
Cad is camscéimeanna fioscaireachta, smioscaireachta agus glaoscaireachta ann?
Tá fioscaireacht, smioscaireacht agus glaoscaireacht i measc na gcamscéimeanna is coitianta a mbaineann caimiléirí úsáid astu. Baineann caimiléirí úsáid as ríomhphoist, téacsanna, nó glaonna gutháin ó chaimiléirí chun an dallamullóg a chur ort sa chaoi go dtabharfaidh tú sonraí pearsanta tábhachtacha dóibh amhail do phasfhocail le haghaidh baincéireacht ar líne, sonraí cárta creidmheasa nó uimhir PSP.
Conas a oibríonn camscéimeanna fioscaireachta, smioscaireachta agus glaoscaireachta?
Tarlaíonn fioscaireacht nuair a sheolann caimiléirí ríomhphoist - a dhealraíonn go bhfuil siad ag teacht ó fhoinsí dlisteanacha - chun an dallamullóg a chur ort sa chaoi go gcuirfidh tú do shonraí pearsanta ar fáil, amhail sonraí logála isteach nó sonraí cárta creidmheasa.
Tarlaíonn smioscaireacht nuair a fhaigheann tú téacsanna a bhfuil cuma dhlisteanach orthu, amhail téacsanna ó na Coimisinéirí Ioncaim, ó An Post, nó ó do bhanc. Baineann caimiléirí úsáid as na téacsanna calaoiseacha seo chun an dallamullóg a chur ort sa chaoi go gcuirfidh tú do shonraí pearsanta nó airgeadais ar fáil nó go gcliceálfaidh tú ar naisc mhailíseacha.
Tagraíonn glaoscaireacht, giorrúchán ar ghlaofhioscaireacht, do ghlaonna gutháin calaoiseacha nó glórphoist atá ceaptha an dallamullóg a chur ort sa chaoi go gcuirfidh tú sonraí íógaire ar fáil, amhail faisnéis aitheantais logála isteach, uimhreacha cártaí creidmheasa, nó sonraí bainc.
Bíonn sé deacair na hiarrachtaí seo a aithint agus seans go mbeidh siad le feiceáil fiú i “snáithe” dlisteanach téacsanna a fuair tú ó eagraíocht iontaofa roimhe seo. Seans go ndéarfar sa teachtaireacht go bhfuil do chuntas i mbaol agus gur gá duit do phasfhocal a athshocrú. Nó, b’fhéidir go ndéarfar gur gá duit táille custam a íoc i leith rud éigin a d’ordaigh tú ar líne chun go ndéanfar é a sheachadadh duit. Is í aidhm na gcamscéimeanna seo do chuid sonraí baincéireachta ar líne, sonraí cárta creidmheasa nó sonraí airgeadais pearsanta eile a fháil uait. Ansin bainfidh an caimiléir úsáid as na sonraí sin chun rochtain a fháil ar do chuntas agus d’airgead a ghoid.
Conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna fioscaireachta, smioscaireachta agus glaoscaireachta?
- Bí amhrasach faoi aon téacsanna a fhaigheann tú gan choinne a mhaíonn gur ó eagraíocht iontaofa iad, amhail do bhanc nó d’eisitheoir cárta creidmheasa/dochair, An Post nó na Coimisinéirí Ioncaim.
- Ná tabhair freagra ar théacsanna, ríomhphoist nó ar ghlaonna gútháin a iarrann sonraí pearsanta amhail do shonraí cuntais bainc nó pasfhocail eile.
- Ná cuir glaoch ar aon uimhir ghutháin nó ná cliceáil ar aon nasc atá leabaithe i dtéacs.
- Bí san airdeall ar theachtaireachtaí a spreagann duit cuairt a thabhairt go práinneach ar shuíomh gréasáin chun saincheist a réiteach nó chun do shonraí a fhíorú.
- Ná déan do phasfhocail ar líne a athshocrú ach amháin má bheartaíonn tú féin iad a athshocrú.