Míniú - Conas is féidir liom mé féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais?

Athscríbhinn den fhíseán: “Míniú - Conas is féidir liom mé féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais?”

Déan tástáil “SAFE”

Tá sceamálacha i ngach áit sa lá atá inniu ann agus tá bealaí níos sofaisticiúla á n-úsáid ag calaoiseoirí anois chun bob a bhualadh orainn.

Baineann siad úsáid as na meáin shóisialta agus suíomhanna gréasáin bréige agus déanann siad cóipeáil ar shuíomhanna gréasáin dílse freisin chun iarracht a dhéanamh ár gcuid airgid agus sonraí pearsanta a fháil uainn.

B’fhéidir go dtairgfeadh caimiléirí táirgí airgeadais amhail na cinn seo a leanas:

  • Infheistíochtaí a gheallann torthaí arda
  • Táirgí pinsin agus coigiltis a ngabhann buntáistí iontacha leo
  • Morgáistí agus iasachtaí
  • Polasaithe árachais saora 

An bhfuil imní ort faoi sceamálacha airgeadais?

D'iarramar ar dhaoine den phobal an raibh imní orthu faoi sceamálacha. Tugann a gcuid freagraí léargas ar leitheadúlacht agus ar éagsúlacht na sceamálacha atá a n-úsáid chun bob a bhualadh ar dhaoine.

Athscríbhinn den fhíseán "An bhfuil imní ort faoi sceamálacha airgeadais?"

Déan tástáil "SAFE"

Má tá tá ag cuimhneamh ar an táirge sin a cheannach nó déileáil leis an ngnólacht sin, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne, déan tástáil SAFE roimh ré.  

Cuimhnigh, má bhíonn tú ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, caillfidh tú cosaintí tábhachtacha atá ceaptha aire a thabhairt duit má théann cúrsaí ó rath. Mar shampla, ní bheidh tú ábalta éileamh a dhéanamh faoin Scéim Chúitimh d'Infheisteoirí, ná ní bheidh an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean ábalta cabhrú leat le do ghearán. Ciallaíonn sé sin nach dócha go bhfaighidh tú do chuid airgid ar ais ma théann cúrsaí ó rath.

Agus cuimhnigh nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait.

Tástáil SAFE

Féach freisin: