Ár Straitéis
Athscribhinn den fhisean 'Ar Straiteis' | (Déan cinnte go bhfuil fianáin "ar siúl" chun an físeán thíos a lódáil.)
I Meán Fómhair 2021, cuireadh an dlaoi mhullaigh ar Straitéis nua Bhanc Ceannais na hÉireann atá ceaptha a chinntiú gur féidir linn dul i ngleic le dúshláin an tsaoil nua seo agus ár misean agus ár bhfís a bhaint amach. Beidh éifeacht leis an Straitéis nua ó mhí Eanáir 2022.
Cuirfidh ár Straitéis ar ár gcumas leanúint den chuspóir atá leagtha amach in Acht an Bhainc Cheannais 1942 a bhaint amach, is é sin gurb “é leas an phobail i gcoitinne is príomh-chuspóir buan” dúinn.
Ár Straitéis | pdf 5463 KB
Téamaí Straitéiseacha
Tá ár Straitéis bunaithe ar cheithre théama straitéiseacha.

Tá sé riachtanach go mbeimid dírithe ar an todhchaí chun go mbeimid ábalta tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe móra atá ag tarlú sa tionscal seirbhísí airgeadais, chun na hathruithe sin a thuar agus chun dul in oiriúint dóibh. Leagtar béim ar leith ar an nuálaíocht theicneolaíoch, ar an aistriú aeráide, ar athrú geopholaitiúil, agus ar fhorbairtí a thagann chun cinn i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.
Trína bheith Oscailte & Rannpháirteach, tá béim á leagan againn ar an tosaíocht ríthábhachtach atá againn chun éisteacht lenár bpáirtithe leasmhara, agus chun idirphlé agus foghlaim a chothú, sa chaoi gur féidir linn cur leis an muinín atá sa chóras airgeadais agus chun tuiscint níos fearr a chothú ar ár ról féin.
Cuidíonn téama an Bhunathraithe go mór leis an Straitéis fhoriomlán a bhaint amach.
Le Bunathrú, teastaíonn uainn athshamhlú uaillmhianach a dhéanamh ar an gcaoi ina n-oibríonn ár n-eagraíocht, le béim ar leith ar éifeachtacht agus ar sholúbthacht bhreise, faoi shamhail nua hibrideach oibre.
Chuige seo, tá ról lárnach ag sonraí agus ag an teicneolaíocht chun próisis éifeachtacha, éifeachtúla a spreagadh agus chun tacú lenár mbaill foirne a gcúraimí a bhaint amach.
Léiríonn Cosaint ár dtiomantas seasmhach chun dearadh, cur chun feidhme agus oibriú ár bpríomhchreataí beartas agus maoirseachta a neartú.
Is trí na creataí seo a bhainimid ár bhfeidhmeanna reachtúla amach.
Conas a Forbraíodh ár Straitéis
D’fhonn torthaí spriocdhírithe ár Straitéise a bhaint amach, beidh orainn leanúint dár gcuid acmhainní, rioscaí agus tosaíochtaí a bhainistiú, de réir mar a dhéanfaimid ár mbealach sa timpeallacht chasta ina mbímid ag oibriú.
Le linn dúinn ár straitéis nua a fhorbairt, lorgaíomar tuairimí ár mball foirne trí bhíthin grúpaí fócais, seisiúin rannpháirtíochta agus cruinnithe éagsúla lenár líonraí inmheánacha don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach agus don Éagsúlacht agus Iomchuimsiú.
Ina theannta sin, thugamar cuireadh do ghrúpaí abhcóideachta ón tsochaí shibhialta agus do bhaill tionscail a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir lenár dtosaíochtaí straitéiseacha ag sraith imeachtaí éisteachta in 2021.
Chuamar i dteagmháil freisin le páirtithe seachtracha trí phróiseas rannpháirtíochta poiblí ar ár suíomh gréasáin.
Tá tuarascáil foilsithe againn ina bhfuil na haighneachtaí a fuaireamar mar chuid den phróiseas sin.
Rannpháirtíocht Phoiblí – Na hAighneachtaí a Fuarthas | pdf 2904 KB
Pleananna Straitéiseacha Roimhe Seo
Féach freisin: