Míniú - Conas a oibríonn beartas airgeadaíochta?

íomhá den bheartas airgeadaíochta

Ó thaobh fás eacnamaíoch agus cruthú post de, is é an rud is fearr is féidir a dhéanamh leis an mbeartas airgeadaíochta ná a chinntiú go bhfanann praghasanna seasmhach.

Is é an sin an fáth arb é príomhchuspóir an Eurochórais cobhsaíocht praghasanna a chothú. Is éard atá i gceist leis sin, go mbeadh an ráta boilscithe – an ráta ag a dtagann ardú ar phraghasanna – faoi bhun 2%, ach gar dó, sa mheántéarma.  Imríonn an tEurochóras tionchar ar ghníomhaíocht eacnamaíoch trí rátaí úis an mhargaidh – an praghas atá ar airgead – a shocrú, agus imrítear tionchar ar bhoilsciú dá bharr.

I measc bearta eile is féidir a ghlacadh, tá Éascú Cainníochtúil, a nglaoitear an Clár Ceannaithe Sócmhainní air chomh maith, ina gceannaíonn bainc cheannais urrúis airgeadais chun tionchar a imirt ar rátaí úis agus chun an soláthar airgid a mhéadú.

Mar chuid den Eurochóras, cuireann Banc Ceannais na hÉireann le cinntí beartas airgeadaíochta agus leis an measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta.