Rialacha maidir le hÁrachas Tí agus Gluaisteán

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos.)

(Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil.)

Athscríbhinn den fhíseán: “Cad iad na rialacha nua atá ann in 2022 chun tomhaltóirí árachais tí agus gluaisteán a chosaint?”

Tá rialacha nua tugtha isteach ag Banc Ceannais na hÉireann chun tomhaltóirí árachais tí agus gluaisteán a chosaint - beidh éifeacht leo ón 1 Iúil 2022.

Éiríonn na rialacha nua seo as athbhreithniú 2021 ar phraghsáil dhifreálach sna margaí árachais tí agus gluaisteán.

Ba é príomhthátal an athbhreithnithe seo go bhféadfadh torthaí éagóracha a bheith ann do thomhaltóirí áirithe de thoradh an chleachtais ar a dtugtar siúl praghsanna. 

Mhol an Banc Ceannais sraith beart chun an creat cosanta tomhaltóirí a neartú sna réimsí seo a leanas: cleachtais phraghsála, athbhreithniú bliantúil agus coimeád taifead, agus athnuachaintí uathoibríocha.

Leagadh na bearta sin amach i bpáipéar comhairliúcháin foirmiúil, inar lorgaíodh tuairimí ó pháirtithe leasmhara ábhartha.

Tugadh an tréimhse comhairliúcháin chun críche an 22 Deireadh Fómhair 2021 agus fuarthas 14 fhreagairt.

Tá na freagairtí seo, agus ráiteas aiseolais ón mBanc Ceannais, foilsithe anois.

Rialacha nua chun tomhaltóirí a chosaint

Tar éis don Bhanc Ceannais an próiseas comhairliúcháin a thabhairt chun críche, tá na rialacha nua seo a leanas á dtabhairt isteach aige chun tomhaltóirí a chosaint agus chun ceannach árachais gluaisteán agus tí a dhéanamh níos córa. Tiocfaidh na rialacha seo in éifeacht an 1 Iúil 2022.

  1. Cosc ar chleachtas “Siúl Praghsanna”
  2. Tá cosc á chur ag an mBanc Ceannais ar chleachtas ar a dtugtar “siúl praghsanna”. Is é sin, dá fhaide a fhanann tú le d’árachóir is ea is airde an phréimh a ghearrfar ort.

    Le cosc ar chleachtas “siúl praghsanna”, cuirtear deireadh le “pionós dílseachta” a ghearrtar ar thomhaltóirí árachais as fanacht leis an árachóir céanna.  Ón 1 Iúil 2022, ní féidir le do sholáthraí árachais préimh níos airde a ghearradh ort nuair a bheidh d’árachas tí nó gluaisteán á athnuachan agat nár mar a ghearrfaidís ar thomhaltóir bliain a haon a mbeidh a bpolasaí á athnuachan acu.

  3. Athbhreitniú ar bheartais agus ar phróisis phraghsála
  4. Beidh ar sholáthraithe árachais gluaisteán agus tí athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais agus a bpróisis phraghsála ar bhonn bliantúil. Cinnteoidh sé seo go ndíreoidh soláthraithe árachais ar chleachtais phraghsála agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na cleachtais seo ar chustaiméirí, fad a chinnteofar go bhfuiltear ag cloí leis na forálacha praghsála nua agus go bhfuiltear ag caitheamh go cóir le tomhaltóirí.

  5. Próiseas uathoibríoch athnuachana
  6. Má dhéantar do pholasaí árachais tí nó gluaisteán a athnuachan go huathoibríoch, tabharfar faisnéis bhreise duit anois a bheidh comhsheasmach ar fud na soláthraithe árachais. Cabhróidh sé seo leat cinntí eolasacha a dhéanamh nuair a bheidh d’árachas á athnuachan agat agus meabhróidh sé duit féachaint an bhfuil do pholasaí ag freastal ar do riachtanais i gcónaí agus an ceart duit smaoineamh ar athrú go dtí solátharaí eile.

Féach freisin: