Míniú – Cad iad criptea-airgeadraí amhail bitcoin?

Bitcoin

Is foirm ríomh-airgid iad criptea-airgeadraí, ar a dtugtar airgeadraí digiteacha nó airgeadraí fíorúla freisin. Ligtear leo íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach agus feidhmíonn siad ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a fheidhmíonn airgeadraí caighdeánacha a úsáideann airgead tirim fisiciúil. Mar sin féin, is go leictreonach amháin a mhalartaítear criptea-airgeadraí trí úsáid a bhaint as línte cóid ríomhaire, rud atá éagsúil le hairgeadraí caighdeánacha ar féidir iad a mhalartú go fisiciúil trí nótaí bainc agus boinn a úsáid. Is samplaí de chriptea-airgeadraí aitheanta iad bitcoin agus ethereum, ach tá réimse fairsing de chinn eile ann freisin.

Cad é an difríocht idir criptea-airgeadraí agus airgead caighdeánach?

Tá stádas mar airgead dlíthairgthe ag formhór na n-airgeadraí páipéir, amhail an euro. Ciallaíonn sé sin gur airgeadra na tíre a aithnítear go hoifigiúil an t-airgeadra agus gur gá glacadh leis mar íocaíocht ar fhiach.

Níl stádas mar airgead dlíthairgthe, áfach, ag criptea-airgeadraí. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon oibleagáid ann glacadh leo.

Difríocht mhór eile idir criptea-airgeadraí agus airgeadraí páipéir is ea an chaoi ina bhfuil siad struchtúrtha. Tá airgeadraí oifigiúla láraithe agus faoi ráthaíocht ag banc ceannais a dhéanann rialú ar a soláthar. Mar shampla, tá an euro faoi ráthaíocht ag an mBanc Ceannais Eorpach agus rialaíonn sé a sholáthar sa limistéar euro. Níl criptea-airgeadraí faoi rialáil áfach agus níl siad láraithe. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil siad faoi ráthaíocht ag aon bhanc ceannais ná nach ndéanann banc ceannais a soláthar a rialú.

Cé a rialaíonn criptea-airgeadraí?

Déantar criptea-airgeadraí a rialú trí theicneolaícht ar a dtugtar “brocshlabhra” nó “teicneolaíocht mórleabhar dáilte” a úsáid. Chun teicneolaíocht mórleabhar dáilte a thuiscint, is fiú smaoineamh uirthi mar chomhad mór poiblí amháin – nó mórleabhar – a roinntear agus a stóráiltear thar líonra ollmhór ríomhairí. Sa chomhad sin, tá na hidirbhearta go léir a dhéantar sa chriptea-airgeadra. De bharr go roinntear go poiblí é, agus go ndéanann an oiread sin daoine éagsúla an t-ábhar atá ann a bhailíochtú, tá sé nach mór dodhéanta d’éinne idirbheart chalaoiseach a dhéanamh ann.

An airgeadra é bitcoin?

Ceist a chloistear go minic maidir le bitcoin (agus criptea-airgeadraí eile) is ea an airgeadra é agus an féidir leis feidhmiú mar airgead. Tá na trí fheidhm seo a leanas ag airgeadra dea-fheidhmitheach:

  • Stór luacha
  • Aonad Cuntais
  • Modh malartaithe.

Is deacair do bitcoin na critéir sin a chomhlíonadh ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Stór luacha

    Chun bheith ina stór luacha, is ceart d’airgeadra a bheith cobhsaí in imeacht ama. Mar a fheictear sna luaineachtaí móra praghais, ní bhaineann an méid sin le bitcoin.

  • Aonad Cuntais

    Ciallaíonn aonad cuntais gur cheart don airgead ligean dúinn teacht ar thuiscint maidir le luach earraí agus seirbhísí, agus ligean dúinn iad a chur i gcomparáid lena chéile. Fágann luaineacht bitcoin gur deacair é a bhrath mar aonad cuntais.

  • Modh malartaithe

Ciallaíonn modh malartaithe gur cheart go n-éascódh airgead do cheannaitheoirí agus do dhíoltóirí idirbhearta a dhéanamh. Ar bhealaigh áirithe, comhlíonann bitcoin an coinníoll sin – is féidir le ceannaitheoirí agus le díoltóirí é a úsáid le haghaidh roinnt idirbhearta. Mar sin féin, fágann teorainneacha amhail luas mall idirbheartaíochta, ardchostais idirbheartaíochta, chomh maith le luach éagobhsaí bitcoin gur deacair dó feidhmiú go cuí mar mhodh malartaithe.

I gcoitinne, tá bitcoin, agus criptea-airgeadraí i gcoitinne, níos cosúla le sócmhainní amhantracha a mbaineann priacal fíor-ard leo seachas airgeadra caighdeánach.

An bhféadfadh banc ceannais airgeadra digiteach a eisiúint?

Mar chuid dn Eurochóras, tá imscrúdú á dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar an ionchas chun airgeadra digiteach banc ceannais (CBDC) a eisiúint – euro digiteach.

Bheadh euro digiteach ina chomhlánú ar nótaí bainc fisiciúla agus boinn fhisiciúla euro seachas mar ionadach dóibh.
Bheadh euro digiteach iomlán éagsúil ó chriptea-airgeadra amhail bitcoin mar go mbeadh an Banc Ceannais Eorpach mar thaca leis.

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh daoine, le linn dóibh é a úsáid, an leibhéal céanna muiníne a bheith acu as agus atá acu le hairgead tirim mar go mbeadh banc ceannais mar thaca leis.

Chun tuilleadh faisnéise agus na nuashonruithe is déanaí a fháil maidir leis an bhféidearthacht go gcruthófaí euro digiteach, féach: Euro Digiteach.