Fad atá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as measúnú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le neamhchomhlíontacht gnólachtaí seirbhísí airgeadais le EEA agus bearta leantacha dhéanamh ina leith, is seirbhís neamhspleách, neamhchlaonta, saor in aisce in Éirinn é FSPO a réitíonn gearáin ó thomhaltóirí agus ó ghnóthaí beaga faoi sholáthraithe seirbhísí airgeadais agus pinsin.
Má tá gearán agat i ndáil le EAA, molaimid duit é a phlé leis an ngnólacht lena mbaineann ar an gcéad dul síos, agus ansin le FSPO mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú ón ngnólacht.
Ba cheart duit breithniú freisin cibé acu ar cheart don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre déileáil le do ghearán. Tá an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre freagrach as gearáin um stádas comhionann a láimhseáil i gcás ina mainneoidh gnólachtaí ceanglais a chomhlíonadh faoin Acht um Stádas Comhionann, a chuireann toirmeasc ar idirdhealú i soláthar earraí agus seirbhísí, lóistín agus oideachais ar fhorais áirithe (lena n-áirítear míchumas). Ní féidir le FSPO imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin atá laistigh de dhlínse an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais freisin. Molaimid duit é seo a dhéanamh má chreideann tú gur saincheist fhorleathan nó shistéamach atá i gceist nó go ndéanann sí difear do go leor tomhaltóirí. Ar shamplaí de shaincheisteanna forleathana, áirítear faisnéis ar shuíomhanna gréasáin, aipeanna nó ar sheirbhísí móibíleacha nach bhfuil á soláthar ar bhealach inrochtana.
Is iondúil go ndéanann saincheisteanna den sórt sin difear do líon mór úsáideoirí, agus is féidir leo a bheith forleathan, leanúnach nó nasctha le saincheisteanna eile. Má tá gearán á dhéanamh agat, ba cheart duit fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil más féidir.
Déantar dianmheasúnú agus géarscrúdú ar gach gearán a fhaighimid de réir mar is gá. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an mBanc Ceannais, i gcomhréir lenár gcuid oibleagáidí rúndacht reachtúla, sonraí aon ghníomhartha a dhéanfaimid in aghaidh gnólachtaí aonair de bhun aon fhaisnéise a thabharfaidh tú dúinn a nochtadh.
Más mian leat gearán a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais maidir le EAA, is féidir leat ríomhphost a chur chuig [email protected]. Nó, is féidir leat glaoch a chur orainn ar 0818 681 681 nó +353 (0)1 224 5800. Tá na línte gutháin ar oscailt ó Luan go hAoine 9.00 - 17.00.
Déan cinnte, le do thoil, go gcuireann tú “neamhchomhlíonadh líomhnaithe EAA” i líne an ábhair nuair a bheidh ríomhphost á sheoladh agat chuig an mBanc Ceannais.