Ár Straitéis Nua 2028 - 2032: Abair leat

Central Bank exterior building

Tá straitéis nua á forbairt ag Banc Ceannais na hÉireann lena dtreorófar ár gcuid oibre ó 2028 go 2032 agus ba mhór againn do dhearcadh agus do thuairimí ina leith.

Tá dul chun cinn suntasach déanta againn maidir le tomhaltóirí a chosaint agus cobhsaíocht airgeadais a neartú faoinár straitéis reatha, a leanfaidh de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh 2027. Áirítear sa mhéid sin, íocaíochtaí níos tapúla agus níos sábháilte do thomhaltóirí, cosaintí do thomhaltóirí a neartú trí bhíthin Cód nuashonraithe um Chosaint Tomhaltóirí, próisis fheabhsaithe láimhseála gearán, cláir a sheoladh chun seirbhísí airgeadais nuálacha a thástáil agus foireann thiomnaithe a bhunú chun dul i ngleic le rioscaí aeráide, agus ár gcreat rialála a threisiú.

Trínár straitéis reatha a chur chun feidhme, cinntítear gur féidir linn ár misean a bhaint amach, is é sin freastal ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint, á chinntiú ag an am céanna go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne. Sa Bhanc Ceannais, tá ár gcumas anailísíochta i ndáil le hathrú a thuar neartaithe againn, tá ár gcreata beartas agus maoirseachta feabhsaithe againn, ár rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara treisithe againn, agus tá athrú ó bhonn déanta againn ar an gcaoi ina bhfeidhmímid sa chaoi go bhfuilimid ag obair ar mhodh níos éifeachtúla agus níos nuálaí.

Ag cur leis an mbunchloch sin, tá pleanáil á déanamh againn don tréimhse cúig bliana atá amach romhainn chun a chinntiú go bhfuilimid oiriúnach agus cumasach do na dúshláin agus do na deiseanna amach romhainn.

Tá athrú mór tagtha ar an saol, sa mhéid go bhfuil teicneolaíocht nua, rioscaí aeráide agus cleachtais athraitheacha baincéireachta ann. Ní mór dúinn smaoineamh go cúramach ar na nithe ar chóir dúinn díriú orthu d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a choimeád ar bun, tomhaltóirí a chosaint agus tacú le geilleagar na hÉireann. Déanfar an straitéis nua a fhormheas ag ár gCoimisiún i mí Bealtaine 2027 agus a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais i mí Mheán Fómhair 2027.

Is mór againn do dhearcadh. Cibé acu a úsáideann tú seirbhísí airgeadais, a oibríonn tú sa tionscal, a bhíonn gnó á reáchtáil agat, nó a bhfuil spéis agat sa chaoi a n-oibríonn córas airgeadais na hÉireann, ba mhaith linn do thuairimí a fháil ar na tosaíochtaí is cóir a bheith againn. Iarraimid ort suirbhé gearr a chomhlánú chun do chuid tuairimí a chur in iúl. Beidh an suirbhé seo ar oscailt go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. 

Má bhíonn aon cheisteanna agat ar an suirbhé nó ar fhorbairt ár Straitéise nua, déan teagmháil linn ar strategy@centralbank.ie.

Cén fáth a bhfuil sé seo ar siúl anois? 

Beidh ár straitéis reatha i bhfeidhm go dtí deireadh 2027. Tá athrú mór tagtha ar an timpeallacht airgeadais, áfach, agus tá oibleagáid dhlíthiúil orainn straitéis nua a chur faoi bhráid an Aire Aigeadais. Teastaíonn uainn a chinntiú go ndéanfar na dúshláin agus na deiseanna atá ann faoi láthair, agus na cinn atá ag teacht chun cinn, a chur san áireamh inár straitéis nua.

Cad is ábhar don straitéis nua? 

Tréimhse cúig bliana (2028 go 2032) ina mbeifear ag díriú ar an gcobhsaíocht airgeadais a choimeád ar bun, ar thomhaltóirí a chosaint, agus ar ullmhúcháin a dhéanamh d’fhorbairtí amach anseo sa chórais airgeadais.

Cé atá freagrach as an Straitéis?  

Is é Coimisiún an Bhainc Ceannais (ár mbord rialaithe) atá freagrach as an Straitéis a fhormheas. Déanfaidh an fhoireann Feidhmiúcháin an obair forbartha ar an straitéis a chomhordú agus beidh an fhoireann go léir freagrach as a cur chun feidhme leanúnach.

Cé na rudaí a bhaineamar amach an uair dheireanach? 

Beidh ár straitéis reatha i bhfeidhm go dtí deireadh 2027. Go dtí seo, tá tástáil shábháilte déanta againn ar sheirbhísí nua, tá acmhainní tiomnaithe bunaithe againn chun dul i ngleic le rioscaí aeráide, tá ár gcumas taighde agus sonraí feabhsaithe againn, tá sárobair déanta againn ar airgead digiteach agus íocaíochtaí digiteacha, tá feabhas curtha againn ar an gcaoi ina mbíonn rannpháirtíocht againn lenár bpáirtithe leasmhara, agus tá ár gcreat rialála neartaithe againn chun tomhaltóirí a chosaint.

Conas is féidir liom mo thuairimí a chur in iúl? 

Líon isteach ár suirbhé gearr.


Ba cheart go dtógfadh sé tuairim is cúig nóiméad chun é a líonadh.  Tá an suirbhé ar oscailt ón 2 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. Ina theannta sin, is féidir leat aiseolas i scríbhinn a sheoladh chuig: Banc Ceannais na hÉireann, Sráid New Wapping, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, D01F7X3 nó strategy@centralbank.ie

Cé ba cheart páirt a ghlacadh ann? 

Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh ann - custaiméirí seirbhísí airgeadais, gairmithe tionscail, úinéirí gnó, grúpáí pobail, agus daoine den phobal a bhfuil spéis acu ann.

Cad a dhéanfar le mo chuid aiseolais? 

Breithneoimid go cúramach gach aiseolas chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt na straitéise nua. Cabhróidh d’aiseolas linn tuiscint a fháil ar na saincheisteanna is tábhachtaí dóibh siúd a ndéanaimid freastal orthu. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil do thuairimí agus do thuiscintí uainn chun eolas a dhéanamh dár machnamh féin, agus féadfaidh nach léireofar d’aiseolas sa straitéis deiridh a fhoilseofar.