Míniú - Cad é an Príomh-Chlár Creidmheasa?

Is córas é an Príomh-Chlár Creidmheasa ina mbailítear agus ina stóráiltear faisnéis phearsanta a bhaineann le hiasachtaí.
Tá sé á oibriú ag Banc Ceannais na hÉireann faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013.
Mar chuid den Phríomh-Chlár Creidmheasa, bailítear eolas faoi iasachtaí €500 nó níos mó, amhail:
    - Cártaí Creidmheasa 
 
    - Iasachtaí pearsanta 
 
    - Morgáistí
 
    - Iasachtaí gnó
 
    - Iasachtaí ó iasachtóirí airgid
 
    - Iasachtaí ó údaráis áitiúla
 
    - Rótharraingtí 
 
    - Fruilcheannach
 
    - Pleananna Conarthaí Pearsanta (PCP) agus maoiniú eile dá leithéid.
 
Conas a oibríonn sé?
Gach mí, cuireann iasachtóirí eolas chuig an an gClár faoi iasachtaí de €500 nó níos mó.
Baintear úsáid as an eolas sin chun tuarascálacha creidmheasaa chruthú d'iasachtaithe (daoine a bhfuil iasachtaí amuigh acu). Tá fáil ag na hiasachtaithe sin ar a dtuarascáil chreidmheasa agus, i gcásanna áirithe, tá fáil ag iasachtóirí orthu freisin.
Is féidir le hiasachtaithe a dtuarascálacha creidmheasa a iarraidh ón gClár. Ar an tuarascáil, feicfidh said an t-eolas a bhaineann leo féin a chur na hiasachtóirí isteach chuig an gClár.
Is féidir le hiasachtóirí úsáid a bhaint as tuarascálacha creidmheasa chun léargas a fháil ar na hiasachtaí atá amuigh ag an iasachtaí agus ar an stair chreidmheasa atá acu.
D'fhéadfadh sé sin go cabhrú leo cinneadh a dhéanamh iarratas ar iasacht a cheadú nó a dhiúltú. 
Baineann an Banc Ceannais úsáid as an gClár chun tuiscint níos fearr a fháil ar líon na n-iasachtaí sa gheilleagar agus ar phatrúin náisiúnta.
Conas is féidir liom mo thuarascáil chreidmheasa a fháil?
Is féidir leat do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh tráth ar bith, saor in aisce, faoi réir úsáid chothrom. Is féidir le hiasachtaithe, nach daoine aonair iad (mar shampla comhlachtaí), iarratas ar thuarascáil chreidmheasa a chur isteach uair amháin sa bhliain saor in aisce.  Beidh táille €6.35 ar aon iarratas ina dhiaidh sin an bhliain sin.  
Chun do chearta um chosaint sonraí a chosaint, iarrfar ort doiciméid aitheantais a chur ar fáil nuair a bheidh do thuarascáil chreidmheasa á hiarraidh agat.
Ní bheidh fáil ag iasachtóir ar do thuarascáil chreidmheasa ach amháin sna cásanna seo a leanas:
    - Má dhéanann tú iarratas ar iasacht nua
 
    - Má dhéanann tú iarratas chun iasacht reatha a athstruchtúrú
 
    - Má tá riaráistí agat ar iasacht Reatha (má tá tú 'chun deiridh' le d'íocaíochtaí)
 
    - Má sháraíonn tú téarmaí cárta creidmheasa nó rótharraingte.
 
Ní bheidh aon duine eile in ann teacht ar do thuarascáil chreidmheasa gan cead a fháil uait.
Aon uair a dhéanfar iarratas ar do thuarascáil chreidmheasa, déanfar é thaifeadadh mar “lorg” a bheidh sofheicthe duit.   
Insíonn an “lorg” duit cathain a iarradh do thuarascáil chreidmheasa, cé a d'iarr í agus cén fáth ar iarradh í.  
Chun eolas iomlán a fháil faoin gcaoi le do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh, féach Iarratas a chur isteach
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do chearta, féach Do Chearta.
Tuilleadh Eolais
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gClár ar www.centralcreditregister.ie nó trí theagmháil a dhéanamh linn ag:
Ríomhphost:           [email protected]
Íosghlao:          1890 100 050
Guthán:       +353 (0)1 224 5500