Athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos.)

Athscríbhinn den fhíseán: "An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Abair Leat"

Abair leat

Tá athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh ag Banc Ceannais na hÉireann ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí.

Is ionann an Cód um Chosaint Tomhaltóirí agus sraith prionsabal agus rialacha nach mór do ghnólachtaí rialáilte airgeadais a leanúint nuair bheidh siad i mbun an méid seo a leanas:

  • Táirgí agus seirbhísí airgeadais a dhíol leat
  • Faisnéis nó comhairle airgeadais a thabhairt duit
  • Táirgí nó seirbhísí airgeadais a fhógairt
  • Déileáil le do chuid gearán.

Forbraíodh an Cód chun tú a chosaint agus tú i do thomhaltóir táirgí agus seirbhísí airgeadais.

Chuaigh an Cód chun leasa tomhaltóirí. Bhunaigh sé sraith láidir rialacha agus ionchas maidir leis an gcaoi inar ceart do ghnólachtaí déileáil lena gcuid custaiméirí. Chuir sé ar ár gcumas idirghabháil a dhéanamh chun tomhaltóirí a chosaint - amhail dul i ngleic leis an droch-chaoi ar chaith an earnáil baincéireachta le custaiméirí a raibh morgáistí rianúcháin acu, nó leis an gcaoi ar chaith an earnáil árachais go míchothrom le custaiméirí dílse.

Mar sin féin, mar gheall ar thimpeallacht na seirbhísí airgeadais atá ag athrú go tapa, tá athbhreithniú á dhéanamh ar an gCód anois ag an mBanc Ceannais. 

Is éard is aidhm don athbhreithniú an Cód a nuachóiriú lena chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá aige agus go gcosnóidh sé tomhaltóirí sa lá atá inniu ann agus amach anseo. 

Cén chaoi a rachfar i mbun an Athbhreithnithe?

Tá trí chéim leathana i gceist leis an Athbhreithniú:

Plépháipéar

Tuigimid gur gá go mbeadh mar bhonn eolais don Chód, taithí agus léargas na ndaoine sin a bhfuil sé d’aidhm ag an gCód iad a chosaint - mar aon le taithí agus léargas na ndreamanna sin a bheidh á rialáil aige.

Is é sin an fáth a bhfuil an Plépháipéar foislithe againn. Is mian linn aiseolas a fháil ón bpobal, ón tionscal agus ó chomhlachtaí tomhaltóirí/ionadaíocha maidir leis an gcaoi inar ceart do chosaint tomhaltóirí sna seirbhísí airgeadais forbairt chun go mbeidh sé éifeachtach i gcónaí. Cuideoidh na tuairimí seo le forbairt an Chóid chun go leanfaidh sé de thomhaltóirí a chosaint.

Sa Phlépháipéar, lorgaítear tuairimí ar ábhair cosanta tomhaltóirí ar leith - infhaighteacht agus rogha earraí airgeadais, gnólachtaí ag gníomhú ar son leasanna is fearr na dtomhaltóirí, nuálaíocht agus cur isteach, digitiú, leochaileacht, tuiscint ar chúrsaí airgeadais agus ceisteanna aeráide. 

Leis an ionchur seo uaitse sa chéad chéim den athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, is féidir linn oibriú i dtreo an Cód a athnuachan chun a chinntiú go mbeidh sé ábhartha agus éifeachtach i gcónaí chun leas is fearr tomhaltóirí seirbhísí airgeadais a bhaint amach sna blianta amach romhainn.

Is é seo a leanas struchtúr ár bPlépháipéir:

 

Abair leat

Cé na hathruithe is gá a dhéanamh ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, dar leat, chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm i gcóras airgeadais an lae inniu?

Tabharfar deis duitse do chuid tuairimí féin a thabhairt leis an bPlépháipéar seo.

Chun an raon is leithne tuairimí a fháil, tá dhá shuirbhé ar líne seolta againn - ceann atá dírithe go príomha ar an tionscal agus ar chomhlachtaí tomhaltóirí/ionadaíocha, agus ceann atá dírithe ar an bpobal.

Sa mhionsuirbhé don tionscal/do chomhlachtaí ionadaíocha, is féidir freagraí níos mionsonraithe a thabhairt ar an bhfaisnéis atá sa Phlépháipéar. Molaimid duit an Plépháipéar a léamh sula gcomhlánaíonn tú an suirbhé don tionscal/do chomhlachtaí ionadaíocha.

Sa suirbhé gearrfhoirme don phobal, tá ceisteanna ilrogha ardleibhéil ar na hábhair beartais atá sa Phlépháipéar. Tógfaidh sé tuairim is cúig nóiméad an suirbhé seo a chomhlánú. Cé go moltar duit an Plépháipéar a léamh, is féidir leat an suirbhé a chomhlánú gan aon rud a léamh roimh ré. Tá fáilte roimh dhaoine den phobal an mionsuirbhé a chomhlánú freisin.

Comhlánaigh an mionsuirbhé don tionscal/do chomhlachtaí ionadaíocha
Comhlánaigh an suirbhé gearrfhoirme don phobal

Consumer Protection Code Review – Discussion Paper | pdf 2317 KB

Is é 5.00pm Dé hAoine an 31 Márta 2023 an spriocdháta le haghaidh aiseolais.
Foilseoimid achoimre ar an aiseolas a gheobhaimid ón dá shuirbhé sa dara ráithe de 2023.