An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2021

Tar éis breis agus bliain de shrianta COVID-19, tá conair níos soiléire i dtreo téarnamh eacnaíomach le feiceáil romhainn anois de thoradh leathnú na gclár vacsaínithe - ar fud an domhain agus anseo in Éirinn. Mar sin féin, is dócha go mbeidh téarnamh éagothrom ann ar fud na dtíortha éagsúla agus na n-earnálacha éagsúla agus d’fhéadfaí go gcuirfí an téarnamh sin ar gcúl. Leis an bhfreagairt beartais anseo in Éirinn, maolaíodh tionchar na turrainge ar theaghlaigh agus ar ghnóthaí, agus is dócha nach mbeidh méid iomlán chruachás airgeadais na n-iasachtaithe le feiceáil go dtí go dtosófar ar thacaíochtaí rialtais a scaoileadh. Tá córas baincéireachta na hÉireann tar éis caillteanais a éiríonn as an bpaindéim a iompar agus tá an cumas aige leanúint de thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnóthaí, fiú i gcomhthéacs torthaí eacnamaíocha i bhfad níos measa ná mar atáthar ag súil leis. Trí sheasamh beartais macrastuamachta an Bhainc Ceannais, cumasaítear don chóras baincéireachta leanúint den turraing a iompar agus de bheith ag tacú leis an téarnamh.

Financial Stability Review 2021:I | pdf 2219 KB FSR 2021 I - Risk Chartpack | xls 701 KB FSR 2021 I - Resilience Chartpack | xls 573 KB FSR 2021 I - Policy Chartpack | xls 117 KB FSR 2021 I - Box Chartpack | xls 199 KB

Féach freisin: