Próifíl Bheathaisnéiseach

Gabriel Makhlouf, An Gobharnóir

Gabriel Makhlouf

Chuaigh Gabriel Makhlouf i mbun a chúraim mar Ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann an 1 Meán Fómhair 2019.  Tá sé ina chathaoirleach ar Choimisiún an Bhainc Ceannais agus is comhalta é de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus den Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach, agus is é Gobharnóir Malartach na hÉireann ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. 

Sular tháining sé chuig an mBanc Ceannais, bhí Gabriel ina Rúnaí ar Státchiste na Nua-Shéalainne agus bhí sé ina phríomhchomhairleoir eacnamaíoch agus airgeadais do Rialtas na Nua-Shéalainne idir 2011 agus 2019. Le linn a thréimhse mar Rúnaí, bhí sé i gceannas ar athbhreithnithe ar thrí philéar mhaicreacnamaíocha na Nua Shéalainne (airgeadaíocht, cobhsaíocht airgeadais agus beartas fioscach) agus ar chreat nua do bheartas eacnamaíoch agus do bheartas poiblí a fhorbairt bunaithe ar fholláine idirghlúine. Ina theannta sin, bhí Gabriel ina Ghobharnóir Malartach don Nua Shéalainn sa Bhanc Domhanda, sa Bhanc Infheistíochta do Bhonneagar Áiseach, i mBanc Forbartha na hÁise agus sa Bhanc Eorpach d’Atógáil agus d’Fhorbairt.  Bhí sé ina chomhchathaoirleach freisin ar an gComhairle Baincéireachta Trasthasmánach.

Roimhe sin, d’oibrigh Gabriel i róil éagsúla i státseirbhís na Ríochta Aontaithe; ina measc sin, bhí róil aige sa bheartas cánach intíre agus idirnáisiúnta, agus in oibríochtaí mórscála. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste um Beartas Fioscach na hEagraíochta um Chomhar agus um Fhorbairt Eacnamaíoch agus bhí sé freagrach as seirbhís baincéireachta Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Sharon Donnery, Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais 
Sharon Donnery

Ceapadh Sharon Donnery ina Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais, ar an 1 Iúil 2022. Is comhalta ex-officio í de Choimisiún an Bhainc Ceannais agus is comhalta í de Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE). Mar Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais, tá Sharon freagrach as maoirseacht ar institiúidí creidmheasa; maoirseacht ar árachas; beartas agus riosca; agus as na rannáin um anailís stuamachta agus cigireachtaí.

Roimhe seo, bhí Sharon ina Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais, ón 1 Márta 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2022 agus bhí sí ina malartach don Ghobharnóir ar Chomhairle Rialaithe BCE. Tá sí ina comhalta freisin de Bhord Ginearálta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach tar éis do Chomhairle Rialaithe BCE í a cheapadh amhlaidh i mí na Nollag 2016. I mí Eanáir 2023, ceapadh Sharon ina comhchathaoirleach ar an Meitheal um Chistí Frithpháirteacha (OEFWG) de chuid an Bhuanchoiste um Chomhar Maoirseachta agus Rialála. 

Bhí Sharon ina Leas-Ghobharnóir Gníomhach ón 1 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Lúnasa 2019. Rinne sí cathaoirleacht ar Choistí Eorpacha éagsúla lena n-áirítear Coiste Buiséid BCE (BuCom), Grúpa Ardleibhéil BCE ar Iasachtaí Neamhthuillmheacha, Grúpa an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) um Chosaint Tomhaltóirí agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Bhuanchoiste ÚBE um Chosaint Tomhaltóirí agus Nuálaíocht Airgeadais. 

Thosaigh Sharon ag obair mar Eacnamaí sa Bhanc Ceannais in 1996 sa Rannán um Beartas Airgeadaíochta agus bhí poist shinsearacha éagsúla aici mar cheannasaí rannán. Ó mhí Feabhra 2013 go dtí mí Lúnasa 2014, bhí post reachtúil aici mar Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa agus, ó mhí Aibreáin 2014 go dtí mí Bealtaine 2016, bhí sí ina Stiúrthóir ar Institiúidí Creidmheasa. Sular ghlac sí lena post sa Bhanc Ceannais, bhí sí ina léachtóir le heacnamaíocht in Ollscoil Mhá Nuad.

Tá BA san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht, agus MA san Eacnamaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag Sharon, chomh maith le Dioplóma i Stiúradh Cuideachtaí ó Institiúid na Stiúrthóirí.  In 2019, glacadh léi mar Stiúrthóir Cairte in Institiúid na Stiúrthóirí i Londain.  In 2020, ceapadh í ina hOllamh Taca le hEacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Marcella Flood

 

Ceapadh Marcella Flood ina Príomh-Oifigeach Oibríochtaí ar an 20 Márta 2023. Mar Phríomh-Oifigeach Oibríochtaí, tá sí freagrach as réimsí príomhoibríochtaí a stiúradh sa Daon-Stiúrthóireacht, sa Stiúrthóireacht um Bainistíocht Faisnéise agus Teicneolaíocht Faisnéise, sa Stiúrthóireacht um Airgeadas agus Feidhmíocht Ghnó, mar aon le Seirbhísí Airgeadra, Ionaid Oibre agus Rialála,  Ina theannta sin, tá sí ina comhalta den Fhoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin.

Sular thosaigh sí ag obair sa Bhanc Ceannais, bhí Marcella ina Bainisteoir ar an gClár um Bunathrú in Allianz SE agus roimhe sin bhí sí ina Príomh-Oifigeach Oibríochtaí Réigiúnach don Eoraip Thuaidh, Láir agus Thoir in Allianz Partners. Tá taithí shuntasach Feidhmiúcháin aici ó róil éagsúla C-suite a bhí aici agus fuair sí saineolas domhain teicniúil ar Oibríochtaí, ar Theicneolaíocht, ar Athrú agus Bunathrú in Allianz, Microsoft, Bank of Ireland mar aon le gnólachtaí nuathionscanta agus sainchomhairleachtaí. Tá Marcella ina Stiúrthóir Cairte agus bhí poist éagsúla Boird aici, lena n-áirítear san Údarás Árachais Sláinte agus i gCumann Scléaróise Iolraí na hÉireann. 

 

 

Vasileios Madouros, Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais

Vasileios Madouros

Ceapadh Vasileios Madouros ina Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais, i mí na Samhna 2022. Sa ról seo, déanann sé maoirsiú ar na Rannáin um Eacnamaíocht & Staidreamh, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Oibríochtaí Airgeadais agus stiurann sé rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara intíre, Eurochórais agus idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht don Bhanc Ceannais ar ábhair níos leithne maidir leis an gcóras airgeadais. Is Comhalta ex-officio de Choimisiún an Bhainc Ceannais é Vasileios agus is malartach don Ghobharnóir é ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh. 

Roimhe seo, bhí Vasileios ina Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais.  Sa ról sin, bhí sé freagrach as obair an Bhainc Ceannais chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí don chobhsaíocht airgeadais agus as comhairle a thabhairt maidir le húsáid uirlisí marcrastuamachta, nó idirghabhálacha beartais eile, chun na rioscaí sin a mhaolú. Bhí Vasileios freagrach freisin as feabhas a chur ar ullmhacht agus ar chumas bainistíochta an Bhainc Ceannais i leith géarchéim airgeadais mar aon le hullmhúchán a dhéanamh i gcomhair réiteach ordúil institiúidí airgeadais ábhartha agus as réiteach den sórt sin a bhainistiú. Sa ról sin, bhí Vasileios ina chomhalta de Bhord Iomlánach an Bhoird Réitigh Aonair.  

Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist leis an mBanc Ceannais, chaith sé formhór dá shaol oibre le Banc Shasana. Chuimsigh a chuid oibre i mBanc Shasana mórán réimsí a bhain le cobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear forbairt beartais macrastuamachta, tástáil struis, airgeadais idirnáisiúnta, beartas stuamachta agus measúnú riosca macra-airgeadais.

Tá B.Sc san Eacnamaíocht ó Ollscoil Warwick agus M.Sc san Eacnamaíocht ó Birkbeck College, University of London ag Vasileios.

Derville Rowland, Leas-Ghobharnóir, Cosaint Tomhaltóirí agus Infheisteoirí

Derville Rowland

Ceapadh Derville Rowland ina Leas-Ghobharnóir, Cosaint Tomhaltóirí agus Infheisteoirí, ar an 1 Iúil 2022. Tá sí i gceannas ar chosaint tomhaltóirí, ar mhaoirseacht ar urrúis agus ar mhargaí, agus ar fhorfheidhmiú. Tá sí ina comhalta de bhord bainistíochta agus de bhord maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA).

Bhí Derville ina hArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais, ó Mheán Fómhair 2017 go Bealtaine 2022.

Roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir ar Fhorfheidhmiú agus, sa cháil sin, bhí sí freagrach as imscrúduithe agus as forfheidhmiú saincheisteanna ar fud na n-earnálacha rialáilte go léir.

Thosaigh sí ag obair sa Bhanc Ceannais in 2004 nuair a bhunaigh sí an Nós Imeachta um Smachtbhannaí Riaracháin agus ceapadh í ina Ceannasaí ar Fhorfheidhmiú in 2010.

Roimhe sin, bhí Derville ag obair mar Abhcóide Rialála i gComhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte in Éirinn, áit a raibh sí ina príomhabhcóide ar chásanna Araíonachta agus Iontrála agus Ceadúnúcháin, agus shealbhaigh sí taithí fhairsing le linn di bheith ag cleachtadh mar abhcóide i Londain agus ar Chuaird an Oirdheiscirt.

Bhain sí Céim sa Dlí amach agus fuair sí oiliúint abhcóide i Londain (Scoil Dlí Óstaí na Cúirte). Ina dhiaidh sin, bhain sí céim abhcóide amach ó Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath mar aon le Dioplóma i nDlí an Airgeadais Fheidhmigh.

Gerry Quinn, An Príomh-Oifigeach um Bunathrú
Gerry Quinn

Ceapadh Gerry Quinn ina Phríomh-Oifigeach um Bunathrú ar an 4 Aibreán 2022. Sa ról seo, tá sé freagrach as príomhthionscadail le haghaidh bunathrú sa Bhanc agus as TF. Roimh an gceapachán seo, bhí sé ina Phríomh-Oifigeach Oibríochtaí ó Mhárta 2011 i leith. Sa ról sin bhí sé frearach as AD, TF, Seirbhísí Corparáideacha (Soláthar, Saoráidí etc.), Idirbhearta Rialála agus as Eisiúint Airgeadra agus Táirgeadh Airgeadra. Chuaigh sé i mbun poist mar Phríomh-Oifigeach Oibríochtaí sa Bhanc Ceannais i mí Bealtaine 2011. Roimhe sin, bhí sé ag obair in earnáil na teileachumarsáide, áit ar chaith sé 7 mbliana mar Phríomh-Oifigeach Faisnéise/Stiúrthóir TF i gceann de na cuideachtaí is mó in Éirinn. Tá breis agus 25 bliana de thaithí bainistíochta aige san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Ina theannta sin, bhí poist éagsúla stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ar seilbh aige agus tá MSc sa Bhainistíocht (Iompraíocht Eagraíochtúil) aige ó Choláiste na Tríonóide.

Glenn Calverley, An Stiúrthóir ar Straitéis agus Rialachas

Glenn Calvery

Ceapadh Glenn Calverley in a Stiúrthóir ar Straitéis agus Rialachas ar an 1 Nollaig 2021.

Thosaigh sé ag obair sa Bhanc Ceannais in 2015 agus, roimh an gceapachán seo, bhí sé ina Cheannasaí ar Riosca Eagraíochtúil agus, ina dhiaidh sin, ar Straitéis agus Fadbhreathnaitheacht. Sula ndeachaigh sé i mbun poist sa Bhanc Ceannais, chaith Glenn breis agus 15 bliana i bpoist ardbhainistíochta éagsúla, sa bhaincéireacht tráchtála den chuid is mó, i réimsí na bainistíochta riosca agus an athraithe eagraíochtúil. 

Rinne sé ionadaíocht don Bhanc Ceannais ar chomhlachtaí éagsúla de chuid an Eurochórais, lena n-áirítear an Coiste Bainistíochta Riosca agus mar Chathaoirleach ar Thascfhórsa an Eurochórais um Athléimneacht.

Tá Msc Gnó aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le Msc san Eacnamaíocht Pholaitiúil ó Scoil Ghnó Londan.

Mark Cassidy, Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais 

Mark Cassidy

Ceapadh Mark Cassidy ina Stiúrthóir ar Chobhsaíocht Airgeadais ar an 1 Samhain 2022. Tá sé freagrach as obair an Bhainc Ceannais chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí don chobhsaíocht airgeadais agus chun comhairle a thabhairt maidir le húsáid uirlisí marcrastuamachta, nó úsáid beartais idirghabhála eile, chun na rioscaí sin a mhaolú. Tá Mark freagrach freisin as feabhas a chur ar ullmhacht i leith géarchéim airgeadais agus ar chumas bainistíochta an Bhainc Ceannais. Tá sé freagrach chomh maith as ullmhúchán i gcomhair réiteach ordúil institiúidí airgeadais ábhartha agus as an réiteach sin a bhainistiú. Tá Mark ina chomhalta de Bhord Iomlánach an Bhoird Réitigh Aonair.

Bhí Mark ina Leas-Ghobharnóir Gníomhach, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais, ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Roimhe sin, bhí sé ina Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh, ról a bhí aige ó mhí na Nollag 2017. Sa ról deireanach sin, bhí sé freagrach as an Rannán um Beartas Airgeadaíochta, an Rannán um Anailís Eacnamaíoch na hÉireann agus an Rannán Staidrimh. Roimh an gceapachán sin, bhí Mark ina Cheannasaí ar Chobhsaíocht Airgeadais agus bhí sé ina Cheannasaí ar Bheartas Airgeadaíochta.

Rinne Mark ionadaíocht don Bhanc Ceannais ar raon coistí Eurochórais agus idirnáisiúnta lena n-áirítear an Coiste um Chobhsaíocht Airgeadais de chuid BCE, an Coiste um Beartas Airgeadaíochta, an Coiste um Chaidreamh Idirnáisiúnta agus an Coiste um Maoirseacht ar Bhaincéireacht. Tá sé ina Chathaoirleach freisin ar Bhord Iontaobhaithe Scéim Aoisliúntais an Bhainc agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Thascfhórsa Brexit sa Bhanc Ceannais.

Tá breis is fiche bliain de thaithí aige sa bhaincéireacht cheannais agus sa saol acadúil agus tá Ph.D san Eacnamaíocht aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

 

Gerry Cross, An Stiúrthóir ar Bheartas agus Riosca

Gerry Cross

Ceapadh Gerry Cross ina Stiúrthóir ar Rialáil Airgeadais - Beartas agus Riosca i mí Bealtaine 2015.  Tá sé i gceannas ar obair an Bhainc Ceannais ar bheartas rialála i dtaca le hiompar stuamachta agus margaí agus ar a chreat maoirseoireachta riosca (PRISM). Is comhalta é de Bhord Stiúrthoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh agus is comhalta malartach de chuid an Údarais um Árachas agus Pinsin Cheirde é. Tá sé ina chomhchathaoirleach ar Bhuanchoiste ÚBE um Rialáil agus um Beartas.

Tá taithí ghairnmiúil leathan ag Gerry i réimse na rialála seirbhísí airgeadais. Sular tháinig sé chuig an mBanc Ceannais, d’oibrigh sé sa Choimisiún Eorpach, in Údarás Seirbhísí Airgeadais na Ríochta Aontaithe, in Fortis Group, san Institiúid Airgeadais Idirnáisiúnta agus i gCumann Margaí Airgeadais na hEorpa.

Domhnall Cullinan, An Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Árachas

Domhnall Cullinan

Chuaigh Domhnall Cullinan i mbun oibre leis an mBanc Ceannais in 2003 agus d’oibrigh sé i róil éagsúla sa mhaoirseacht árachais sular ceapadh é ina Cheanasaí ar Mhaoirseacht ar Árachas Ginearálta i Meitheamh 2012. I Meitheamh 2014, ceapadh Domhnall ina Cheannasaí ar Rannán um Fhrithsiúradh Airgid an Bhainc Ceannais. Ceapadh Domhnall ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht Árachais ar 1 Meán Fómhair 2019.  Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist sa Bhanc Ceannais, d’oibrigh Domhnall san earnáil saoil agus pinsean ar feadh 11 bhliain. Sa bhreis ar mhaoirseacht, bhí baint ag Domhnall le forbairt beartais agus reachtaíochta agus rinne sé ionadaíocht ar an mBanc Ceannais ar Bhord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde ar an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ar an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

Tá MBS ag Domhnall sa Chleachtadh Gnó ón bhForas Bainistíochta/Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Séana Cunningham, An Stiúrthóir ar Fhorfheidhmiú agus ar Fhrithsciúradh Airgid  

Seána Cunningham

Ceapadh Séana Cunningham ina Stiúrthóir ar Fhorfheidhmiú agus ar Fhrithsciúradh Airgid i mí Eanáir 2018. Roimh an gceapachán seo, bhí sí ina Ceannasaí ar an Rannán Comhairleach um Fhorfheidhmiú agus ina Leas-Cheannasaí ar an Rannán um Fhrithsciúradh Airgid sa Bhanc Ceannais. Chuaigh sí i mbun oibre sa Bhanc Ceannais in 2011 tar éis di breis agus deich mbliana a chaitheamh ag obair mar aturnae i gcleachtas príobháideach in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Louise Dennehy, An Príomh-Oifigeach Faisnéise

Louise Dennehy

Ceapadh Louise Dennehy ina Príomh-Oifigeach Faisnéise i Meán Fómhair 2019.  Chuaigh sé i mbun poist mar Cheannasaí ar Sheachadadh TF sa Bhanc Ceannais i mí Aibreáin 2017.  Tá breis agus 25 bliana taithí ag Louise sa teicneolaíocht faisnéise san earnáil seirbhísí airgeadais agus bhí róil cheannaireachta TF aici le linn an ama sin.  Tá céimeanna i réimsé na heolaíochta agus na teicneolaíochta faisnéise ag Louise ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath.

Patricia Dunne, An Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Urrúis agus ar Mhargaí

Patricia Dunne

Ceapadh Patricia Dunne ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Urrúis agus ar Mhargaí ar an 13 Nollaig 2021. Tá an Stiúrthóireacht um Maoirseacht ar Urrúis agus ar Mhargaí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí príomha agus tánaisteacha urrús; as sláine an mhargaidh; maoirseacht ar iompar an mhargaidh mórdhíola agus as maoirseacht a dhéanamh ar chistí infheistíochta, ar sholáthraithe seirbhísí cistí agus ionaid trádála.

Tá os cionn tríocha bliain de shaineolas rialála, maoirseachta agus beartais ag Patricia san earnáil bainistíochta sócmhainní, in earnáil na gcistí infheistíochta agus san earnáil baincéireachta. Bhain sí leas as an saineolas sin chun tionchar dearfach a imirt ar cheannaireacht agus ar threo straitéiseach na rialála airgeadais agus an Bhainc Ceannais níos leithne. Sular ceapadh ina Stiúrthóir í, bhí sí ina Ceannasaí ar Mhaoirseacht ar Mhargaí, áit a raibh sí freagrach as maoirseacht agus faireachas a dhéanamh ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear forbairt na maoirseachta um anailísíocht chomhtháite sonraí agus um anailís riosca. Chuir sí feabhas ar éifeachtacht an Bhainc Ceannais i réimse na forbartha beartais Eorpaigh agus idirnáisiúnta agus rannchuidigh sí le beartas agus reachtaíocht rialála na hEorpa a cheapadh maidir le bainistíocht sócmhainní agus cistí infheistíochta trí ionadaíocht a dhéanamh don Bhanc Ceannais ar Bhuanchoiste um Sheirbhísí Bainistíochta Infheistíochta de chuid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus trí chathaoirleacht a dhéanamh ar mheithlí éagsúla ESMA. 

Robert Kelly, Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh

Robert Kelly

Ceapadh Robert Kelly ina Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh ar an 1 Feabhra 2023. Tá sé freagrach as réamhaisnéisí eacnamaíocha agus anailís eacnamaíoch intíre, lena gcuirtear le fobairt bheartas eacnamaíochta an limistéir euro, agus as staidreamh airgeadais na hÉireann a thiomsú mar bhonn eolais do chinnteoireacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an Rialtais, gnólachtaí seirbhísí airgeadais agus an phobail.

Thosaigh Robert ag obair sa Bhanc Ceannais in 2009. Roimh an gceapachán áirithe seo, bhí sé ina Cheannasaí ar an Rannán Macra-Airgeadais agus bhí róil bainistíochta rannáin aige sa Stiúrthóireacht Eacnamaíochta agus Staidrimh agus sa Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais. Rinne sé ionadaíocht don Bhanc Ceannais ar raon coistí Eurochórais agus idirnáisiúnta lena n-áirítear an Coiste um Chobhsaíocht Airgeadais de chuid BCE agus Coiste Comhairleach Teicniúil BERS.

Bhí Robert ag teagasc in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá taighde foilsithe aige ar dhinimic chreidmheasa, agus ar bheartais airgeadaíochta agus macrastuamachta i bpríomhfhoilseacháin phiarmheasúnaithe.

Tá B.A, M.A. agus Ph.D san Eacnamaíocht agus Airgeadas aige ó Ollscoil Mhá Nuad. 

Patricia Kenny, Príomh-Oifigeach Daoine

Patricia Kenny

Ceapadh Patricia Kenny mar Phríomh-Oifigeach Daoine ar an 5 Eanáir 2021. Sular ghlac sí leis an bpost seo sa Bhanc Ceannais, bhí sí ina Príomh-Oifigeach Daoine, ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ina comhalta de Bhord Aer Rianta International, fochuideachta Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. 

Tá breis agus 20 bliain de thaithí idirnáisiúnta AD aici agus bhí róil Stiúrthóir AD & Leas-Uachtaráin ar seilbh aici in Paddy Power, McCann Fitzgerald, Deutsche Bank agus Citigroup anseo in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, i SAM agus i gCeanada.

Tá BA ag Patricia ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Dioplóma agus Máistreacht sa Staidéar Gnó (HRM) ó Scoil Ghnó Michael Smurfit, COBÁC.  Is Ball Cairte í den Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra agus is ball í de Chumann Síceolaithe na Breataine agus den Chumann Cóitseála. Ina theannta sin, tá Teastas sa Scothbhainistíocht (CME) aici ó Scoil Ghnó Harvard.

Colm Kincaid, An Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí

Colm Kincaid

Ceapadh Colm Kincaid ina Stiúrthóir ar an Rannán um Chosaint Tomhaltóirí ar an 1 Deireadh Fómhair 2021.  Roimh an gceapachán seo, bhí sé ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Urrúis agus ar Mhargaí, agus roimhe sin fós, ina Cheannasaí ar an Rannán um Chosaint Tomhaltóirí - Beartas & Údaruithe agus ina Leas-Cheannasaí ar an Rannán Dlí sa Bhanc Ceannais. Chuaigh sé i mbun oibre sa Bhanc Ceannais in 2004 tar éis dó bheith ag cleachtadh mar aturnae i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

Mary-Elizabeth McMunn, Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa

Mary-Elizabeth McMunn

Ceapadh Mary-Elizabeth McMunn ina Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa i mí Iúil 2018.  Tá sí freagrach as maoirseacht agus údarú banc, gnólachtaí infheistíochta casta, institiúidí íocaíochta agus ríomh-airgid, agus as Clárlann na gComhar Creidmheasa.  Thosaigh Mary-Elizabeth ag obair sa Bhanc Ceannais in 1997 agus, roimh an gceapachán seo, bhí róil bhainistíochta éagsúla aici sa Rialáil Airgeadais: an Stiúrthóireacht um Beartas & Riosca, an Stiúrthóireacht um Institiúidí Creidmheasa agus an Stiúrthóireacht um Maoirseacht ar Árachas. Bhí obair chomhairliúcháin ar siúl aici ar feadh tamaill roimhe sin freisin. .  

