Míniú - Conas is féidir liom íocaíocht a aistriú láithreach ó mo bhanc chuig banc eile?

Ón 9 Deireadh Fómhair 2025, ní mór do na bainc go léir agus do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ábhartha (in Éirinn agus sa limistéar euro) aistrithe creidmheasa meandracha (nó “íocaíochtaí meandracha SEPA”) in euro a éascú, ar iarratas óna gcuid custaiméirí. Tá sé seo éigeantach faoin Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha.
Cad is íocaíochtaí meandracha ann?
Féadfaidh go dtógfaidh sé suas le haon lá gnó amháin chun aistrithe creidmheasa caighdeánacha SEPA a thabhairt chun críche. Le híocaíochtaí meandracha, aistreofar airgead ó chuntas bainc amháin chuig ceann eile laistigh de 10 soicind ón tráth a sheolfar an íocaíocht. I ndiaidh an idirbhirt, gheobhaidh custaiméirí fógra lena ndeimhneofar gur cuireadh i gcrích é laistigh den tréimhse ama sin.
Féadfar íocaíochtaí meandracha SEPA a dhéanamh 24 uair an chloig in aghaidh an lae, aon lá den bhliain, lena n-áirítear laethanta saoire bainc agus an deireadh seachtaine.
De réir na rialacha nua, ní mór do na bainc agus do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ábhartha íocaíochtaí meandracha SEPA a chur ar fáil trí na bealaí íocaíochta go léir atá ann cheana, lena n-áirítear baincéireacht ar líne agus aipeanna baincéireachta.
An costas a bheidh ar an gcustaiméir as íocaíocht mheandrach SEPA a eisiúint, ní rachaidh sé thar an gcostas a bhaineann le haistrithe creidmheasa caighdeánacha SEPA.
Cé go gcuirfidh íocaíochtaí meandracha SEPA go leor buntáistí ar fáil do thomhaltóirí, beidh aistrithe creidmheasa caighdeánacha SEPA ar fáil i gcónaí mar mhodh íocaíochta malartach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi íocaíochtaí meandracha SEPA agus an chaoi ina n-oibríonn siad go praiticiúil, téigh chuig PayRightNow.ie.
Íocaíocht a aistriú láithreach ó do bhanc chuig banc eile
D’iarramar ar dhaoine den phobal an rabhadar in ann íocaíochtaí a dhéanamh láithreach ó bhanc amháin go banc eile. Léiríonn na freagraí a fuarthas go bhfuil leibhéil éagsúla tuisceana ann maidir leis an méid ama a thógann sé íocaíochtaí a aistriú ó bhanc amháin go banc eile. Le tabhairt isteach íocaíochtaí meandracha SEPA, áfach, gheofar réidh leis an amhras sin trína chumasú do thomhaltóirí modh íocaíochta a úsáid inar féidir cistí a aistriú ó bhanc amháin go banc eile laistigh de 10 soicind.
Athscríbhinn den fhíseán "Can you send a payment from your bank instantly to another bank?"
Fíorú Íocaí
Leis an Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha, déantar leibhéal breise slándála agus cosanta, ar a dtugtar Fíorú Íocaí (VoP), a thabhairt isteach do chustaiméirí nuair a bheidh íocaíochtaí á ndéanamh acu, le héifeacht ón 9 Deireadh Fómhair 2025.
Le VoP, fíoraítear go bhfuil an t-ainm agus IBAN a chuir an t-íocóir ar fáil ag teacht le sonraí gaolmhara chuntas íocaíochta an fhaighteora (i.e. an t-íocaí).
Baineann VoP le haistrithe íocaíochtaí meandracha SEPA agus íocaíochtaí creidmheasa caighdeánacha SEPA araon.
Déanfar seiceálacha VOP go huathoibríoch nuair a dhéanfaidh custaiméir íocaíocht agus, nuair a bheidh an tseiceáil déanta, gheobhaidh an custaiméir ceann amháin de cheithre fhógra óna b(h)anc nó óna s(h)oláthraí seirbhíse íocaíochta:
- Meaitseáil: Tá an t-ainm agus IBAN a chuir an t-íocóir ar fáil ag teacht le sonraí an fhaighteora (i.e. an t-íocaí). Tugtar rogha don chustaiméir leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht nó í a chur ar ceal.
- Níl aon mheaitseáil: Níl ainm an chuntais a chuir an t-íocóir ar fáil ag teacht leis an ainm a bhaineann le IBAN an fhaighteora. Tugtar rogha don chustaiméir leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht, í a leasú, nó í a chur ar ceal.
- Garmheaitseáil nó páirtmheaitseáil: Tá garmheaitseáil nó páirtmheaitseáil i gceist idir ainm an chuntais a thug an t-íocóir agus an t-ainm atá ar chuntas an fhaighteora. Mura bhfuil meaitseáil iomlán i gceist le hainm an íocaí, cuirfear é sin in iúl don chustaiméir agus tabharfar an t-ainm ceart a bhaineann le cuntas an fhaighteora dóibh. Is féidir leis an gcustaiméir leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht, í a leasú, nó í a chur ar ceal.
- Níl an tseirbhís ar fáil: Níl seirbhís VoP ar fáil nó ní féidir an íocaíocht a phróiseáil. D'fhéadfadh sé seo tarlú de bharr earráid theicniúil, nó toisc nach dtagann an IBAN a bhfuil an custaiméir ag iarraidh a fhíorú faoi raon VoP.
An bhfuil Fíorú Íocaí go hiomlán slán?
Cé go bhfuil leibhéal breise slándála i gceist le VoP, ní mhaolaítear go hiomlán an riosca a bhaineann le calaois íocaíochta.
Tá calaoiseoirí ag éirí an-sofaisticiúil agus bíonn bealaí glice acu chun do mhuinín a chothú.
Bí cúramach nuair a bheidh íocaíocht á déanamh agat.
Ná lean ar aghaidh leis an íocaíocht mura bhfuil tú cinnte go bhfuil ainm an íocaí agus cuntas an íocaí dlisteanach agus gur fíoriarratas é an t-iarratas ar íocaíocht.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin má léiríonn seiceáil VoP nach bhfuil ainm an íocaí ag teacht leis an IBAN - má leanann tú ar aghaidh leis an íocaíocht b’fhéidir go ndéanfaidh tú íocaíocht le duine eile.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi ina n-oibríonn Fíorú Íocaí go praiticiúil, téigh chuig PayRightNow.ie.