Seanairgead nó Airgead Damáistithe a Mhalartú

Fógra | Is féidir leat coinne a dhéanamh chun airgead a mhalartú sa Bhanc Ceannais

Is gá duit coinne a dhéanamh chun nótaí bainc nó boinn a mhalartú i bpearsa in oifig phoiblí an Bhainc Ceannais. Tá sé seo i gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19.

Tá eolas thíos maidir leis an gcaoi chun coinne a dhéanamh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Banc Ceannais na hÉireann chun seanairgead nó airgead damáistithe a mhalartú. Leis an tseirbhís seo, is féidir leat an méid seo a leanas a mhalartú:

  • IR£ punt:  Sean-nótaí bainc agus sean-bhoinn Éireannacha nó nótaí bainc damáistithe agus boinn dhamáistithe Éireannacha
  • € euro: Nótaí bainc damáistithe euro agus boinn dhamáistithe euro

Ní féidir leat an méid seo a leanas a mhalartú:

Má ghlactar le d’iarratas, déanfaimid aisíocaíocht leat trí airgead a aistriú chuig do rogha cuntas bainc. Ní féidir linn airgead tirim a íoc leat.

Conas iarratas a dhéanamh

Lean na céimeanna anseo thíos chun d’iarratas a ullmhú.

Céim 1. Ullmhaigh do chuid nótaí agus bonn

IR£ punt:  Seanairgead nó airgead damáistithe

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun sean-phuint agus sean-bhoinn IR£ a mhalartú ar euro.

IR£1 = €1.269738 is ea an ráta malairte.

Is féidir leat sean-phuint dhamáistithe IR£ a mhalartú freisin. Mar shampla, nótaí bainc atá leathdhóite, gearrtha nó lofa.

Féach thíos maidir leis an gcaoi chun airgead a ullmhú agus a phacáistiú, roinnt coinníollacha speisialta san áireamh.

€ euro: Nótaí bainc damáistithe agus boinn dhamáistithe

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun nótaí bainc damáistithe agus boinn dhamáistithe euro a mhalartú. Déanfaidh an Banc Ceannais measúnú ar d’iarratas i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta atá faoi rialú ag Cinneadh an 19 Aibreán 2013 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hainmníochtaí, sonraíochtaí, atáirgeadh, malartú agus aistarraingt nótaí bainc euro (BCE/2013/10)

Féach thíos maidir leis an gcaoi chun airgead a ullmhú agus a phacáistiú, roinnt coinníollacha speisialta san áireamh.

Céim 2. Íoslódáil agus líon isteach an fhoirm iarratais/na foirmeacha iarratais

Tá foirmeacha ar leith ann le haghaidh nótaí bainc agus boinn euro agus le haghaidh nótaí bainc agus boinn Éireannacha.

€ euro

Malartaigh nótaí bainc damáistithe € euro | pdf 273 KB Malartaigh monaí damáistithe € euro | pdf 273 KB

IR£ punt

Malartaigh nótaí bainc IR£ | pdf 158 KB Malartaigh monaí IR£ | pdf 803 KB

Céim 3. Ullmhaigh doiciméid tacaíochta

Iarratas pearsanta os cionn €200

Más mó ná €200 luach an mhalartaithe, ní mór duit fótachóip ardchaighdeáin a chur ar fáil de dhoiciméad oifigiúil aitheantais ar a dtaispeánfar an t-ainm atá luaite sna sonraí cuntais bainc a thug tú ar d’fhoirm iarratais. Mar shampla:

  • Do phas
  • Do cheadúnas tiomána

Is gá go mbeidh d’ainm iomlán agus grianghraf le feiceáil go soiléir ar an bhfótachóip. Is gá duit freisin cruthúnas a thabhairt ar do sheoladh agus ar úinéireacht an chuntais bainc a ndéanfar an t-airgead malartaithe a íoc isteach ann (e.g. ráiteas folaithe bainc).

I gcás ina mbeidh méid níos mó ná €1,000 i gceist, ní mór duit sonraí iontaofa neamhspleácha a chur ar fáil, mar aon le doiciméid agus/nó faisnéis chun foinse na gcistí a chruthú agus/nó cruthúnas ar úinéireacht na nótaí bainc.  Mar shampla:

  • doiciméid lena bhfianaítear go ndearnadh íocaíochtaí leat
  • ráitis cuntais bainc/admhálacha ar aistarraingtí cuntas 
  • admhálacha ar dhíolachán
  • doiciméid dhlíthiúla, etc.

Iarratas gnó os cionn €200

Déan cinnte go bhfuil an t-eolas seo a leanas ag gabháil le d’iarratas:

  • Uimhir CRO (an Oifig um Chlárú Cuideachtaí)
  • Fótachóip ardchaighdeáin de ráiteas folaithe bainc le haghaidh chuntas bainc na cuideachta a shonraítear ar d’fhoirm iarratais.

Céim 4. Seiceáil na coinníollacha iarratais eile

B’fhéidir go mbeidh ort coinníollacha eile a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar mhalartú. Mar shampla, sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá na nótaí nó boinn éillithe e.g. le fuil nó le ceimiceáin
  • Más gá tástáil bhreise a dhéanamh ar na nótaí nó boinn
  • Más gá na nótaí nó boinn a láimhseáil ar mhodh speisialta
  • Más mó ná 10KG meáchan na nótaí nó na mbonn (10KG is ea an meáchan uasta i gcás lóisteálacha bonn).

Léigh na coinníollacha go léir thíos.

Céim 5. Cuir isteach d’iarratas

Tá trí rogha agat chun d’iarratas a chur chuig an mBanc Ceannais:

Rogha 1: I mbrainse de bhanc miondíola

I gcásanna áirithe, beidh tú ábalta seanairgead Éireannach nó airgead damáistithe a mhalartú i do bhrainse bainc. Beidh ort foirm mhalartaithe iomchuí an Bhainc Ceannais a líonadh i mbrainse de bhanc miondíola, ansin beidh siadsan in ann an t-iarratas a chur ar aghaidh chuig an mBanc Ceannais ar do shon. Déan teagmháil dhíreach le do bhanc chun an rogha seo a fhiosrú.

Rogha 2: Post Cláraithe

Is féidir le hiarratasóirí in Éirinn an fhoirm iomchuí a líonadh isteach agus a sheoladh go díreach leis an bPost Cláraithe chuig an seoladh atá liostaithe ar an bhfoirm.

Féach suíomh gréasáin An Post chun tuilleadh eolais a fháil maidir le nithe srianta a sheoladh leis an bpost. Ar do phriacal féin atá sé iarratas a sheoladh leis an bpost chuig an mBanc Ceannais.

Rogha 3: In Oifig Phoiblí an Bhainc Ceannais [ach choinne a dhéanamh]

I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí agus rialtais, tá srianta i bhfeidhm faoi láthair maidir le cuairteoirí chuig ár n-oifig phoiblí de thoradh COVID-19 agus is gá coinne a dhéanamh.

Conas coinne a dhéanamh le Banc Ceannais na hÉireann chun Punt Éireannach (IEP) agus nótaí bainc damáistithe euro a mhalartú.

Coinníollacha speisialta a bhaineann le Covid-19: Beidh an tseirbhís thuasluaite ar fáil suas go dtí Leibhéal 4 de Phlean an Rialtais maidir le Maireachtáil le Covid-19 (agus Leibhéal 4 san áireamh). Beidh foirgneamh an Bhainc Ceannais dúnta do chuairteoirí má bhíonn srianta Leibhéal 5 den phlean sin i bhfeidhm.

Is féidir coinne a dhéanamh ag na hamanna seo a leanas: 13.00, 13.30 agus 14.00 ó Luan go hAoine.

Cuir ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glaoch ar +353 (1) 2245969 chun coinne a dhéanamh.

Nuair a bheidh do choinne deimhnithe, iarrfar ort foirm féindearbhúcháin maidir le Coivd-19 a líonadh roimh do chuairt. Cuirfear an fhoirm seo chugat leis an ríomhphost mar aon le treoracha chun teacht ar an bhfoirm iarratais ar líne (Céim 2).

Ní mór cóip pháipéir den fhoirm Féindearbhúcháin a thabhairt leat ar lá do choinne agus coinneofar an fhoirm sin mar chuid den iarratas.

Do choinne sa Bhanc Ceannais

Nuair a thiocfaidh tú isteach sa Bhanc Ceannais, iarrfaidh an lucht Slándála ort do theocht a thógáil ar mhaithe le bearta sláinte agus sábháilteachta. Má tá do theocht ard, ní mór duit an foirgneamh a fhágáil agus filleadh i gceann 10 nóiméad chun í a thógáil arís. Má tá do theocht ard an dara huair, ní féidir leat freastal ar do choinne. Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na foirne agus daoine eile den phobal, beidh ort an foirgneamh a fhágáil agus coinne nua a dhéanamh amach anseo. Cuirfidh an lucht Slándála nó an fhoireann fáiltithe in iúl do na hairgeadóirí go raibh ort imeacht.

Má tá gnáth-theocht agat, is féidir leat dul chuig Oifig na nAirgeadóirí san ionad fáiltithe ag am do choinne.

Ní mór do chuairteoirí chuig an bhfoirgneamh cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh gach tráth.

Coinní Siúil Isteach

Beidh dhá choinne siúil isteach ar fáil ag 15.00 agus 15.15 do dhaoine den phobal ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. (Tabhair faoi deara, le do thoil: mura na coinní níos luaithe san iarnóin curtha in áireamh, beidh siad sin ar fáil freisin do dhaoine den phobal ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce.’)

Chun a chinntiú go bhfreastalófar ort, molaimid duit coinne a dhéanamh roimh ré mar atá leagtha amach thuas. Má bhíonn tú ag brath ar an tseirbhís siúil isteach, níl aon chinnteacht ann go mbeidh teacht agat ar an tseirbhís má bhíonn éileamh mór uirthi. B’fhéidir go n-iarrfar ort teacht ar ais lá éigin eile mura bhfuil coinne siúil isteach ar fáil.

Mura bhfuil coinne agat, tabharfaidh duine den lucht slándála cóip pháipéir duit den fhoirm Féindearbhúcháin maidir le Covid-19. Ní mór duit an fhoirm sin a líonadh agus coinneofar mar chuid de d’iarratas í.

Má tá coinne déanta agat chun teacht isteach chuig an bhfoirgneamh, nó má tá tú ag smaoineamh ar an tseirbhís siúil isteach, ní mór duit foirmeacha éagsúla a líonadh agus a thabhairt d’Oifig na nAirgeadóirí.

Céim 6. Tar éis duit iarratas a dhéanamh

Nuair a bheidh d’iarratas faighte againn, seiceálfaimid go bhfuil na nithe seo a leanas ann:

  1. Foirm/foirmeacha iarratais, a bheidh líonta isteach
  2. An t-airgead atá le malartú i.e. nótaí agus/nó boinn
  3. Doiciméid tacaíochta (más gá)

Seiceálfaimid coinníollacha eile más gá, e.g. meáchan, éilliú, etc.

Próiseálfaimid d’iarratas ansin. Chuige sin, b’fhéidir go mbeidh orainn tástáil a dhéanamh ar na nótaí nó ar na boinn agus teagmháil a dhéanamh le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim, leis an nGarda Síochána, agus le húdaráis inniúla eile.

Malartú iomlán

Déanfar iarratais a mheas agus a chinneadh i gcomhréir le nósanna imeachta an Bhainc Ceannais atá faoi rialú ag Cinneadh an 19 Aibreán 2013 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hainmníochtaí, sonraíochtaí, atáirgeadh, malartú agus aistarraingt nótaí bainc euro (BCE/2013/10). Déanfaidh an Banc Ceannais a dhícheall iarratais a chinneadh laistigh de thréimhse réasúnach.   Beidh taiscthí ardluacha faoi réir grinnscrúdú breise agus má mheastar gur gá dul i dteagmháil le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim, leis an nGarda Síochána agus/nó le húdaráis inniúla eile, beidh tréimhse ama níos faide i gceist chun cinneadh a dhéanamh ina leith.

Má dhiúltaítear do d’iarratas

Mura gcomhlíonann d’iarratas na coinníollacha go léir, diúltófar do d’iarratas agus cuirfimid ár gcinneadh agus na fáthanna atá leis in iúl duit i scríbhinn. Mar shampla, má chuireann tú níos lú ná leath de nóta bainc euro ar fáil lena mhalartú agus mura gcuireann tú cruthúnas ar fáil gur scriosadh na codanna den nóta atá ar iarraidh.

Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais, nó leis an gcaoi inar chaith an eagraíocht leat, is féidir leat gearán a dhéanamh linn.

Féach anseo thíos na coinníollacha a bhaineann le diúltú.

Rialacháin agus Coinníollacha

€ euro agus IR£ punt

€ euro:

€ euro:

Conas a úsáidfimid do chuid faisnéise

Do chearta

Tá cearta áirithe agat faoi na dlíthe um chosaint sonraí. Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir leis an reachtaíocht um chosaint sonraí.  Is féidir leat aon cheisteanna maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Banc Ceannais na hÉireann a sheoladh chuig [email protected]. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ina ndéileálann Banc Ceannais na hÉireann le do chuid sonraí pearsanta ar ár leathanach gréasáin maidir le príobháideachas.

Teagmháil agus cúnamh

Má tá aon cheisteanna agat maidir leis an tseirbhís seo, déan teagmháil linn, le do thoil.