Seirbhísí i nGaeilge

Banc Ceannnais na hEireann

Cuireann an Banc Ceannais roinnt seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Tá cuid de na seirbhísí sin ar fáil ar an suíomh seo, agus tá an chuid eile ar fáil ar an nguthán, inár n-oifig phoiblí, agus ar ár suíomhanna gréasáin eile.

Ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil chun feabhas a chur ar ár seirbhísí Gaeilge ar líne. Cuir chugainn do mholtaí.

Seirbhísí ar fáil as Gaeilge

Aistrigh seanairgead nó airgead damáistithe

Tá an tseirbhís seo ar fáil as Gaeilge ar líne agus inár n-oifigí poiblí.

Ceannaigh Bonn Inbhailithe

Tá an tseirbhís seo ar fáil as Gaeilge ar líne.

Faigh do Thuarascáil Chreidmheasa 

Tá an tseirbhís seo ar fáil as Gaeilge ar líne.

Féach an bhfuil gnólacht airgeadais údaraithe

Tá an tseirbhís seo ar fáil as Gaeilge ar líne.

An Scéim Ráthaíochta Taiscí

Tá an tseirbhís seo ar fáil as Gaeilge ar líne.

Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais

Tá na taispeántais uile i nGaeilge inár n-oifig phoiblí.

Cartlann an Bhainc Ceannais

Tá seirbhísí na cartlainne ar fáil i Gaeilge ar líne agus inár n-oifig phoiblí.

Seirbhísí eile

Tá go leor eolais faoin mBanc agus seirbhísí eile ar fáil ar an suíomh seo, m.sh. mínithe simplí ar an ngeilleagar, srl.

Nóta faoi sheirbhísí Gaeilge i mbainc agus i ngnólachtaí eile

Níl ról ag an mBanc Ceannais maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge i ngnólachtaí príobháideacha airgeadais, mar shampla:

  • Bainc
  • Comhair chreidmheasa
  • Bróicéirí

Níl oibleagáidí teanga orthu mar is comhlachtaí príobháideacha iad den chuid is mó. Ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh má tá ceist agat faoi sheirbhís airgeadais a fháil i nGaeilge ó chomhlacht éigin.

Teagmháil a dhéanamh linn i nGaeilge

Ríomhphost agus Post

Freagraímid i nGaeilge do gach litir agus do gach ríomhphost a fhaighimid i nGaeilge. Déan teagmháil linn.

Guthán

Is féidir linn beannú duit i nGaeilge nuair a ghlaonn tu orainn. Cuirfidh ball foirne a bhfuil Gaeilge aige nó aici glao ar ais ort chun do cheist a phlé. Cuir glao ar an líne chabhrach.

Nóta: Féadfaidh moill bheag a bheith ann agus an glao á shocrú againn.

Ár gceanncheathrú

Is féidir linn beannú duit i nGaeilge ag ár bpríomhdheasc agus ag na deascanna airgid. Is féidir le ball foirne a bhfuil Gaeilge aige nó aici bualadh leat chun do cheist a phlé. Tabhair cuairt ar ár gceanncheathrú.

Nóta: Féadfaidh moill bheag a bheith ann agus an cruinniú á shocrú againn. B'fhéidir go mbeadh ort Béarla a úsáid má bhíonn baill foirne áirithe as láthair.

Moltaí do Sheirbhísí i nGaeilge

Ba mhaith linn moltaí a fháil ón bpobal faoi na seirbhísí eile a d'fhéadfadh an Banc Ceannais a chur ar fáil i nGaeilge, agus faoi na bealaí ar féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhísí.

Cuir ríomhphost chuig [email protected]

Scéim Teanga an Bhainc Ceannais 2019-2022

Leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 creat reachtúil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

I Scéim Teanga an Bhainc Ceannais (2019-2022), déanaimid gealltanais faoi na seirbhísí a chuirimid ar fáil i nGaeilge agus sonraímid conas a chuirfimid feabhas orthu.

Scéim Teanga 2019-2022 | pdf 382 KB