An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2023

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos) Athscríbhinn den fhíseán "Rioscaí agus Ionchas don Chóras Airgeadais (Meitheamh 2023)"

Tá na rioscaí don gheilleagar domhanda ardaithe i gcónaí, rud a eascraíonn as boilsciú ard agus as an bhfreagairt riachtanach beartais airgeadaíochta, as géarú ar dhálaí airgeadais agus as ilroinnt gheopholaitiúil. Tá an córas airgeadais domhanda leochaileach i gcónaí do choigeartuithe mí-ordúla margaidh i ndiaidh deich mbliana de ghlacadh ardaithe riosca, mar a léiríodh leis an tsuaiteacht le déanaí sa chóras airgeadais domhanda, agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh iompar na n-idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc le luaineacht margaidh. Sa chríoch bhaile, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos moille ann agus go nochtfaí leochaileachtaí, go háirithe i margaí réadmhaoine tráchtála, mar gheall ar bhoilsciú seasmhach agus rátaí úis níos airde. Is cosúil go bhfuil teaghlaigh agus gnóthaí athléimneach, trí chéile, i leith na turrainge boilscithí go dtí seo, rud atá inchurtha go páirteach don laghdú suntasach ar fhéichiúnas príobháideach le deich mbliana anuas. Faoi láthair, tá lamháltas ag na bainc mhiondíola intíre os cionn na gceanglas rialála caipitil agus leachtachta, rud a chuireann ar a gcumas turraingí a sheasamh, fad a mheastar go dtairbheoidh brabúsacht de ghlanioncam úis atá ag méadú. Sa chomhthéacs seo, tá an Banc Ceannais ag leanúint den Chúlchiste Fritimthriallach a ardú ó 1 go 1.5 faoin gcéad, mar a cuireadh in iúl i mí na Nollag. Cuirfidh sé seo le hathléimneacht an chórais baincéireachta i leith turraingí díobhálacha. 

Réamhrá

Financial Stability Review 2023 I | pdf 1288 KB FSR 2023 I Risk Chartpack | xls 568 KB FSR 2023 I Resilience Chartpack | xls 701 KB FSR 2023 I Policy Chartpack | xls 113 KB FSR 2023 I Box Chartpack | xls 47 KB

Féach freisin: