Gearáin faoi Bhanc Ceannais na hÉireann

Tá an Banc Ceannais meáite ar a chinntiú go gcaithfidh ár bhfoireann leat le meas agus le béasa i gcónaí agus déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go ndéileálfaidh an duine cuí le d'iarratas nuair a dhéanfaidh tú teagmháil linn. Iarraimid ort meas a bheith agat ar ár bhfoireann freisin, agus a bheith béasach leo.

Tá Cairt Chustaiméirí ag an mBanc Ceannais ina leagtar amach cineál agus leibhéil na seirbhísí ar féidir le custaiméirí bheith ag súil leo nuair a bheidh siad ag plé leis na seirbhísí poiblí éagsúla a chuireann an Banc Ceannais ar fáil. Mar a luaitear inár gCairt Chustaiméirí, má tá aon ní ag cur as duit maidir le seirbhísí atá faighte agat nó maidir leis an mbealach inar chaith an eagraíocht leat, is féidir leat gearán a dhéanamh linn faoinár Nos Imeachta Laimhseala Gearan.

Chun críocha an nós imeachta seo, sainmhínítear gearán mar léiriú míshástachta ag duine den phobal/custaiméir de chuid an Bhainc Ceannais i ndáil le seirbhís atá faighte acu ón mBanc Ceannais, arna sainmhíniú sa Chairt Chustaiméirí, agus/nó maidir leis an gcaidreamh a bhí acu leis an mBanc Ceannais.

  • Más mian leat gearán a dhéanamh faoi sholáthraí seirbhísí airgeadais
    Cé nach n-imscrúdófar gearáin faoi sholáthraithe seirbhísí airgeadais faoin nós imeachta seo, is féidir leat breathnú ar conas gearán a dhéanamh faoi Sholáthraí Seirbhísí Airgeadais chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Más mian leat Nochtadh Cosanta a dhéanamh
    Cé nach n-imscrúdófar Nochtadh Cosanta faoin nós imeachta seo, is féidir leat breathnú ar Nochtadh Cosanta chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Sa nós imeachta féin, tá samplaí eile de ghearáin nach dtagann faoi raon feidhme an nós imeachta seo.

Conas gearán a dhéanamh faoin mBanc Ceannais

Is féidir leat gearán a dhéanamh ar bhealaí éagsúla:

  1. Ar an gcéad dul síos, ba cheart gearán a chur faoi bhráid an réimse gnó lena mbaineann an gearán.
  2. I gcás nach mbeidh Gearánach cinnte faoin réimse gnó lena mbaineann an gearán, is féidir an gearán a chur chuig Oifigeach Gearán an Bhainc Ceannais (an tOifigeach Gearán).

R-phost: [email protected]

Seoladh:

An tOifigeach Gearán
An Rannán um Rialachas Inmheánach
Banc Ceannais na hÉireann
Bosca PO 559
Sráid Wapping Nua
Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1

Uimhir Ghutháin: +353 1 224 6000

Gearán a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ghearáin ar an suíomh gréasáin.  

I gcás ina bhfaighfear gearán ar an nguthán, féadfar go n-iarrfar ar Ghearánaigh an gearán a dheimhniú i scríbhinn.

Má tá gearán á dhéanamh agat leis an mBanc Ceannais, déan cinnte go gcuireann tú an t-eolas seo a leanas ar fáil:

  1. D’ainm agus do Shonraí Teagmhála (seoladh ríomhphoist, seoladh poist agus uimhir ghutháin)
  2. Réimse gnó/feidhme nó duine (más cuí) lena rabhthas ag plé
  3. Dátaí/amlíne ábhartha
  4. Sonraí an ghearáin
  5. Cibé acu an ndearna tú gearán leis an mBanc Ceannais roimhe seo ar an ábhar seo agus, má rinne, sonraí an ghearáin 

Próiseas Gearán

Tá gearrchuntas den phróiseas gearán agus den chaoi ina n-oibríonn sé le fáil sa Nós Imeachta Láimhseála Gearán. Go hachomair, tá trí chéim ann:

  • Céim 1 - Measúnú/Próiseáil Gearáin ag an Réimse Gnó - is ag an leibhéal áitiúil a fhéachfar le gearán a réiteach ar an gcéad dul síos.  
  • Céim 2 - Má tá Gearánach míshásta leis an bhfreagairt a fhaightear ón réimse gnó, is féidir iarratas ar imscrúdú a chur faoi bhráid an Oifigigh Gearán.
  • Céim 3 - Má tá Gearánach fós míshásta le toradh an imscrúdaithe, is féidir iarratas ar achomharc a chur faoi bhráid an Oifigigh Gearán.  Breithneoidh ball foirne níos sinsearaí aon iarratais ar achomharc agus ceapfar Athbhreithneoir neamhspleách i gcás ina measfar go bhfuil údar leis an Achomharc.

Aon ghearáin a mheasfar a bheith lasmuigh de raon feidhme an Nós Imeachta Láimhseála Gearán, déileálfaidh an réimse gnó ábhartha leo agus cuirfear é sin in iúl dá réir sin do na Gearánaigh.

Amlínte chun Gearán a Mheasúnú

  • Admhóimid laistigh de chúig lá oibre go bhfuarthas gearán.
  • Déanfaimid do ghearán a mheasúnú agus eiseoimid freagra laistigh de 40 lá oibre ón ngearán bunaidh a fháil.
  • Mura mbeimid ábalta ár measúnú a chríochnú laistigh den amscála seo, tabharfaimid eolas chun dáta duit maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh, mar aon le hamscála measta chun an measúnú a chur i gcrích.

Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoin Acht um Míchumas

Chomh maith leis sin, tá Nós Imeachta Láimhseála Gearán faoin Acht um Míchumas ag an mBanc Ceannais i gcomhréir le treoir ón Údarás Náisiúnta Míchumais.