimsí seo a leanas: faisnéis éifeachtach a sholáthar, tomhaltóirí atá i gcúinsí leochaileacha a chosaint, athrú morgáiste, athnuachan uathoibríoch árachais, calaoisí agus camscéimeanna, agus soláthar táirgí agus seirbhísí neamhrialáilte ag gnólachtaí rialáilte.”
“Leanamar den chlár Bosca Gainimh Nuálaíochta a fhorbairt, agus cuireadh glaoch amach i ndáil le tionscadail a bhaineann le téama na nuálaíochta in íocaíochtaí, d’fhonn caidreamh le lucht nuálaíochta sa réimse sin a neartú agus chun cur leis an léargas atá againn ar theicneolaíochtaí agus ar shamhlacha gnó atá ag teacht chun cinn i gcóras airgeadais na hÉireann. “Ba é téama na bliana 2025 coireacht airgeadais a chomhrac, agus thugamar seacht dtionscadal le chéile a bhain le réimsí nuálaíochta éagsúla ar nós faisnéis a chomhroinnt, fíorú céannachta agus calaois a chosc.”
“Sa bhliain 2025, chuireamar ár gcur chuige nua maoirseachta i bhfeidhm, ar cur chuige é atá dírithe ar cheithre thoradh ríthábhachtacha uileghabhálacha a bhaint amach i ndáil le cosaint: leasanna tomhaltóirí agus infheisteoirí a chosaint; sláine an chórais airgeadais; sábháilteacht agus iontaofacht gnólachtaí; agus cobhsaíocht airgeadais.” “Leanaimid dár dtosaíochtaí agus dár modheolaíochtaí a chur in iúl tríd an Tuarascáil Bhliantúil ar Ionchas Rialála agus Maoirseachta (PDF 1.85MB), agus i mí na Nollag, d’fhoilsíomar ár dtuarascáil ‘Rialáil agus Maoirseacht éifeachtach – creat níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla’ (PDF 440.55KB) ina leagtar amach ár gcur chuige agus an taithí atá faighte againn go dtí seo maidir le castacht a laghdú agus soiléireacht a fheabhsú, le linn athléimneacht agus cosaintí tábhachtacha laistigh den chóras a choinneáil ag imeacht ag an am céanna.”
“Ag leibhéal na heagraíochta, mar thoradh ar ár gcreat nua, cruthaíodh foirne ildisciplíneacha a oibríonn i gcomhar lena chéile laistigh d’earnálacha agus ar fud earnálacha ar mhaithe lenár dtosaíochtaí maoirseachta a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí.
“Rinneamar forfheidhmiú na gcorás rialála nua de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, amhail an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní, an Ionstraim um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil, agus Gníomh an AE um an Intleacht Shaorga, agus chuireamar a shamhail maidir le rialachas freagrach um intleacht shaorga i bhfeidhm i dtaca le feidhm a bhaint as ár n-uirlis inmheánach féin um intleacht shaorga, BankChat, agus as faisnéis ghnó atá feabhsaithe le hintleacht shaorga.”
“Ag tús na bliana 2025, bhunaíomar foireann thiomnaithe chun cionta faoin reachtaíocht seirbhísí airgeadais a imscrúdú agus a ionchúiseamh.” “D’éiríomar inár gComharthóir Iontaofa agus chuireamar tús lenár n-iarrachtaí chun ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint de ghnólachtaí móra teicneolaíochta áirithe, agus reáchtálamar feachtas fógraíochta chun feasacht a mhéadú faoi chamscéimeanna agus chun cur ar chumas daoine iad a sheachaint.”
“D’eisíomar dhá bhonn chomórtha freisin, ceann acu chun 250 bliain ó bhreithlá Dhónaill Uí Chonaill a chomóradh, agus an ceann eile chun éachtaí George Bernard Shaw a cheiliúradh ar chomóradh 100 bliain ó bronnadh Duais Nobel air.”
“Mar léiriú ar ár dtiomantas d’infhaighteacht leanúnach airgid thirim, chuireamar tús lenár bhfreagrachtaí faoin Acht Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar), 2025 trí chlárúcháin cuideachtaí iompair airgid agus oibreoirí UMBanna atá ag feidhmiú sa Stát a phróiseáil, eintitis atá freagrach as comhlíonadh an Achta a ainmniú, agus dhá chomhairliúchán phoiblí a sheoladh (ceann amháin maidir le hEasnamh Áitiúil agus ceann eile maidir le Ceanglais d’Oibreoirí UMBanna).”
“Ghníomhaíomar i leith phlean gníomhaíochta an Rialtais um athchóiriú árachais 2025, trí bhearta a chur i bhfeidhm chun trédhearcacht níos fearr sa mhargadh a chur chun cinn d’fhonn margadh árachais níos cothroime agus níos inacmhainne a bhaint amach, lena n-áirítear eisiúintí níos tapúla sonraí ón Bunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh.
“Is iad na daoine a oibríonn anseo a chuireann ar ár gcumas ár n-obair ilghnéitheach agus dúshlánach a chur i gcrích, agus is inmholta an dúthracht agus an ghairmiúlacht a léiríonn siad agus iad ag tabhairt faoin dúshlán.” Ionracas agus bá, misneach agus umhlaíocht, an comhar agus sárfheabhas – is lóchrann againn ar fad na luachanna sin. “Neartaíonn ár n-éagsúlacht agus ár gcuimsitheacht sinn, agus thar mo cheann féin agus thar ceann an Choimisiúin, gabhaimid buíochas leo as a ndúthracht agus a dtiomantas don leas poiblí agus do leas an phobail i gcoitinne.”
Tuilleadh Eolais
Gheorghe Rusu | 086 102 9986 | gheorghe.rusu@centralbank.ie
An Oifig um Chaidreamh leis na Meáin | media@centralbank.ie
Nótaí don Eagarthóir
Tá blag scríofa ag an nGobharnóir Makhlouf faoin Tuarascáil Bhliantúil, ina dtugtar forléargas ar an ionchas eacnamaíoch, achoimre ar éachtaí Bhanc Ceannais na hÉireann, agus an t-eolas is déanaí faoinár staid airgeadais ag deireadh na bliana seo caite.