Cad iad na scéimeanna cúitimh ata ann chun custaiméirí gnólachtaí údaraithe a chosaint?

Compensation Schemes

Is cuid lárnach de shainordú an Bhainc Ceannais é custaiméirí a chosaint. Ceann de na bealaí ina ndéanaimid é sin ná roinnt scéimeanna tábhachtacha cúitimh a riar a chosnaíonn custaiméirí gnólachtaí airgeadais údaraithe. Ceapadh na scéimeanna sin chun cuid den airgead, nó an t-airgead ar fad, a chaillfeadh custaiméir a chúiteamh má chliseann ar an ngnólacht airgeadais.

An Scéim Ráthaíochta Taiscí

Cosnaíonn an Scéim Ráthaíochta Taiscí thú má tá airgead agat i mbanc, i gcumann foirgníochta nó i gcomhar creidmheasa nach bhfuil ábalta do chuid taiscí a íoc ar ais duit. Tá aon airgead atá agat i do chuntas reatha san áireamh leis sin. Is é €100,000 an méid iomlán in aghaidh na hinstitiúide is féidir le duine a éileamh.
Cosnaíonn an scéim seo taiscí i ngnólachtaí airgeadais atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann, agus na taiscí sin amháin. Maidir le taiscí le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe i mBallstát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tá siad sin clúdaithe faoi scéim ráthaíochta taiscí na tíre sin.

An Scéim Cúitimh d'Infheisteoirí

Tugann an Scéim Cúitimh d’Infheisteoirí cosaint do chliaint má chliseann ar ghnólacht infheistíochta. Íocann an scéim cúiteamh mura bhfuil gnólacht infheistíochta, ata údaraithe ag an mBanc Ceannais, ábalta airgead nó uirlisí infheistíochta a íoc ar ais do chustaiméirí a rinne infheistíocht leis.
D’fhéadfadh stocbhróicéirí, bainisteoirí infheistíochta, bróicéirí árachais agus gníomhairí a bheith san áireamh sna gnólachtaí sin. Is é 90% de do ghlanchaillteanas, suas go €20,000, an t-uasmhéid cúitimh is féidir leat a éileamh ón scéim.

Íocann an Scéim Cúitimh d’Infheisteoirí cúitimh sna cásanna seo amháin:

  • Má chuireann an Ard-Chúirt an gnólacht faoi leachtú

  • Má chinneann an Banc Ceannais nach bhfuil an gnólacht in ann éilimh a gcliant a shásamh

Ní íocann an Scéim Cúitimh d’Infheisteoirí cúiteamh:

  • Má bhíonn caillteanas agat toisc go bhfuair tú droch-chomhairle infheistíochta
  • Má dhéantar drochbhainistíocht ar d’infheistíocht

  • Mura bhfeidhmíonn d’infheistíocht go maith de bharr dálaí margaidh nó cúinsí geilleagracha.

I gcás infheistíocht atá cáilithe faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí agus faoin Scéim Cúitimh d’Infheisteoirí, , déanann an Banc Ceannais cinneadh faoin scéim a íocfaidh an cúiteamh duit.

An Ciste Cúitimh Árachais

Ar deireadh, tugann an Ciste Cúitimh Árachais cosaint do chustaiméirí cuideachtaí árachais neamhshaoil údaraithe a théann faoi leachtú agus nach bhfuil ábalta éilimh árachais a íoc. Tá éileamh a dhéanann sealbhóirí polasaí agus tríú páirtí san áireamh leis sin. De ghnáth, is polasaí árachais teaghlaigh é polasaí árachais neamhshaoil, amhail árachas tí nó mótarárachas, agus níl árachas saoil ná árachas sláinte san áireamh ann. Is é 65% de chostas an éilimh árachais, nó €825,000, (cibé acu is lú) an t-uasmhéid cúitimh a íocann an Ciste Cúitimh Árachais.

Ní aisíocann an Ciste Cúitimh Árachais costas préimheanna árachais ata íoctha cheana féin ag sealbhóir an pholasaí. Ní chumhdaíonn sé ach íocaíocht i leith airgead atá dlite faoi pholasaithe a d’eisigh cuideachtaí údaraithe árachais neamhshaoil in Éirinn nó i mBallstáit eile de chuid an AE.

Féach freisin:

An Scéim Ráthaíochta Taiscí
An Scéim Cúitimh d'Infheisteoirí (leagan Béarla)
An Ciste Cúitimh Árachais (leagan Béarla)