Próifíl an Coimisiún

 

 

Philip R. Lane,  Gobharnóir an Bhainc Ceannais*

J0268890009-Philip-Lane

Is é Philip R. Lane an 11ú Gobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann. Chuaigh sé i mbun poist an 26 Samhain 2015.  Sular ceapadh ina Ghobharnóir é, bhí sé ina chomhalta den fhoireann acadúil i gColáiste na Tríonóide agus tá sé fós cleamhnaithe leis an Ollscoil mar Ollamh Whately le hEacnamaíocht Pholaitiúil (ar saoire).  Bhí Philip ina chathaoirleach ar Choiste Comhairleach Eolaíoch an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach agus bhí sé ina Stiúrthóir ar an gClár Maicreacnamaíochta agus Airgeadais Idirnáisiúnta de chuid an Ionaid Taighde ar Bheartais Eacnamaíocha (CEPR).  Ina theannta sin, ghníomhaigh sé mar chomhairleoir acadúil don Bhanc Ceannais Eorpach, don Choimisiún Eorpach, don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, don Bhanc Domhanda, don Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do Bhanc Forbartha na hÁise agus do bhainc cheannais náisiúnta éagsúla. I Meán Fómhair 2016, ceapadh é ina chathaoirleach ar Thascfhórsa Ardleibhéil BERS maidir le Sócmhainní Sábháilte.

Is céimí de Choláiste na Tríonóide é agus bhain sé PhD san Eacnamaíocht amach in Ollscoil Harvard i 1995. Bhí sé ina Ollamh Cúnta le hEacnamaíocht agus Gnóthaí Idirnáisiúnta in Ollscoil Columbia (1995-1997) sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath. Ar na réimsí taighde a bhfuil spéis aige iontu, áirítear domhandú airgeadais, maicreacnamaíocht rátaí malairte agus sreafaí caipitil, ceapadh beartas maicreacnamaíoch agus comhtháthú airgeadaíochta san Eoraip.

Is é an tUachtarán a cheapann Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann ar feadh téarma seacht mbliana.

 

Sharon Donnery,  An Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais*

J0270640404-Sharon-Donnery

Ceapadh Sharon Donnery ina Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais le héifeacht ón 1 Márta 2016. Is comhalta ex officio de Choimisiún an Bhainc Ceannais í agus is Malartach don Ghobharnóir ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) í.  Chomh maith leis sin, tá Sharon ina hionadaí do Bhanc Ceannais na hÉireann ar an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS).

Roimhe seo, bhí Sharon ag fónamh mar Chomhalta Malartach don Bhanc Ceannais ar Bhord Maoirseachta an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM). Tá sí ina Cathaoirleach ar Ghrúpa Ardleibhéil SAM um Iasachtaí Neamhthuillmheacha agus, i mí na Nollag 2016, ceapadh ina Cathaoirleach ar Choiste Buiséid BCE (BuCom) í.

Thosaigh Sharon ag obair mar Eacnamaí sa Bhanc Ceannais i 1996 agus bhí poist shinsearacha éagsúla ar seilbh aici mar cheannasaí rannán. Ó mhí Feabhra 2013 go dtí mí Lúnasa 2014, shealbhaigh sí post reachtúil Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa agus, ó mhí Aibreáin 2014 go dtí mí Bealtaine 2016, bhí sí ina Stiúrthóir ar Institiúidí Creidmheasa. Bhí sí ina leas-Chathaoirleach freisin ar Bhuanchoiste an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) um Chosaint Tomhaltóirí agus Nuálaíocht Airgeadais.

Tá BA san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht aici mar aon le MA san Eacnamaíocht ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Ed Sibley, Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta*

Ed Sibley

Ceapadh Ed Sibley ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta, an 1 Meán Fómhair 2017. Is comhalta ex-officio de Choimisiún an Bhainc Ceannais é agus is comhalta de Bhord Maoirseachta an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM) é. Mar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Stuamachta, tá Ed i gceannas ar mhaoirseacht ar institiúidí creidmheasa, ar ghnólachtaí árachais agus ar an tionscal bainistíochta sócmhainní.

Sular ceapadh ina Leas-Ghobharnóir é, bhí sé ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa agus, sa cháil sin, bhí sé freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar obair mhaoirseachta an Bhainc Ceannais i leith na mbanc agus na gcomhar creidmheasa go léir in Éirinn. Thosaigh sé ag obair sa Bhanc Ceannais in 2012 i réimse na Maoirseachta ar Bhaincéireacht.  Tá breis agus 20 bliain de thaithí oibre aige san earnáil seirbhísí airgeadais. D’oibrigh sé in Údarás Seirbhísí Airgeadais na Ríochta Aontaithe (FSA), áit a raibh sé i gceannas ar mhaoirseacht ar bhainc Eorpacha a bhí ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe; bhí poist éagsúla um bainistíocht riosca ar seilbh aige i mBanc na hÉireann agus i PwC freisin.

Tá MBA aige ó Scoil Ghnó Smurfit agus tá céim chéadonóracha aige san Eacnamaíocht.

An Dr. Alan Ahearne

J0270840337-Alan-Ahearne

Tá an tOllamh Alan Ahearne ina Cheannasaí ar Eacnamaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé ina Chomhairleoir Seachtrach do Roinn Straitéise, Cleachtais agus Athbhreithnithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Ó 2005 i leith, tá sé ina Ánra Neamhchónaitheach Taighde i Bruegel, meitheal ardtionchair machnaimh atá bunaithe sa Bhruiséil. Bhí sé ina Chomhairleoir Speisialta d’Aire Airgeadais na hÉireann ó Mhárta 2009 go dtí Márta 2011. Sula ndeachaigh sé i mbun poist in OÉ, Gaillimh, bhí sé ina Eacnamaí Sinsearach sa Federal Reserve Board i Washington, DC. Theagasc sé an eacnamaíocht in Ollscoil Carnegie Mellon, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Luimnigh. Thosaigh sé amach ar a ghairmréim i Cooper & Lybrand agus d’oibrigh sé sa Bank of Ireland Group Treasury chomh maith. Ar a chuid réimsí saineolais, áirítear an mhaicreacnamaíocht agus an t-airgeadas idirnáisiúnta agus foilsíodh taighde dá chuid i bpríomhirisí idirnáisiúnta. Tá PhD san Eacnamaíocht aige ó Ollscoil Carnegie Mellon.

Rinneadh Alan Ahearne a athcheapadh chuig an gCoimisiún an 8 Márta 2015 go ceann téarma 5 bliana eile.

Patricia Byron

J0270840334-Patricia-Byron

Tá Patricia Byron ina hArd-Stiúrthóir ar Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (SCSI). Is é an SCSI an comhlacht proifisiúnta is mó do na hearnálacha réadmhaoine, foirgníochta agus talún in Éirinn agus bíonn sé ag obair i gcomhar leis an RICS ar mhaithe le leas an phobail trí na caighdeáin is airde inniúlachta agus ionracais a shocrú agus a chothabháil don ghairm agus trí chomhairle neamhchlaonta, údarásach a thabhairt maidir le saincheisteanna príomhúla do ghnóthaí, don tsochaí agus do rialtais ar fud an domhain.

Roimhe seo, bhí Patricia Byron ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, comhlacht neamhspleách Stáit a bunaíodh in 2004 chun athchóiriú a dhéanamh ar an tsamhail chostasach do dhíobhálacha pearsanta, samhail ba chionsiocair le préimheanna iomarcacha árachais do thomhaltóirí agus do ghnóthaí in Éirinn. Le linn na tréimhse a chaith sí mar POF ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, bhí baint aici le fobairt agus cur chun feidhme roinnt tionscnamh um athchóiriú na hearnála poiblí.

Chaith sí mórchuid a gairmréime ag obair san earnáil árachais. Is céimí í de Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, is Árachóir Cairte í, is iar-Chathaoirleach Bhiúró Árachóirí Mótar na hÉireann í agus ba í an chéad uachtarán baineann í ar Institiúid Árachais Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ag fónamh ar Bhord an Fhorais Riaracháin agus is iar-Chathaoirleach Chomhlachas Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin Gnólachtaí Stáit í.

Téarma cúig bliana a bheidh ag Patricia Byron.

An tOllamh Blanaid Clarke

J0270840254-Blanaid-Clarke

Tá Ollúnacht McCann Fitzgerald sa Dlí Corparáideach aici i gColáiste na Tríonóide. Ar na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu, áirítear rialachas corparáideach, dlí seirbhísí airgeadais, dlí urrús agus an dlí táthcheangail agus tá neart téacsanna foilsithe aici ar na hábhair sin.

Bíonn Blanaid ag obair le Painéal Táthcheangail na hÉireann freisin agus is comhalta í de Líonra Tairiscintí Táthcheangail an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí. Ba chomhalta bunaidh í de Lárionad COBÁC um Rialachas Corparáideach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá sí ina comhalta de Mheitheal Mhachnaimh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Todhchaí Dhlí Cuideachtaí an AE.

Rinneadh an tOllamh Clarke a athcheapadh chuig an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2013 go ceann téarma 5 bliana eile.

