An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2020

Tá turraing eacnamaíoch neamhghnách spreagtha ag na bearta atá glactha chun sláinte an phobail a chosaint mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Cé go bhfuil an geilleagar domhanda agus an geilleagar intíre ag teacht chucu féin arís i ndiaidh dhuibheagán na géarchéime, tá dúshláin bhreise ghearrthéarmacha ann mar gheall ar an dara ráig den víreas.

D’ainneoin an dul chun chun atá déanta maidir le vacsaín éifeachtach a fhorbairt, eascraíonn na príomhrioscaí don chobhsaíocht airgeadais as an bhféidearthacht go mbeidh cur isteach breise ar an téarnamh eacnamaíoch domhanda; an riosca gaolmhar a bhaineann le strus breise sa mhargadh airgeadais; agus na hiarmhairtí díobhálacha maicreacnamaíocha a bheidh ag socruithe trádála ag deireadh idirthréimhse Brexit. Beidh tamall ann sula mbraithfí iomlán na turrainge sa gheilleagar agus sa chóras airgeadais.

Tá measúnú déanta ag an mBanc Ceannais ar thionchar na bhféidearthachtaí éagsúla ar staid réamhbhreathnaitheach airgeadais an chórais baincéireachta miondíola. Tá cumas iompartha caillteanais an chórais ina iomláine leordhóthanach chun turraingí a iompar, ar turraingí iad atá i bhfad níos measa ná na turraingí a thuartar sna réamh-mheastacháin bunlíne reatha. Níl an cumas iompartha caillteanais sin gan teorainn, áfach, agus ba cheart d’iasachtóirí ullmhú do raon leathan torthaí ionchasacha.

Léirítear freisin san anailís atá déanta ag an mBanc Ceannais go mbeadh cor chun donais maicreacnamaíoch ní ba mheasa ann dá gcuirfeadh an córas baincéireachta srian suntasach leis an soláthar creidmheasa. Chun an riosca seo a mhaolú, tá raon gníomhartha fioscacha, airgeadaíochta, macrastuamachta agus micreastuamachta glactha ag an lucht déanta beartais.   

Financial Stability Review 2020: II | pdf 1970 KB FSR 2020 II - Risk Chartpack | xls 5894 KB FSR 2020 II - Resilience Chartpack | xls 532 KB FSR 2020 II - Policy Chartpack | xls 396 KB FSR 2020 II - Box Chartpack | xls 273 KB

Féach freisin: