Athbhreithniú Macra-Airgeadais I 2018

Macro-Financial Review 2018.1

Sa chéad Athbhreithniú Macra-Airgeadais (MFR) do 2018 ón mBanc Ceannais, deirtear go bhfuil an córas airgeadais ag neartú agus go bhfuil geilleagar na hÉireann ag fás ar luas rathúil.  Ach luaitear ann freisin go bhfuil riosca méadaithe ann go mbeidh athrú tobann diúltach ar dhálaí an mhargaidh airgeadais. Léigh an tAthbhreithniú ina iomláine, An tAthbhreithniú Macra-Airgeadais 2018.1

MRF-2018-1-756x350-Banner

Luaitear sa MFR gurb iad seo a leanas roinnt de na rioscaí a bhaineann le Brexit:

  • An fhéidearthacht go gcuirfidh gnóthaí intíre agus teaghlaigh cinntí infheistíochta ar an méar fhada go dtí go mbeidh soiléireacht ann faoin gcaidreamh trádála leis an RA amach anseo
  • Moilliú ar fhás eacnamaíoch sa RA agus in Éirinn a dhéanfaidh difear do phunanna iasachta na mbanc Éireannach, agus méadú ionchasach ar iasachtaí neamhthuillmheacha
  • Dúshláin oibríochtúla nua do bhainc Éireannacha atá ag iarraidh fiachas a eisiúint tríd an RA
  • Go gcaillfidh gnólachtaí árachais na RA an ceart chun gnó a dhéanamh in Éirinn, rud a dhéanfadh difear don iomaíocht agus d’infhaighteacht táirgí.

Mar a deir Sharon Donnery, an Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais: ‘Eascraíonn rioscaí forleathana d’Éirinn as Brexit, go háirithe as Brexit ‘crua’ nó Brexit suaiteach. Tá an deis chun raon saincheisteanna a réiteach d’onnmhaireoirí, do bhainc agus do chuideachtaí árachais, gan ach beagán a lua, ag imeacht go tapa agus ní foláir pleananna teagmhasacha a ullmhú ina n-iomláine.’

Ar na rioscaí eile, áirítear:

  • Spreagthaí geopholaitiúla riosca, amhail socruithe cánach idirnáisiúnta agus caomhnaitheacht sa trádáil idirnáisiúnta, agus luachálacha sócmhainní i margaí airgeadais idirnáisiúnta - a bhfuil a bhformhór díobh ard agus leochaileach d’athruithe ar mheon an mhargaidh
  • Comhchruinniú risíochtaí banc in iasachtú a bhaineann le réadmhaoin
  • Ardleibhéil fiachais in earnáil na dteaghlach agus san earnáil phoiblí, agus is í earnáil na dteaghlach in Éirinn an ceathrú ceann is measa san AE ó thaobh fiachais de
  • Líon sách beag íocóirí ag déanamh suas cion mór den cháin chorparáideach, rud a fhágann go bhfuil an Stát neamhchosanta ar thurraingí aonuaire agus ar fhorbairtí polaitiúla
  • Gluaiseacht níos leithne i dtreo na caomhnaitheachta sa trádáil idirnáisiúnta
  • Athruithe ar shocruithe cánach corpáráide idirnáisiúnta san AE agus sna SA araon. Go leor gnólachtaí idirnáisiúnta a thugann leibhéil shuntasacha d’infheistíocht dhíreach choigríche isteach, bíonn siad ag oibriú in Éirinn mar bhonn dá gcuid oibríochtaí AE. 

Tugann an tAthbhreithniú Macra-Airgeadais forbhreathnú ar staid reatha na timpeallachta macra-airgeadais in Éirinn.