Athbhreithniú Macra-Airgeadais II 2017

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an dara hAthbhreithniú Macra-Airgeadais 2017 a tharraingíonn aird ar na baoil atá ann do gheilleagar agus do chóras airgeadais na hÉireann.

Príomhphointí ón athbhreithniú:

  • Is bagairt mhór ar gheilleagar na hÉireann i gcónaí é Brexit
  • D’fhéadfadh go gcuirfeadh easnaimh bhonneagair i ndáil le tithíocht, iompar agus cumarsáid bac ar an bhfás intíre agus d’fhéadfadh an caiteachas a dhéanfaí chun dul i ngleic leis an heasnaimh sin brú an róbhorrtha a chruthú
  • Is mó i gcónaí an t-éileamh ar thithíocht ná an soláthar agus tá go leor teaghlach i mbaol de bharr méaduithe fiachais agus úis

Agus í ag labhairt ag preasócáid ag ar seoladh an t-athbhreithniú, luaigh Sharon Donnery, An Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais, a fheabhas atá ag éirí le geilleagar na hÉireann ach thug sí foláireamh i dtaobh na mbaol a bhainfeadh le Brexit. 
“Táthar ag tuar go dtiocfaidh borradh seasmhach faoi gheilleagar na hÉireann in 2018, agus go mbeidh dlús faoi chúrsaí fostaíochta. Tá baol nach beag do gheilleagar na hÉireann de thoradh chinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil. Tá baol ann go mbeadh iarmhairt dhiúltach ag athruithe ar chomhaontuithe trádála idir an AE agus an RA ar an éileamh a bheadh ar onnmhairí agus go gcuirfí isteach ar shlabhraí soláthair,” ar sise.

Tharraing an Leas-Ghobharnóir aird ar an mbaol a bhaineann le heasnaimh bhonneagair ach thug sí foláireamh go bhféadfadh bearta a dhéanfaí chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin sa ghearrthréimhse tabhairt ar gheilleagar na hÉireann róbhorradh.

“Tá baol ann go gcuirfeadh easnaimh bhonneagair, go háirithe in earnáil na tithíochta, bac ar ionchais fáis sa mhéantréimhse nó san fhadtréimhse, cé go bhféadfadh caitheachas breise a mhaolódh na heasnaimh sin brú an róbhorrtha geilleagair a chruthú sa ghearrthréimhse,” ar sise.

I bhfianaise go bhfuil fiachas 142% d’ioncam indiúscartha ann, dúirt Ms Donnery go bhfuil earnáil na dteaghlach in Éirinn “i bhfiacha go mór” agus thug sí foláireamh go raibh an earnáil leochaileach i ndáil le méadú ar rátaí úis.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine.