An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2019

Toisc gur geilleagar beag, oscailte é geilleagar na hÉireann, tá sé leochaileach do thurraingí ó thar lear. Measann an Banc Ceannais go n-eascraíonn na príomhrioscaí don chobhsaíocht airgeadais intíre as forbairtí seachtracha agus go bhfuil na rioscaí seachtracha sin ardaithe faoi láthair.

Ar na rioscaí struchtúracha, áirítear an fhéidearthacht leanúnach go mbeidh Brexit mí-ordúil ann agus an riosca go mbeidh athruithe ar an timpeallacht idirnáisiúnta trádála agus cánach. Eascraíonn rioscaí timthriallacha as an bhféidearthacht go mbeidh daingniú tobann ar dhálaí airgeadais domhanda. Leis an titim ar rátaí domhanda úis ó foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach, maolaítear an imní a bhaineann le hinbhuanaitheacht fiachais sa ghearrthéarma ach cruthaítear leochaileachtaí sa mheántéarma trí thaca a chur faoi mhéaduithe breise ar luachálacha sócmhainní atá ard cheana féin agus faoi chuardach leanúnach torthaí. Sa chríoch baile, tá an geilleagar ag druidim i dtreo na lánacmhainneachta agus tá fás leanúnach ar iasachtú, rud a thugann le fios go bhfuil carnadh céimseach riosca thimthriallaigh ann, agus tá an fhéidearthacht ann go nglacfar rioscaí comhthimthriallacha in éagmais Brexit mí-ordúil.

Financial Stability Review 2019 II | pdf 3099 KB Financial Stability Review 2019 II - Analyst Briefing | pdf 744 KB FSR 2019 II - Risk Chartpack | xls 1250 KB FSR 2019 II - Resilience Chartpack | xls 388 KB FSR 2019 II - Macroprudential Policy Chartpack | xls 99 KB FSR 2019 II - Box Chartpack | xls 220 KB

Féach freisin: