I gcomhréir le Rialacháin FBM an Bhainc Ceannais, tá an Banc Ceannais ag súil leis go mbeidh iasachtóirí ag plé leat chun teacht ar réitigh oiriúnacha, agus go gcuirfidh siad a oiread iasachtaithe agus is féidir ar a mboinn arís maidir lena gcuid fiach a aisíoc.
B’fhéidir go dtairgfidh d’iasachtóir socrú malartach duit chun an t-ualach airgeadais ar do ghnó a mhaolú, nó b’fhéidir go dtairgfidh sé creidmheas nua do do ghnó chun cabhrú leis fanacht i mbun trádála sa tréimhse chrua seo.
Is ionann socrú malartach agus comhaontú nua le d’iasachtóir chun dul i ngleic le riaráistí nó deacrachtaí airgeadais, na cinn seo a leanas an áireamh:
- Íocaíocht laghdaithe, a d’fhéadfadh a bheith níos lú nó níos mó ná ús amháin, ar feadh tréimhse ar leith
- I gcás socrú “ús amháin”, ní íocfaidh tú ach na híocaíochtaí úis ar do d’iasacht go ceann tréimhse ar leith
- Méadú sealadach ar do shaoráidí caipitil oibre i gcás ina gcomhaontófar é sin le d’iasachtóir, mar shampla, chun dul i ngleic le saincheisteanna sealadacha leachtachta
- Sos ó íocaíochtaí, áit a ndéanfaidh tú comhaontú le d’iasachtóir chun do chuid aisíocaíochtaí iasachta a chur ar athlá nó a laghdú go ceann tréimhse shocraithe.
Bíonn imthosca éagsúla ag iasachtaithe, agus dá bhrí sin, breithneoidh d’iasachtóir do chás féin agus pléifidh sé raon roghanna éagsúla leat chun cabhrú leat dul i ngleic le do chuid deacrachtaí airgeadais.
Cé gur faoi gach iasachtóir ar leith é cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar chreidmheas, agus nach bhfuil aon ról ag an mBanc Ceannais i gcinntí tráchtála na mbanc nó na n-iasachtóirí sin, tacaíonn an Banc Ceannais le soláthar creidmheasa chuig gnóthaí inmharthana.
Mura dtairgfidh d’iasachtóir socrú malartach duit, ní mór dó na cúiseanna sonracha atá leis sin a chur in iúl duit i scríbhinn.
Ina theannta sin, ní mór do d’iasachtóir a chur in iúl duit go bhfuil an ceart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh a chinnidh agus an próiseas chun déanamh amhlaidh a mhíniú duit. Ní mór do d’iasachtóir cinneadh a dhéanamh maidir le d’achomharc laistigh de 15 lá, nó mura féidir leis é sin a dhéanamh, ní mór dó a chur in iúl duit cathain a dhéanfaidh sé an cinneadh sin agus a mhíniú duit cén fáth a dtógfaidh sé tréimhse níos faide ná 15 lá.
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhainc nó an iasachtóra i ndáil le d’iarratas ar chreidmheas, féadfaidh go mbeidh an ceart agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa. Ní mór don iasachtóir tú a chur ar an eolas maidir leis an gceart sin agus sonraí teagmhála na hOifige um Athbhreithniú Creidmheasa a thabhairt duit.