Tá sí ina Chomhalta Malartach de Bhord Maoirseachta Shásra Aonair Maoirseachta an BCE agus de Bhord Maoirseoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh.

Tá MSc san Infheistíocht agus Cistíocht aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, is céimí de Scoil Ghnó Michael Smurfit í agus tá B.A. san Eacnamaíocht aici ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.

William Molloy, Stiúrthóir ar Oibríochtaí Airgeadais

William Molloy

Ceapadh William Molloy ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Airgeadais ar an 1 Lúnasa 2019 agus, sa cháil sin, tá sé freagrach as an rannán um Margaí Airgeadais agus as an rannán um Íocaíochtaí agus Socraíochtaí Urrús.  Tá an Stiúrthóireacht seo freagrach as beartas airgeadaíochta an Eurochórais (lena n-áirítear an Clár Ceannaithe Sócmhainní) a chur chun feidhme, sócmhainní infheistíochta an Bhainc Ceannais a bhainistiú, an chuid Éireannach de Chóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama an Eurochórais (TARGET2) a oibriú, sábháilteacht agus éifeachtúlacht córas socraithe íocaíochta agus urrús atá á n-oibriú in Éirinn a chur chun cinn, agus an Scéim Ráthaíochta Taiscí a bhainistiú.

Sular ceapadh é sa ról seo, bhí William ina cheannasaí ar an rannán Íocaíochta agus Socraíochta Urrús, agus roimhe sin bhí sé ina Cheannasaí Feidhme sa rannán um Margaí Airgeadais, sa rannán um Maoirseacht Baincéireachta agus sa rannán um Riosca Eagraíochtúil.  Tá ionadaíocht déanta aige ar an mBanc Ceannais ag fora idirnáisiúnta agus is comhalta é de Choiste an Bhainc Ceannais Eorpaigh um Oibríochtaí Margaidh.

Tá nach mór scór bliain taithí ag William sa bhaincéireacht cheannais agus tá B.A sa Stair, Baitsiléir i Seirbhísí Airgeadais, M.A. Sa Stair, M.Sc sa Bhainistíocht Riosca agus MBS i gCleachtas Gnó aige.

Bernard Sheridan, An Stiúrthóir ar Airgeadra, Ionad Oibre agus Seirbhísí Rialála

Bernard Sheridan

Ceapadh Bernard Sheridan ina Stiúrthóir ar Airgeadra, Ionad Oibre agus Seirbhísí Rialála ar an 1 Samhain 2021. Ceapadh Bernard Sheridan ina Stiúrthóir ar Ghnóthaí Corparáideacha an 1 Meán Fómhair 2017. Le héifeacht ón 1 Aibreán 2020, athainmníodh an Stiúrthóireacht mar an Stiúrthóireacht um Straitéis agus Rialachas. Roimhe sin, bhí sé ina Leas-Ghobharnóir Gníomhach, Rialáil Airgeadais, agus ina Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí. Thosaigh Bernard ag obair sa Bhanc Ceannais i 1985 agus bhí raon post sinsearach ar seilbh aige lena n-áirítear mar cheannasaí ar Institiúidí Creidmheasa Intíre, ar na Cóid um Chosaint Tomhaltóirí agus ar na Rannáin um Fhaisnéis do Thomhaltóirí. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomh-Oifigeach Oibríochtaí ar an gCuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta (ICCL). Tá BComm aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar aon le Msc san Infheistíocht agus Cistíocht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Breege Timoney, Stiúrthóir ar Airgeadas agus Feidhmíocht Ghnó

 Breege Timoney

Ceapadh Breege Timoney ina Stiúrthóir ar Airgeadas agus Feidhmíocht Ghnó ar an 30 Eanáir 2023. Tá neart taithí ag Breege Timoney ar an Airgeadas Feidhmiúcháin agus Sinsearach agus ar Sholáthar tar éis di bheith ina comhalta d’fhoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin Permanent TSB (PTSB).  Roimhe sin, bhí róil shinsearacha éagsúla aici amhail Stiúrthóir ar Dhearbhú Táirgí, Stiúrthóir ar Athbhreithniú Morgáistí, Ceannasaí Airgeadais, Ceannasaí ar Phleanáil & Anailís Airgeadais, nuair a bhí sí ag obair le PTSB, Banc na hÉireann, Banc Uladh, an Cumann Gluaisteán (Automobile Association) agus Eagle Star Group.  Tá saineolas aici freisin ar sholáthar poiblí ón tréimhse a chaith sí ag obair mar Bhainisteoir ar Idirbhearta um Chomhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach sa Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród.  Is Stiúrthóir Deimhnithe Bainc í agus roimhe seo bhí sí ina Stiúrthóir Boird don Chomhairle um Inimircigh in Éirinn agus do Nuálaithe Sóisialta Óga na hÉireann agus tá sí ina comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA).  

Adrian Varley, An Stiúrthóir ar Anailís Stuamachta agus ar Chigearachtaí

Adrian Varley

Ceapadh Adrian Varley ina Stiúrthóir ar Anailís Stuamachta agus ar Chigearachtaí ar 1 Feabhra 2018. Oibríonn se i dteannta na stiúrthóirí ar mhaoirseoireacht stuamachta don earnáil árachais, don earnáil bhaincéireachta agus don earnáil bainistíochta sócmhainní agus tá sé freagrach as na hainailisithe riosca agus as na cigirí a thacaíonn leis na foirne maoirseorieachta a dhíríonn ar ghnóthais ar leith. Tá sé freagrach as an Rannán um Anailís Riosca, um Anailís Sonraí agus um Thuairisciú, as an Rannán um Rialachas agus um Riosca Oibríochtúil agus as an Ránnán um Rioscaí Airgeadais.

Thosaigh Adrian ag obair leis an mBanc Ceannais in 2010 agus roimh an gceapachán seo, bhí sé ina Cheannasaí ar an Rannán um Mhaoirseoireacht ar Bhaincéireacht. Tá PhD sa Mhatamaitic aige ó Warwick University agus tá breis is 20 bliain taithí aige sa saol acadúil, sa bhaincéireacht infheistíochta agus sa mhaoirseacht stuamachta.

Elaine Byrne, Cláraitheoir Gníomhach na gComhar Creidmheasa

Elaine Byrne

Ceapadh Elaine Byrne mar Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa ar an 21 Samhain 2022. Roimhe seo, bhí ról Leas-Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa aici le freagracht feidhme as Beartas agus Athstruchtúrú. Tá Elaine ina Cathaoirleach ar an Líonra Idirnáisiúnta de Rialtóirí Comhar Creidmheasa (ICURN).

Thosaigh Elaine ag obair sa Bhanc Ceannais i 1987 agus bhí poist cheannaireachta aici sa Rannán um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, sa Rannán Dlí agus Airgeadais agus i gClárlann na gComhar Creidmheasa, lena n-áirítear mar Leas-Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa ó 2006 i leith. Ceapadh Elaine mar ainmní an Bhainc Ceannais ar bhord na heagraíochta reachtúla, an Bord um Athstruchtúrú Comhar Creidmheasa (ReBo), nuair a bunaíodh é in 2013. Tá sí ina Cathaoirleach reatha ar an Líonra Idirnáisiúnta de Rialtóirí Comhar Creidmheasa (ICURN), an líonra domhanda maidir le maoirseacht ar chomharinstitiúidí airgeadais.

Sula ndeachaigh sí i mbun oibre sa Bhanc Ceannais, cháiligh Elaine mar Chuntasaóir Cairte le KPMG.   Tá BComm ag Elaine ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar aon le Dioplóma i dTreoir Cuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí, agus in 2022 glacadh léi mar Stiúrthóir Cairte in Institiúid na Stiúrthóirí i Londain.