An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2021

Leanann an téarnamh eacnamaíoch ó foilsíodh an tAthbhreithniú deiridh, rud a laghdaíonn roinnt de na rioscaí gearrthéarmacha a eascraíonn as turraing na paindéime. Ag an am céanna, tá méadú ag teacht i gcónaí ar leochaileachtaí meántéarmacha, amhail na cinn sin a éiríonn as luachálacha sínte sócmhainní i margaí airgeadais agus as leibhéil fiachais dhomhanda níos airde, fad atá brúnna ar phraghsanna ag méadú - san fhíorgheilleagar - mar gheall ar an gcur isteach ar shlabhraí soláthair agus mar gheall ar shrianta acmhainneachta earnála. Tá tionchar na paindéime ar staid airgeadais na hearnála baincéireachta ag dul i léig agus tá an earnáil ag filleadh ar bhrabúsacht. Má fhanann an t-ionchas reatha don fhás eacnamaíoch mar atá, measann an Banc Ceannais go bhféadfaí tús a chur le hathbhunú na maolán timthriallach caipitil macrastuamachta le linn 2022.  I gcomhthreo leis sin, agus ag féachaint do na naisc atá ag teacht chun cinn idir an earnáil airgeadais agus an geilleagar intíre, tá a chreat macrastuamachta á leathnú ag an mBanc Ceannais chun athléimneacht san earnáil airgeadais neamhbhainc a chosaint, rud a chumasóidh don chóras airgeadais níos leithne turraingí díobhálacha a iompar - seachas iad a mhéadú.

Financial Stability Review 2021: II | pdf 2478 KB FSR 2021 II - Risk Chartpack | xls 759 KB FSR 2021 II - Resilience Chartpack | xls 985 KB FSR 2021 II - Policy Chartpack | xls 264 KB FSR 2021 II - Box Chartpack | xls 243 KB

Féach freisin: