An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2026

Tá méadú tagtha ar rioscaí a thig as forbairtí sa chuid eile den domhan, agus tá na rioscaí sin ardaithe i gcónaí i bhfianaise maoiniú fiachais á spreagadh ag IS, riosca ceannasach atá ag méadú agus teannas geopholaitiúil leanúnach. Tá gníomhaíocht eacnamaíoch dhomhanda athléimneach i gcónaí d’ainneoin an tsuaite fuinnimh le déanaí, ach tá sé sin inchurtha go páirteach do neart na hinfheistíochta in IS, rud a bhíonn ag brath níos mó agus níos mó ar mhaoiniú fiachais ag hipearscálairí. D’fhéadfadh athphraghsáil ar mhargaí airgeadais agus laghdú ar fhás eacnamaíoch agus ar athléimneacht a bheith de thoradh ar aon mhoilliú ar infheistíocht in IS nó ar bhrabúis ionchasacha. Tá cibearbhagairtí sofaisticiúla ag méadú de thoradh na forbartha gasta atá ag teacht ar shamhlacha IS. Tá méadú tagtha ar thorthaí ar bhannaí ceannasacha, rud a theorannaíonn an spás fioscach atá ann chun freagairt do shuaití díobhálacha agus chun dul i ngleic le dúshláin struchtúracha. D’fhéadfaí go méadófaí na rioscaí sin trí neamhchosaintí NBFIanna (idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc) giaráilte ar ghnólachtaí teicneolaíochta SA agus ar fhiachas ceannasach. Tá ionchas ard ann i gcónaí go bhféadfadh suaitheadh aonair rioscaí iolracha a spreagadh agus a mhéadú ag an am céanna.

Tá rioscaí intíre idirnasctha go struchtúrach le forbairtí domhanda. Tá staid fhioscach, dinimic trádála eachtraí agus infheistíocht an Stáit go mór faoi thionchar ag roinnt fiontar mór ilnáisiúnta. Bheadh éifeacht shuntasach ag suaitheadh do na cuideachtaí sin ar an bhfás eacnamaíoch intíre agus, ar an gcaoi sin, ar an gcóras airgeadais. De bhreis air sin, tá rioscaí ar an taobh thuas don bhoilsciú ag baint leis an spleáchas mór ar fhuinneamh allmhairithe de bharr na coinbhleachta faidréisí sa Mheán-Oirthear. D’ainneoin na ndúshlán sin, tá athléimneacht léirithe ag an ngeilleagar intíre agus an earnáil airgeadais ó foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach.

Financial Stability Review 2026 II | pdf 1031 KB

Féach freisin: