An Gnáthamh chun Gearán a dhéanamh

Gearán faoi institiúid rialáithe airgeadais

Má tá gearán agat faoi institiúid rialáilte airgeadais, ba chóir duit é a phlé leis an institiúid airgeadais féin ar dtús. Faoinár gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do gach gnólacht rialáilte gnáthamh a bheith acu chun déileáil le gearáin.

Má d'úsáid tú gnáthamh na hinstitiúide chun déileáil le gearáin agus mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú, tá sé de cheart agat an gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, ar comhlachtaí neamhspleácha reachtúla iad. Déileálann Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais le gearáin a dhéantar faoi ghnólachtaí seirbhísí airgeadais. Déileálann Ombudsman na bPinsean le gearán faoi dhuine ar bith atá freagrach as do scéim pinsin fostóra nó PRSA a bhainistiú. Ní dhéanann an Banc Ceannais gearáin leithleacha a fhiosrú.

Ar shuíomh idirlín airgeadais phearsanta an Choimisiúin um Iomaíocht agus um Chosaint Tomhaltóirí (CCPC) tá treoir chéim ar chéim a chuideoidh leat sa chás gur mian leat gearán a dhéanamh faoi sholáthróir rialáilte seirbhíse airgeadais.

Ina theannta sin, féadfaidh an Banc Ceannais cinneadh a dhéanamh gearáin ghinearálta thromhchúiseacha nó chórasacha faoi sholáthróirí rialáilte seirbhísí airgeadais a fhiosrú. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar [email protected] chun cásanna den sórt sin a chur in iúl dúinn. Ba chóir gearáin faoi fhógráin de chuid eintiteas rialáilte a chur faoi bhráid [email protected]. De bhun ceanglas rúndachta, áfach, ní féidir linn aon eolas a chur ar fáil faoi chás ar bith, lena n-áirítear torthaí ár gcuid fiosruithe.

Naisc úsáideacha eile