An Cód um Chosaint Tomhaltóirí - Gearán a dhéanamh
Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do ghnólachtaí seirbhísí airgeadais é a dhéanamh éasca do thomhaltóirí gearán a dhéanamh.
Ba cheart go dtuigfidís go bhféadfadh go mbeadh drogall ar chustaiméirí gearán a dhéanamh má tá próisis chasta nó mhearbhlacha ghearáin ann. Ba cheart do ghnólachtaí deireadh a chur le haon chonstaicí a chuirfeadh cosc ar chustaimeírí gearán a dhéanamh.
Ní mór do ghnólachtaí seirbhísí airgeadais nós imeachta láimhseála gearán a bheith i bhfeidhm acu. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta. Nó, is féidir leat cóip de a iarraidh ar an ngnólacht.
Ní mór do ghnólachtaí earráidí agus gearáin a réiteach ar mhodh éifeachtúil, tráthúil.
I gcás ina bhfuil rogha ann gearán a chur isteach ar líne trí ghearán a chur isteach ar shuíomh gréasáin (e.g. trí fhoirm ghréasáin) nó trí aip, ceanglaítear ar an ngnólacht admháil láithreach nó uathoibríoch a sholáthar don tomhaltóir lena ndeimhnítear go bhfuarthas an gearán. Is gá go n-áireofar ann:
- Sonraí maidir le nós imeachta láimhseála gearán an ghnólachta
- An nós imeachta agus na himthosca faoinar féidir leis an tomhaltóir an ní a tharchur chuig an ombudsman ábhartha, agus sonraí teagmhála an ombudsman sin
An Cód um Chosaint Tomhaltóirí: Ar mhaithe le soiléireacht, cinnteoireacht eolasach, agus ar mhaithe leatsa.