An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais II 2025
Tá an éiginnteacht a bhaineann leis an mbeartas trádála domhanda níos airde ná na noirm stairiúla go fóill ach maolaithe ón tráth a foilsíodh an tAthbhreithniú deireanach, rud a léiríonn tuilleadh soiléireachta maidir leis na leibhéil taraifí sa ghearrthéarma. Cé gur chuir forbairtí le déanaí le hionchas atá beagáinín feabhsaithe don fhás domhanda, tá na rioscaí don chóras airgeadais ard i gcónaí. Agus margaí cothromais ag leibhéil atá níos airde ná riamh, agus raonta difríochta bannaí corparáideacha laghdaithe, is léir go bhfuil neamhréir idir an éiginnteacht eacnamaíoch agus praghsáil riosca sna margaí airgeadais. D’fhéadfadh leochaileachtaí i ndeighleoga den earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc (NBFI) dhomhanda turraingí díobhálacha sa mhargadh a mhéadú, fad atá aird tarraingthe ag comharthaí rabhaidh i margaí creidmheasa phríobháidigh ar chaighdeáin iasachtaithe na neamhbhanc. Tá easnaimh fhioscacha ann i gcónaí in go leor geilleagar sárfhorbartha, rud a fhágfaidh go mbeidh ualaí méadaitheacha fiachais cheannasaigh. Chruthófaí dúshlán ar leith don chobhsaíocht airgeadais dhomhanda dá spreagfaí níos mó ná ceann amháin de na rioscaí seo ag an am céanna.
Tá geilleagar na hÉireann neamhchosanta ar fhorbairtí idirnáisiúnta i dtimpeallacht ina mbíonn móréiginnteacht i réim agus tosaíochtaí beartais domhanda athraitheacha. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, tá rioscaí suntasacha ar an taobh thíos ann i gcónaí don fhás eacnamaíoch intíre i bhfianaise oscailteacht struchtúrach agus spleáchas na hÉireann ar infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) ó na Stáit Aontaithe. Tá airgeadas an Rialtais ag brath an iomarca ar fháltais ó cháin chorparáide, agus ní mór an gá le dul i ngleic le heasnaimh bhonneagair a chothromú le leibhéil inbhuanaithe fáis caiteachais. D’ainneoin neamhchosaintí suntasacha ar fhorbairtí domhanda, tá cláir chomhardaithe sách folláin ag teaghlaigh, gnóthaí agus institiúidí airgeadais na hÉireann agus tá an cumas ag an gcóras baincéireachta intíre mórthurraing don gheilleagar a sheasamh.
Financial Stability Review 2025 II | pdf 1443 KB
Féach freisin: