An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2025

Ó mhí na Nollag 2024 i leith, tá méadú tagtha ar na rioscaí atá ag bagairt ar an gcóras airgeadais domhanda. Tá ionchas fáis níos laige ann, mar aon le luaineacht mhéadaithe margaidh, de thoradh constaicí méadaitheacha ar thrádáil agus méadú mór ar an éiginnteacht a bhaineann le beartas eacnamaíoch agus trádála. Tá Éire neamhchosanta ar theannas méadaitheach trádála agus ar aon aistrithe gaolmhara seachtracha maicreacnamaíocha mar gheall ar a hoscailteacht eacnamaíoch agus a spleáchas mór ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche (FDI) ó na Stáit Aontaithe. Amhail ag tús mhí an Mheithimh 2025, tá dálaí eacnamaíocha intíre dearfach i gcónaí, agus léirítear fás measartha i gcónaí sa chás lárnach réamhaisnéise, ach rinneadh athbhreithniú anuas air le déanaí sa mhéid go gcuirtear rioscaí méadaithe ar an taobh thíos in iúl. Sa chomhthéacs seo, is fearr breathnú ar rioscaí cobhsaíochta airgeadais ar mhodh réamhbhreathnaitheach ina n-aithnítear an dóchúlacht go mbeidh dálaí seachtracha níos luainí i gceist. Féadfaidh go n-eascróidh caillteanais margaidh as aon athbhorradh ar shuaiteacht sa mhargadh airgeadais agus go gcuirfí laincis ar ghnólachtaí agus ar iasachtóirí atá spleách ar dhálaí maoiniúcháin margadhbhunaithe. Agus dá mbeadh meathlú ar an bhfás eacnamaíoch, d’fhéadfaí go méadófaí rioscaí creidmheasa do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.

Tá athléimneacht shuntasach san earnáil baincéireachta intíre le blianta beaga anuas, ach d’fhéadfadh risíocht mhéadaithe a bheith aici ar chaillteanais chreidmheasa nó margaidh i gcás ina dtiocfadh roinnt de na rioscaí sin chun cinn. Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le bainistíocht stuama riosca agus le cothabháil na hathléimneachta airgeadais agus oibríochtúla, agus i gcás inar cuí, le bunú na hathléimneachta sin. Tá cibear-rioscaí agus rioscaí aeráide ina bhfoinsí tábhachtacha turraingí díobhálacha féideartha i gcónaí agus féadfaidh siad leochaileachtaí reatha timthriallacha a mhéadú. Bhí an earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc (NBFI) - ar fud an domhain agus in Éirinn – in ann na héilimh leachtachta a d’éirigh as an tsuaiteacht sa mhargadh airgeadais i mí Aibreáin a bhainistiú ar mhodh ordúil. Tá leochaileachtaí struchtúracha ann i gcónaí i gcodanna d’earnáil NBFI, áfach, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le dul chun cinn leanúnach maidir leis an gcreat rialála d’earnáil NBFI a neartú ar leibhéal domhanda agus Eorpach.

Financial Stability Review 2025 I | pdf 1294 KB FSR 2025 I Chartpack | xlsx 1073 KB

Féach freisin: