Nuacht
Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2024 foilsithe ag an mBanc Ceannais
29 Bealtaine 2025
Preas Ráiteas

Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil don bhliain 2024 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu an 29 Bealtaine 2025.
Le linn dó a bheith ag labhairt ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Athrú an ghné is suntasaí atá le lua leis an mbliain 2024.
Táthar inniu sa chás go bhfuil tréimhse romhainn lena mbaineann deacrachtaí agus deiseanna do chúrsaí eacnamaíocha in Éirinn agus sin i gcomhthéacs éiginnteacht maidir le cúrsaí go hidirnáisiúnta. Tá teannas agus castacht den suntas ag baint le cúrsaí geopholaitiúla an domhain, agus is féidir coimhlintí leasa, athruithe maidir le comhghuaillíocht mar gheall ar athrú meoin agus neamhspleáchas breise idir blocanna eacnamaíocha a lua mar chúiseanna leis sin.
Deir an Gobharnóir Makhlouf agus súil siar aige ar an mbliain seo caite: “I rith na bliana 2024, rinneadh Straitéis an Bhainc Ceannais a leasú, de réir na linne agus de réir na réimsí ionas go leagfaí béim ar roinnt de na bearta a bheadh á ndéanamh againn chun cuspóirí an bhainc a thabhairt i gcrích as seo go ceann trí bliana.
“Tugadh athruithe i bhfeidhm maidir leis an réimeas Feidhmiúlachta agus Cuibhis lena n-áirítear, tar éis d’Andrea Enria athbhreithniú a dhéanamh, meitheal nua Feidhmiúlachta agus Cuibhis a chur ar bun taobh istigh den Bhanc Ceannais. Cuireann sé sin ar ár gcumas feabhas a chur ar ár gcuid próiseas, rud a rachaidh chun tairbhe do na cuideachtaí sin a bhíonn á rialáil againn, fad a leanfaimid dár n-ardchaighdeáin a choinneáil i bhfeidhm.
“Foilsíodh saothar géaranailíse ar chúrsaí tithíochta agus cuireadh aidhmeanna príomhthábhachta éagsúla chun cinn maidir le beartais macrastuamachta i ndáil le Cistí Infheistíochta bunaithe ar Dhliteanas in ainmníocht Phunt na Breataine agus foilsíodh Ráiteas Aiseolais maidir le plépháipéar faoin gcur chuige maidir le beartas macrastuamachta le haghaidh cistí infheistíochta.
“Tugadh modh nua slánchóirithe i bhfeidhm i rith na bliana i ndáil le cúrsaí rialála agus maoirseachta agus bhí obair mhór atheagrúcháin i gceist leis sin. Cuirfidh sé sin, maille le nithe eile, ar ár gcumas feidhmiú níos luaithe i ndáil leis na gnéithe baoil a bhaineann leis na hearnálacha a ndéanaimid maoirseacht orthu agus leis na tomhaltóirí a saothraítear ar mhaithe lena gcosaint.
“Seoladh freisin an Bosca Gainimh Nuálaíochta, i gcomhar le gnólachtaí éagsúla, agus béim ar chur i gcoinne na coiriúlachta i gcúrsaí airgeadais. Cuireadh le hacmhainn an Bhainc maidir le cúrsaí sonraí agus staidrimh, trí shraith nua Frontier Statistics a sheoladh agus eile.
“Rinneadh cion mór tairbhe, i gcomhar leis an Roinn Airgeadais, maidir le Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí na hÉireann a leagan amach chomh maith le cur le hobair an Bhainc Ceannais Eorpaigh d’fhonn ár n-aidhmeanna maidir leis an Eurochóras a chomhlíonadh mar ghné de chéim an ullmhúcháin den togra maidir le euro digiteach.
“Feictear dúinn gur féidir leis an gcóras airgeadais freastal don athrú go dtí córas eacnamaíoch atá neodrach ó thaobh carbóin agus leantar den obair ina leith sin agus ábhar baoil don aeráid á thabhairt san áireamh againn ó thaobh meon oibre agus modhanna maoirseachta, mar is léir mar shampla ó fhoilsiú na tuarascála maidir le réimsí easnaimh i ndáil le Cosaint ar Thuilte.
Leanadh leis an obair ullmhúcháin i rith na bliana maidir le míreanna nua reachtaíochta trasearnála a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní, an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil agus Gníomh AE um an Intleacht Shaorga. Cuireadh an Creat Freagrachta Aonair i bhfeidhm agus tugadh an t-athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí chun críche.
“Le haird faoi leith ar ghnéithe eagrúcháin, tá stádas airgeadais an Bhainc docht daingean i gcónaí ainneoin an caillteanas a tharla mar gheall ar bhearta riachtanacha i ndáil leis an mbeartas airgeadaíochta d’fhonn cobhsaíocht praghsanna a thabhairt i gcrích. Léiríonn caillteanas den sórt sin úsáid chlár comhardaithe an Bhainc mar uirlis beartais, agus – le tamall de bhlianta anuas – tá maoláin shuntasacha airgeadais curtha i dtoll a chéile ag an mBanc Ceannais d’fhonn a bheith ullamh dá leithéid de chás.
“Is casta de réir a chéile an córas airgeadais idirnáisiúnta ina bhfeidhmíonn Banc Ceannais na hÉireann agus is tréine agus is géire an t-éileamh dá réir ar shaineolas domhain ar fud na réimsí éagsúla sainchúraim a leagtar ar an mBanc. Murach na daoine a oibríonn sa Bhanc agus a gcuid dúthrachta agus díograise i mbun gach deacracht nua dá gcastar rompu a shárú, níorbh indéanta an obair chrua ilghnéitheach seo. Ionracas agus bá, misneach agus umhlaíocht, an comhar agus sárfheabhas – is lóchrann againn ar fad na luachanna sin. Neartaíonn an iléagsúlacht agus an lánpháirtíocht sinn uilig, an duine faoi leith agus an eagraíocht ina hiomláine. Is mór an onóir domsa agus do m’fhoireann ceannaireachta a bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe agus is mian linn buíochas a ghabháil leo as a gcuid díograise agus dúthrachta ar mhaithe le leas an phobail agus leas an uile dhuine den phobal.