An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Camscéimeanna & Calaois

Cuireann an Cód um Chosaint Tomhaltóirí de cheangal ar ghnólachtaí rialuithe agus córais a bheith i bhfeidhm acu chun cur i gcoinne rioscaí a bhaineann le mí-úsáid airgeadais (amhail calaois) do thomhaltóirí.  

Ní chiallaíonn sé seo gur féidir le gnólachtaí seirbhísí airgeadais gach calaois nó camscéim a chosc. Ach bíonn gnólachtaí ar an líne thosaigh i dtaobh idirbhearta calaoiseacha agus mí-úsáideacha a chosc agus, ar an gcaoi sin, tá ról tábhachtach acu maidir le dul i ngleic le hiarmhairtí gníomhaíochtaí trína ndéantar calaois ar thomhaltóirí. 

Is soláthraí digiteach amháin é banc nó comhlacht seirbhísí airgeadais a oibríonn go hiomlán ar líne gan aon bhrainse fisiciúil ar féidir leat siúl isteach ann.

Má rinneadh calaois ort le linn duit soláthraí atá sa réimse digiteach amháin a úsáid, caithfear a bheith lánchinnte go ndéanfar gníomh ina leith ar an toirt.

Ní mór do ghnólachtaí próisis a bheith i bhfeidhm acu chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid airgeadais a mhaolú - calaoisí agus camscéimeanna san áireamh.  Is gá do ghnólachtaí freisin fógra a thabhairt duit ar mhodh tráthúil i gcás ina dtarlóidh aon mhí-úsáid airgeadais.  Ní mór dóibh tú a chur ar an eolas maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil duit agus na gníomhartha is féidir leatsa a dhéanamh i gcás calaoise nó camscéime. 

An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.