An tUasal John FitzGerald

J0241440404-John-Fitzgerald

Ba Ollamh Taighde é John FitzGerald san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i mBaile Átha Cliath áit a mbíodh sé ag obair ar bheartas maicreacnamaíoch agus fuinnimh.  Tá neart foilsithe aige ar na hábhair sin.  Is iar-Uachtarán é ar Chumann Eacnamaíochta na hÉireann agus ar ghrúpa EUROFRAME de na hinstitiúidí Eorpacha um thaighde eacnamaíoch.  Is iar-chomhalta é den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, den Northern Ireland Authority for Energy Regulation agus den Ghrúpa um Anailís ar Bheartas Eacnamaíoch a chuireann comhairle ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Rinne sé a chuid léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá iarchéimeanna aige sa stair agus san eacnamaíocht. Chuir sé tús lena ghairméim sa Roinn Airgeadais i 1972 agus d’aistrigh sé chuig an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i 1984 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2014.

Rinneadh é a athcheapadh chuig an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2015 go ceann téarma 5 bliana eile. 

An tUasal Des Geaghty

J0270840438-Des-Geraghty

Is iar-pholaiteoir agus iar-cheannaire ceardchumainn é Des Geraghty.  Bhí sé ina uachtarán ar SIPTU ó 1999 go dtí 2004.

Ceapadh chuig Parlaimint na hEorpa é i 1992 do thoghcheantair Bhaile Átha Cliath.  Bhí sé ina chomhalta den Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus um Beartas Tionsclaíoch i bParlaimint na hEorpa.  Is iarchomhalta é d’Údarás RTÉ, de Bhord FÁS, den Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais, den Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe agus den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta agus bhí sé ina chathaoirleach ar Éigse Éireann freisin.

Tá roinnt leabhar foilsithe aige lena n-áirítear cuimhní cinn ar an amhránaí tíre Luke Kelly.

Rinneadh é a athcheapadh chuig an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2014 go ceann téarma 5 bliana eile.

Derek Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais*

J0261780145-DerekMoran

Is Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais é Derek Moran agus tá sé freagrach as cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí buisédacha agus fioscacha, cúrsaí beartais baincéireachta agus seirbhísí airgeadais agus as maoirsiú a dhéanamh ar infheistíochtaí na hÉireann sna bainc chumhdaithe agus as tacaíocht do na bainc chumhdaithe.  Roimhe seo, bhí sé ina Leas-Ardrúnaí agus bhí sé freagrach as an Rannán Beartais Fhioscaigh agus an Rannán Buiséid agus Eacnamaíochta agus threoraigh sé saincheisteanna beartais cánach idir 2006 agus 2014. Faoi láthair, tá sé ina chomhalta de Choimisiún an Bhainc Ceannais, de Bhord Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, de Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse, agus de Chomhairle an Fhorais um Staidéir Fhioscacha.   Bhí sé ag fónamh roimhe seo ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, ar an mBord Náisiúnta Staidrimh agus ar Choistí AE um Beartas Eacnamaíoch agus um Beartas Cánach. 

An tUasal Michael Soden

J0270840480-Michael-Soden

Bhí Michael Soden ina POF ar Bhanc na hÉireann ó 2001 go dtí 2004.

Sular fhill sé ar Éirinn chun glacadh leis an bpost sin, chaith sé breis is 30 bliain i mórinstitiúidí idirnaisiúnta airgeadais, áit a raibh baint aige le gach gné de na margaí caipitil. Le linn na tréimhse sin, bhí sé ar Choiste Feidhmiúcháin an National Australian Bank, áit a raibh sé freagrach as Baincéireacht Mhórdhíola Dhomhanda agus, ina dhiaidh sin, as Baincéireacht Mhiondíola Dhomhanda.  Bhí sé freagrach freisin as gníomhaíochtaí mhargaí caipitil idirnáisiúnta Security Pacific Bank a fhorbairt.

Chaith sé blianta tosaigh a ghairmréime i Citibank/Citicorp Investment Bank, Ceanada. Ó chuaigh sé ar scor in 2004, tá sé ina thráchtaire ar an ngéarchéim baincéireachta idirnáisiúnta. Scríobh sé an leabhar, Open Dissent – An Uncompromising View of the Crisis, arna fhoilsiú in 2010.  

Rinneadh é a athcheapadh chuig an gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2014 go ceann téarma 5 bliana eile.

An tUasal Neil Whoriskey

J0270840389-Neil-Whoriskey

Tá Neil Whoriskey ina Cheannasaí ar Rannán na hArdrúnaíochta i mBanc Ceannais na hÉireann.