Nuair a cheannaítear ar cairde, ní íoctar as earraí nó seirbhísí - sa siopa nó ar líne - tráth a gceannaithe ach íoctar astu ina n-iomláine níos déanaí
nó ina dtráthchodanna thar thréimhse ghearr ama.
Cé go bhféadfaidh gur bealach éasca é sin le híoc as earraí nó seirbhísí, is ionann ceannach ar cairde agus iasacht a fháil.
Má thairgeann soláthraí socrú cairde den sórt seo duit, beifear ag súil go dtairgfidh sé gné sosa duit freisin chun a sheiceáil go dtuigeann tú go bhfuil comhaontú creidmheasa
á dhéanamh agat.