Ag Tacú leis an bPobal

An Coiste Catharnais

Déanann ár gCoiste Catharnais, atá déanta suas de shaorálaithe ón bhfoireann, bainistiú ar an gCiste Carthanachta, agus spreagann sé daoine den lucht foirne páirt a ghlacadh i bhfeachtais agus in imeachtaí chun airgead a bhailiúar mhaithe le cúiseanna fiúntacha. Tá Ciste Catharnachta bliantúil €200,000 ceadaithe ag Coimisiún an Bhainc Ceannais a dhíríonn ar dhá chlár: ár gCatharnais Comhpháirtíochta agus Cistí Meaitseála. Gach dhá bhliain, téann Banc Ceannais na hÉireann i gcomhpháirtíocht le cúig chatharnas. Roghnaíonn ár mbaill foirne na cúig chatharnas sin. Is éard atá i gceist leis an gcomhpháirtíocht síntiús mór airgid gach bliain agus deiseanna a fhorbairt chun obair dheonach a dhéanamh leis na comhpháirtithe.

Ina theannta sin, tugann an Coiste airgead do chatharnais eile trí chlár na gCistí Meaitseála. Cuirtear na cistí sin le hairgead atá bailithe ag ár mbaill foirne chun tacú le Catharnais eile.

(Déan cinnte go bhfuil fianáin "ar siúl" chun an físeán thíos a lódáil.) | Athscríbhinn den fhíseán "Catharnais Comhpháirtíochta"