An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2023

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos) Athscríbhinn den fhíseán "Rioscaí agus Ionchas don Chóras Airgeadais (Samhain 2023)"

Réamhrá

Tá an t-ionchas don chobhsaíocht airgeadais á mhúnlú i gcónaí ag an gcaoi a dtéann an geilleagar domhanda in oiriúint do rátaí úis níos airde. Tá an boilsciú domhanda dianseasmhach agus tá rátaí úis beartais sriantach i gcónaí. Fágann rátaí úis fadtéarmacha níos airde agus dálaí airgeadais níos géire go bhfuil margaí airgeadais leochaileach do cheartuithe mí-ordúla. Tá an geilleagar domhanda faoi réir rioscaí maidir le turraingí boilscitheacha breise, fad atá éiginnteacht ann i gcónaí maidir le méid iarbhír éifeachtaí beartais airgeadaíochta níos géire ar an bhfíorgheilleagar domhanda.

D’ainneoin an chúlra dhomhanda seo, bhí an geilleagar intíre ag leathnú i gcónaí, ach ba mhoille luas an leathnaithe sin. Tá na rioscaí ar an taobh thíos níos feiceálaí anois ná mar a bhí nuair a foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach, mar shampla trí phraghsanna laghdaitheacha réadmhaoine tráchtála (CRE) agus trí luathfhianaise ar mhoilliú ar shreafaí onnmhairí agus ar fháltais ó cháin chorparáide, tar éis tréimhse fhada d’fhás fíorláidir. Leanann athléimneacht earnáil na dteaghlach agus na hearnála corparáidí de bheith ag tairbhiú de neart an mhargaidh saothair agus d’fhéichiúnas íseal, cé go bhfuil comharthai tosaigh ann go bhfuil deacrachtaí aisíocaíochta ag roinnt iasachtaithe leochaileacha.

Leanann brabúsacht mhéadaithe na mbanc ó foilsíodh an tAthbhreithniu deireanach, rud a neartaíonn cumas na mbanc infheistíocht a dhéanamh don todhchaí agus athléimneacht i leith turraingí a láidriú. Is é is aidhm do sheasamh beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais athléimneacht a choimeád ar bun nuair nach mbíonn rioscaí leathana, sistéamacha ann. I gcomhréir leis an seasamh sin, tá ráta CCyB á choinneáil ag 1.5 faoin gcéad ag an mBanc Ceannais, agus leanann sé d’fhorbairt a dhéanamh ar an gcreat macrastuamachta le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc.

Financial Stability Review 2023: II | pdf 1361 KB FSR 2023 II Risk Chartpack | xlsx 489 KB FSR 2023 II Resilience Chartpack | xlsx 655 KB FSR 2023 II Macroprudential Policy Chartpack | xlsx 160 KB FSR 2023 II Box Chartpack | xlsx 181 KB

Féach freisin: